Inniu an lá is faide sa mbliain, lá mór ag an mBandia Áine

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo déanaimid an bhandia Áine a cheiliúradh le seanchas as Luimneach

Inniu an lá is faide sa mbliain, lá mór ag an mBandia Áine

Inniu an lá is faide sa mbliain, grianstad an tsamhraidh, agus bhí an-cheangal riamh ag an mBandia Áine a bhí ina cónaí i gCnoc Áine in aice le Loch Goir i Luimneach leis an lá seo. Ba í Áine bandia na gile agus na séasúr agus ba nós tinte a lasadh ina honóir agus a beannacht a lorg do na hainmhithe agus na barraí, onóir a sciob Eoin uaithi.  Seo scéal a bhí ag James Butler as an nGráinsigh, Cill Mocheallóg, i gcontae Luimnigh.

An séú hoíche den ghealach lán, thugadh daoine na heasláin ag an loch ionas go scalfadh solas na gealaí orthu. ‘Oíche an leighis’ a thugadh an seandream ar an oíche seo agus mura dtagadh biseach ar an easlán roimh an ochtú nó an naoú lá den ghealach lán, chloiseadh sé an ‘ceol sí’. Áine, an bhean sí agus sprid Loch Goir a bhíodh á chasadh le sólás a thabhairt don té a bhí ag saothrú an bháis.  Thiteadh a chodladh ar an easlán agus an suantraí á chasadh, amhrán bog an chodlata á chasadh ag Fer Fí, deartháir Áine.
Fear beag lách ab ea Fer Fí a raibh gruaig rua air agus deirtí go mbeadh an t-ádh ort dá gcloisfeá ag gáire é. Ní raibh ach trí phort aige ar an gcruit – caoineadh, codladh agus gáire nó goltraí, suantraí agus geantraí.

Fág freagra ar 'Inniu an lá is faide sa mbliain, lá mór ag an mBandia Áine'