Ó Dharndál go Nua-Eabhrac le beirt a ghoidfeadh an chros den asal

Ar ‘Nothing to Declare’ insíodh scéal eachtrúil áiféiseach go héadromchroíoch  

Ó Dharndál go Nua-Eabhrac le beirt a ghoidfeadh an chros den asal

I nDarndál, sa Chúlóg, i mBaile Átha Cliath na bliana 1985 d’ordaigh máthair dá mac deich mbliana d’aois gan imeacht rófhada ón tigh mar go raibh a dhinnéar nach mór ullamh. 

Níor thug Keith Byrne aon toradh ar a mháthair agus bhailigh sé féin agus a chompánach Noel Murray, a bhí trí bliana déag, leo. Laistigh de chúpla lá bhíodar i Nua-Eabhrac. Tá scéal na beirte glice, seiftiúla seo chomh heachtrúil, áiféiseach le rud a chífeá ar Disney. Tháinig an clár faisnéise raidió iontach faoin scéal, Don’t Go Far, chugainn in 2010. Bhí Keith páirteach sa saothar sin ach ní raibh Noel. Tá an bheirt acu páirteach sa chlár faisnéise Nothing To Declare (RTÉ 1, Dé Máirt). Cé nach bhfuil mórán úrnua anseo dóibh siúd a bhfuil an clár raidió cloiste acu tugann an clár 40 nóiméad faoin scéal taitneamhach, greannmhar seo go hanamúil agus is reacairí croíúla iad an bheirt fhear mheánaosta.

Tá neart ábhar cartlainne sa chlár ó RTÉ óir go raibh cad é bús faoin scéal nuair a tuigeadh gur éirigh leis an mbeirt éalú isteach ar an DART agus ar bhád ó Dhún Laoghaire go Caergybi (Holyhead). Dheineadar an beart as san go haerfort Heathrow agus creid é nó ná creid d’éalaíodar isteach ar eitilt Air India go JFK Nua-Eabhrac. A leithéid de bheartaíocht. 

Ag tosach an chláir insíodh dúinn faoi chruatan an tsaoil i nDárndál na tréimhse sin agus cuirtear abhaile orainn i rith an chláir go rabhadar seiftiúil, glic agus go ngoidfidís an chros den asal. Bhíodar coráistiúil agus chomh haerach le meannáin. An rud is iontaí faoin scéal ná an tslí go ndeineadar file caoch d’fhostaithe agus foirne slándála na modhanna taistil éagsúla; dream Heathrow ach go háirithe. Cuireadh an tsúil ribe orthu sa deireadh nuair a tháinig amhras ar phóilín Meiriceánach a bhí in JFK. Go deimhin déanann an bheirt phóilíní seo dreas deas cainte i rith an chláir. 

D’imigh rudaí chun seoigh ar fad i Meiriceá agus gunnaí á láimhseáil acu, lóistín in óstán cúig réalt curtha ar fáil dóibh agus an seodra a ghoideadar in Heathrow á dhíol acu leis na daoine fásta a bhí ina bhfeighil. Ní fhéadfá a leithéid a chumadh. Thuigeadar cé chomh tromchúiseach is a bhí an scéal nuair a bhí an aerlíne agus dream slándála ag iarraidh a fháil amach conas mar a chuireadar an dallamullóg ar dhaoine. Ba mhór an náire dóibh é. Cuimhnigh chomh maith gur maraíodh breis agus trí chéad duine tamall roimhe sin nuair a phléasc eitleán de chuid Air India amach ó chósta thiar theas na tíre.

Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimh an mbeirt nuair a thángadar abhaile agus cé go raibh faoiseamh ag a dtuismitheoirí is dócha go rabhadar le ceangal chomh maith.

Bogann an clár 40 nóiméad seo ar aghaidh ar luas breá agus ionchur na beirte cniotáilte go nádúrtha le chéile. Cé go bhfuil an clár éadromchroíoch agus greannmhar bhí casadh beag sa deireadh nuair a chuir Noel in iúl go raibh fadhbanna aige le drugaí i rith a shaoil agus nach bhfuil sé ar a bhonnaibh le ceart ach le beagán sa bhreis ar bhliain go leith. 

Scéal eachtrúil, áiféiseach na n-ógánach seiftiúil inste go héadromchroíoch. Nach breá an scannán a dhéanfadh sé? 

Fág freagra ar 'Ó Dharndál go Nua-Eabhrac le beirt a ghoidfeadh an chros den asal'