Bhí mé lá i gCasla a raibh farraige ann is gála mór
Céard d’fheicfinn dhul tharam ach Ceann Gainimh is é ag iompar seoil
Bhí coillteoir ina iolar is é ’féachaint anuas ón spéir
Buachaill Chill Acaill ’baint fhataí faoi mhaoir an éisc.
Chonaic mé an yacht a dhul trasna trí Árainn Mhór
Dreancaid mhara ar an locar taobh thiar agus í á gabháil
Bhí laindéar airm i mbarr a cuid slata seoil
Sé réalta an tseaca ’bhí lasadh na gcoinnle dóibh.
Chonaic mé roc i gCill Choladh is é bleán na bó
Eascann ar gor i nead iolraigh lá gála mór
Chonaic mé an seangán is é ’ciceáil míol mór i dtír
A’s Tower Chnoc an Chillín mar eggstand agus Maolra á roinnt.
Is tá an bheach is an mhíoltóg ar ancaire i mbéal na trá
Ag tóin Inis Leacan ’s nach codalach fuar an áit
Bhí sé a’ cur seaca, a’ cur sneachta as gach ceard den spéir
Dheamhan pointe go maidin nár shíl mé go mbeinn gan bád.
Ba i gcaladh i bPort Mhuirbhigh a chuir mé mo bhád ’un seoil
‘Dhul Bealach na Srathara thug mé di lán na trí scód
Scaoil mé na heangachaí siar le bun Sceirde Mór
D’éirigh an fharraige is thosaigh na crainnte a’ ceol.
Céard deir tú le Gaillimh a chuir challenge ar Chontae an Chláir
Céard deir tú le Garmna a tháinic mar fhianaise ann
Sceirde is Dún Scodall ’na seconds aniar le cóip
Mara mbacfaidh an t-achrann í, réabfaidh sí an bhuaidhe [baoi] mhór.
Chonaic mé cearc is í a’ scuitseáil lín
Chonaic mé mada is watch ina phóca thíos
Chonaic mé criogar ’s b’ait uaithi tuirne ’shníomh
Is bainne cíoch circe ag an bpuisín dhá thabhairt dá mhac.
Fuair mé nead lachan ar an mbrachlainn aréir amuigh
I ngarraí mór fada ó Charraig Uí Chaisil istigh
Sraith ceanna slat ar mhullach Mhám Éan amuigh
’S táilliúir a’ mhagaidh dhá dtarraingt ina gcléibh air sin.
Ní áirím a’ caint ar a bhfaca mé d’iontais fós
Muc mhara sa ngarraí le corrán a’ baint eorna mhór
Ní fhaca mé rud ar bith a ndéanfainn di spórt is greann
Ach Dáithí Ó Ceallaigh ar dhroim eascann in abhainn is é ’snámh.
Chonaic mé asal a’s fear marbh ina shuí ins an ród
Ní aithneodh sé a athair dá gcasfaí dó é ar an mbóthar
Leagadh ar leac é agus gortaíodh a dhroim go mór
Níor thug sé ach abhóg gur ghlan sé an Sceirde Mór.
Chonaic mé fear ins an ngealach is é ar chúl a chinn
Chaith mé fata leis a’s bhain mé an scian as a láimh
‘S má thagann sé an bealach seo bainfidh sé a shásamh díom.
Máirtín Ó Confhaola as an Lochán Beag i gConamara a d’aithris an leagan seo i 1935.
Tá leagan deas as Mín an Chearrbhaigh i nGleann Cholm Cille a bhailigh Seán Ó Caiside anseo https://www.duchas.ie/en/cbes/4428312/4393768
https://www.youtube.com/watch?v=zFaAMl7kkzk An tAmhrán Bréagach á chasadh ag Bríd Ní Mhaoilchiaráin
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Amhrán na mBréag do 2020?'