Ó DHÚCHAS: Agus Lá idirnáisiúnta na mBan chugainn nach maith a thuig bean Bhaile Bhuirne gur chóir do mhná seasamh lena chéile

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Agus Lá idirnáisiúnta na mBan chugainn nach maith a thuig bean Bhaile Bhuirne gur chóir do mhná seasamh lena chéile

Bhí bean siúil ag siúl roimpi lá. Chonaic sí solas i dtigh agus cheap sí go raibh daoine ina gcónaí ann agus chuaigh sí suas agus bhuail sí cnag ar an ndoras ach níor fhreagair éinne í.

Ansin shuigh sí síos ar chloch taobh amuigh den doras agus tar éis tamaillín chonaic sí bean álainn taobh istigh den fhuinneog agus bhí rud éigin ina láimh aici.

Tháinig fear as an dtigh agus rith sé i ndiaidh na mná ach d’ardaigh an bhean an fhuinneog agus léim sí amach. Dhún sí an fhuinneog ina diaidh agus b’éigean don fhear teacht amach an doras agus rith sé ina diaidh go dtí an choill. Chuir sí pé rud a bhí ina láimh i bhfolach ann agus ansin d’imigh sí féin agus an fear as radharc na seanmhná.

Chomáin sí léi ansin agus scanradh a dóthain uirthi tar éis an rud a chonaic sí ag an seantigh. Chuaigh sí go tigh ina bhfaigheadh sí lóistín na hoíche ann go minic cheana. Bhíodar ag ithe an tsuipéir roimpi agus fuair sí báisín tae uathu agus blúire maith císte uachtair. Nuair a bhí sí críochnaithe, do bhain sí di a clóca agus shuigh sí cois na tine agus d’inis an scéal go léir dóibh.

Ní raibh aon ionadh ar bhean an tí. Dúirt sí gur mhinic a chonaic daoine eile an rud céanna agus d’inis sí an scéal mar a tharla.

Dúirt gurbh amhlaidh a pósadh beirt.  Bhí spré mhór ag an mhnaoi agus ní raibh sé de chead ag an bhfear aon lámh a chur uirthi agus bhí an-fhearg air.

Bhí an bhean ag fáil bháis agus rinne sí uachta agus is ag a hiníon a d’fhág sí an t-airgead go léir. Ach bhí an t-airgead i bhfolach agus ní raibh a fhios ag aoinne cá raibh sé.

Dúirt bean an tí gurb é an fear a bhí ag teacht fós i ndiaidh na mná agus dúirt sí gur san áit sin a chonaic an tseanbhean í ag cur an ruda a bhí ina lámh aici i bhfolach a bhí an t-airgead fágtha aici ag an iníon. Dúirt sí léi dá bhfaigheadh an tseanbhean an iníon a insint di go raibh a fhios aici cár chuir sí an t-airgead.

Tar éis cúpla lá a chaitheamh sa tigh sin, dúirt sí go gcaithfeadh sí bheith ag siúl léi arís agus go mb’fhéidir go mbuailfeadh iníon na mná a chonaic sí an oíche sin uirthi. Ghluais sí chun bóthair arís agus chonaic sí capall ar an mbóthar roimpi agus bhí sí ag iarraidh teacht suas leis chun marcaíocht d’fháil.

Bhí sí ag féachaint orthu agus os comhair a súl amach rith an capall agus chaith sé an cailín amach ar an mbóthar. Cheap an bhean siúil go raibh sí marbh ach nuair a tháinig sí suas chuici ní raibh sí agus tite i laige agus bhí a ceann gortaithe.

Bhí ionadh agus alltacht ar an tseanbhean nuair a chonaic sí cé a bhí ann, mar ba í an bhean a chonaic sí an oíche úd ina steillbheatha í. Thosnaigh sí a d’iarraidh í a thabhairt chuici féin agus ansin d’inis sí an scéal di agus dúirt an cailín léi go raibh sí chun pósadh ach ná raibh a fhios aici cár chuir a máthair an spré a d’fhág sí le huacht aici.

Suas leis an tseanbhean agus d’inis sí an scéal de gach a bhfaca sí ag an dtigh agus d’inis sí don chailín cár chuir a máthair an rud a bhí ina láimh aici. Ansin chuaigh an cailín agus an buachaill go dtí an áit a chonaic sí an bhean agus do fuaireadar an t-airgead agus do pósadh an bheirt.

Bhí cóisir mhór acu agus bhí an tseanbhean ann agus d’fhan sí cúpla mí ann agus ansin ghluais sí chun bóthair arís.

Seán Ó Luasaigh (63) An Cheapach Thoir, Múscraí Thiar, Contae Chorcaí.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Agus Lá idirnáisiúnta na mBan chugainn nach maith a thuig bean Bhaile Bhuirne gur chóir do mhná seasamh lena chéile'