Ó DHÚCHAS: Cá bhfaighfí bean a d’fhóirfeadh? Seo agaibh ‘Tinder’ Conallach le bean a phiocadh…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá Tinder Conallach againn le bean a phiocadh…

Ó DHÚCHAS: Cá bhfaighfí bean a d’fhóirfeadh? Seo agaibh ‘Tinder’ Conallach  le bean a phiocadh…

Pictiúr: dúchas.ie

Bhí Séamaidh Ó hÉireain ina chónaí ar an bhaile seo i bhfad ó shin. Ní raibh sa teach ach é féin agus a mháthair agus mar bhí sise ag éirí ró-aosta le gnaithí an toighe a choimhéad feasta, is é an rud a leag siad amach gurbh fhearr dhó bean a thabhairt isteach roimh an Inid. Ach cá bhfaighfí bean a d’fhóirfeadh, bean a bheadh cineálta, foighdeach leis an tseanbhean agus nach mbeadh caifeach?

Bean stuama a bhí sa mháthair agus sé an rud a leag sí amach go mbeadh meitheal sníomhacháin acu sa teach. Bheadh cailíní óga an bhaile uilig ann agus b’fhurasta rogha agus togha a fháil san iomlán.

Bhí sin acu, meitheal mhór ó dhoras go tine. Bhí an tseanbhean ar a coimhéad rith an ama agus fá dheireadh na hoíche thit a crann ar thriúr acu ach ní thiocfadh léi déanamh amach cé acu seo ab fhóirsteanaí mar bhean chéile dá mac.
Chuaigh sí agus thug sí léi cuta {íorna} snáithe a bhí ina ghréasán, bhí sé chomh haimhréití sin. Thug sí do dhuine den triúr é le tochardadh [tochras] ina cheirtlín ach ní raibh dul aici dada a dhéanamh de agus chaith sí uaithi é.
Níor éirigh leis an darna cailín dada níos fearr. Ach choinnigh an tríú bean leis go foighdeach gur réitigh sí é de réir a chéile agus go ndearna sí ceirtlín deas cúirialta de.

Nuair a bhí an teach réitithe agus fúthu féin an oíche sin, arsa an mháthair: “Sin do bhean anois, an cailín a réitigh an cuta snáithe agus má ghníonn tú do leas déanfaidh tú cleamhnas léi.”

Rinne agus chruthaigh sí go maith.

Siubhán Ní Dhochartaigh, a bhí i Scoil Chineál Conaill i nGarbhachadh i dTír Chonaill, a fuair an seanchas seo ó Sheán Ó Cráimhsigh 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cá bhfaighfí bean a d’fhóirfeadh? Seo agaibh ‘Tinder’ Conallach le bean a phiocadh…'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Scéal iontach é seo. Nach bhfuil an lámh scríobhnóireacht go hiontach freisin. Bean cliste ab ea í an Máthair – ní fheadar an mbeadh Tinder an dúthslán céanna a chur amach inniu?