Ó DHÚCHAS: Ag mún fút? Beir ar luch fhéir agus bruith i leamhnacht í…

Is beag anó nach bhfuil luibh nó leigheas ar fáil dó ar dúchas.ie, mar a léirítear sa tríú cuid de shraith trí alt

Ó DHÚCHAS: Ag mún fút? Beir ar luch fhéir agus bruith i leamhnacht í…

Buinneach: Duilleoga na drise a fhiuchadh ar bhainne agus é a ól. An rúta atá ar chopóg sráide a fhiuchadh agus an sú a ól. Colúr a mharú, a bhruith agus an t-anraith a ól. Méara Muire a bhruith agus an sú a ól. Sáigh an tlú te bruite síos i ngloine pórt/pórtfhíona agus ól suas é, sin nó déan an rud céanna le muigín leamhnachta. In iarann te an tlú a ceapadh an leigheas. Ruainne den bhiabhóg nó an rúbarb a ithe. Bileog páipéar bán a fhiuchadh ar leamhnacht agus é a ól.  Tá an t-airgead luachra molta do na duáin agus leis an mbuinneach a leigheas i leanaí. 

Trithí/spaspas: Beir ar chosa an pháiste agus croch bunoscionn san aer é, bain cúpla croitheadh as agus beidh sé togha.

Fuachtáin: Ola mhór nó pairifín a chuimilt do na fuachtáin nó na fochmaí. Oinniún agus salann a chuimilt dóibh. Vasailín agus mustard a chur orthu. Na cosa a níochán in uisce bog agus salann Glauber nó salann Epson ann.  Cuir ceirín ros lín agus blonag nach bhfuil saillte leis na fuachtáin.  

Tinneas Duán: Stobhach a dhéanamh den pheirsil agus é a ithe agus glanfaidh sé amach iad. Airgead luachra a bhruith agus an sú a ól.

Cliabhrach tinn: Ceirín meacan compair a chur leis. 

Casacht: Ros lín a fhiuchadh in uisce agus siúcra candaí a chur tríd agus é a ól te cúpla uair sa lá. Is féidir deoch a dhéanamh as bileoga seimre chomh maith. Sú cabáiste go maith leis an gcasacht a chur díot. Deoch the a dhéanamh den tseamair dhearg.

Plúchadh agus broincíteas: Biolar a níochán go maith ceathair nó cúig d’uaireanta agus é a bhruith in uisce ar feadh leathuaire. Coinnigh buidéal de sa teach agus ól gloine de ar do chéalacan ar maidin agus glanfaidh sé an réama den chliabhrach agus tabharfaidh sé fuarú duit ón bplúchadh. Is féidir é a ithe fuar freisin ach contúirt fiabhras ballach nó tíofas leis mar gur minic leis fás in uisce marbh. Bain é  in uisce atá ag rith. 

An aois: Más leat bláth na hóige a chur ar chraiceann rocach measc geir collaigh agus bláthanna bainne bó bleachtáin le chéile agus beidh tú i do bhrín óg. 

Scoilteacha/daitheacha: Neantóga a fhiuchadh agus geir a mheascadh leo agus ceirín díobh a chur leis an bpian. Mustard a bhaint ar an bportach agus é a chur leis an bpian. Dófaidh sé an phian tar éis cúpla lá. Planda eile a bhfuil leigheas na bpianta cnámh ann is ea an pónaire chorraigh. Is maith é an soilire bruite nó fuar do na cnámha leis. Gairleog curtha leis an gcéadrith den phoitín leigheas eile atá le moladh.

Iompú goile: Biolar a ghearradh suas agus é a bhruith ar bhainne. Sú leath líomóide in uisce fiuchta agus gráinne siúcra air a ól. Leigheas maith leis an mbolg a chiúnú é sú lus an phiobair.  

Droch-chroí: [sláinte seachas meon atá i gceist] Pioc bláthanna agus gais an chaisearbháin, nigh iad agus bruith in uisce iad agus ól an tae atá go maith don bholg agus don intinn. Pioc caisearbhán úr agus brúigh é idir adhmad agus cloch agus ól an sú ar éirí duit ar maidin. 

Fadharcáin is buinneáin: Duilleog an eidhneáin a chuimilt den bhall tinn. Na cosa a chur ar bogadh in uisce bog is feamainn ann. 

Mún fút: Don pháiste nach bhfuil coinneáil a chuid uisce aige ina chodladh beir ar luch fhéir agus bruith i leamhnacht í. Síothlaigh an bainne agus tabhair don pháiste le n-ól é. 

An daorghalar: Glanfaidh lus an fhíocais an daorghalar. Bain an planda, nigh go maith é agus fiuch i mbainne é agus ól gloine de chuile mhaidin agus beidh faoiseamh ag do thóin. D’fhéadfá an lus a róstadh i mblonag freisin agus é a chur ar an anó. Fiuch fréamh an chogail agus ól an t-uisce. Bruith neantóga óga ar feadh uair go leith agus cuir mar cheirín iad leis an daorghalar. Sáigh píosa d’oinniún i do thóin agus leigheasfaidh sé an galar. 

Suaitheadh intinne: Oinniún fuar a ithe. Bainne gabhair. Fíon a dhéanamh as léine Mhuire nó an biolar gréagáin agus leannlusanna, fraocháin nó airní agus é a ól. Duilleoga caisearbháin, broimfhéir is maróis a bhruith agus an sú a ól. Rútaí raithní a bhruith agus an sú a ól. Tá suaimhneas sa leitís agus piolla maith suain slám di a ithe le titim na hoíche. Duilleoga sáiste amhlaidh – iad a fhágáil ar bogadh in uisce bog agus gloine di a ól rialta. 

Péisteanna: Ith scadán saillte, téigh go dtí loch agus tosaigh ag ól uisce go léimfidh na péiste amach as do bhéal. 

CUID 1

Ó DHÚCHAS: Is beag anó nach bhfuil luibh nó leigheas ar fáil dó ar dúchas.ie 

CUID 2

Ó DHÚCHAS: An leigheas ar dhó croí? Duilleoga nóinín a ithe i dtús na bliana…

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ag mún fút? Beir ar luch fhéir agus bruith i leamhnacht í…'