Ó DHÚCHAS: An chuilt leapa gan cháim gan chnaiste gan chlár

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá píosa filíochta againn as Abhainn an Scáil ag moladh ceardaíocht álainn bhean Chiarraí

Ó DHÚCHAS: An chuilt leapa gan cháim gan chnaiste gan chlár

Cuilt Bhaile Reo

I mbaile Reo atá sí an leathan-tseoid bhreá
Is neamh-ainnis í mar scáth oíche
An chuilt leapa gan cháim gan chnaiste gan chlár
Ach í tarraingthe i bhfráma bíse
Bíonn an diamond ina lár agus í tuillte d’órnaid
Agus í oibrithe le snátha síoda
A’s molaim-se go brách an té casfar óna cáil
Ar tearmainn Sheághain agus Shíle


Níl intleacht ná stair sa tír seo le teacht
Ná fuil bainte uirthi go canta córach
Caoirigh agus ba lao lena n-ais

Flít agus arm Sheoirse
Bíonn an fia mór breac ag rince uirthi go pras
Dhá phíobadh agus dhá thachtadh ar scornaigh
A’s gurbh í ainnir bhán na gcleas do thairig féin an plean
Atá go fairsing ar fuaid na Fódhlach.


Is duine mise shiúlaigh trasna na gcúig gcúige
Sular thiteas sa chuing bhrútaigh aoise
Ó Chorcaigh na long go Daingean Uí Chúise
Cé gur fairsing é dúthaigh Dhuibhneach
Níorbh aistear liom de shiúl Caiseal agus Durlas
A’s gur i gCarraig na Siúire a bhímse
I mBaile an Reo an Ghriandain gurb ea do chonaic an t-iontas
Ag teagasc agus mé ag múineadh rince.


Sí Nóra Ní Laoghaire an bhean mhín bhéasach
Modhúil maorga múinte
Go bhfuil lasadh na gcaortha ina leaca le gréin
Mar measaim ní d’réir a dúchais
Cúl trom péarlach casta fionn gléigeal
Cóchlánach dréimreach búclach
Bíodh an méid sin agaibh ó Sheán tá a thuilleadh agaibh le fáil
Má thagann sé de bharr na Cúise

 

Eibhlín Ní Gineáith a fuair an dán seo óna sean-uncail Tomás Mac Gineáith (92), An Luachair, Abhainn an Scáil, Co Chiarraí.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An chuilt leapa gan cháim gan chnaiste gan chlár'