Ó DHÚCHAS: Ar shlinn a bhíodh siad ag scríobh i gcónaí…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Bhíodh ádh ar leith ar an lánúin a phósadh mí Lúnasa

Ó DHÚCHAS: Ar shlinn a bhíodh siad ag scríobh i gcónaí…

Seanscoileanna

Roimh na scoileanna náisiúnta bhíodh scoil i scioból atá ag Máirtín Mac Donnchadha anois. Bhí páistí na háite ar fad ag teacht ann agus is ann a fuair Iníon Ní Fhlaithbheartaigh, Cill Ola a céad scolaíocht.

Máire Andrew, Maigh Uamhain, Uachtar Ard, a bhí ina múinteoir ann agus bhí go leor Gaeilge aici. Ní raibh ach aon leabhar amháin acu. Leabhar litríochta. Ar shlinn a bhíodh siad ag scríobh i gcónaí. Bhíodh an múinteoir ina suí ar stól a rinne Páidín Mac Donnchadha di. Ní bhíodh siad ag foghlaim ach léitheoireacht, scríbhneoireacht agus rudaí mar seo:

A Gabhal éadain
B Bosca
C Crú capaill
D Bow and Arrow
E Éisteacht
F Freagairt
G Glas
H Geata
I Bata
L Crúiscín cam
M Rud a d’íosfá
N Rud is cosúil
O Fáinne
P Peadar
Q Ruball an mhada
R Mar a déarfas an mada
S Eascann
T Maide croise
V dhá chompás
X Croch Chéasta
Z Géanach, agus tá sé ráite ar fad anois in éineacht

Máire Bhreathnach, Dún, Ros Cathail, a scríobh

Tomás Breathnach, Dún, Ros Cathail, a d’inis.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ar shlinn a bhíodh siad ag scríobh i gcónaí…'