Bhí Séamaidh Ó hÉireain ina chónaí ar an bhaile seo i bhfad ó shin. Ní raibh sa teach ach é féin agus a mháthair agus mar bhí sise ag éirí ró-aosta le gnaithí an toighe a choimhéad feasta. Sé an rud a leag siad amach gurbh fhearr dhó bean a thabhairt isteach roimh an Inid. Ach cá bhfaighfí bean a d’fhóirfeadh, bean a bheadh cineálta, foighdeach leis an tseanbhean agus nach mbeadh caifeach?
Bean stuama a bhí sa mháthair agus sé an rud a leag sí amach go mbeadh meitheal sníomhacháin acu sa teach. Bheadh cailíní óga an bhaile uilig ann agus b’fhurasta rogha agus togha a fháil san iomlán.
Bhí sin acu, meitheal mhór ó dhoras go tine. Bhí an tseanbhean ar a coimhéad rith an ama agus fá dheireadh na hoíche thit a crann ar thriúr acu ach ní thiocfadh léi déanamh amach cé acu seo ab fhóirsteanaí mar bhean chéile dá mac.
Chuaigh sí agus thug sí léi cuta [íorna] snáithe a bhí ina ghréasán, bhí sé chomh haimhréití sin. Thug sí do dhuine don triúr é le tochardadh [tochras] ina cheirtlín ach ní raibh dul aici dada a dhéanamh de agus chaith sí uaithi é.
Níor éirigh leis an darna cailín dada níos fearr. Ach choinnigh an tríú bean leis go foighdeach gur réitigh sí é de réir a chéile agus go ndearna sí ceirtlín deas cúirialta de.
Nuair a bhí an teach réitithe agus fúthu féin an oíche sin. “Sin do bhean anois,” arsa an mháthair, “An cailín a réitigh an cuta snáithe agus má ghníonn tú do leas déanfaidh tú cleamhnas léi.”
Rinne agus chruthaigh sí go maith.
Siubhán Ní Dhochartaigh, a bhí i Scoil Chineál Conaill i nGarbhachadh i dTír Chonaill, a fuair an seanchas seo ó Sheán Ó Cráimhsigh
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ach cá bhfaighfí bean a d’fhóirfeadh, bean a bheadh cineálta foighdeach leis an tseanbhean?'