Ó Cúláin ag dul ar scor agus é molta as Údarás na Gaeltachta a thabhairt slán ó ‘thréimhse chorraitheach’

Thug Cathaoirleach Bhord an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, le fios ar maidin go raibh Aire Stáit na Gaeltachta curtha ar an eolas aici faoi chinneadh Steve Uí Chúláin dul ar scor

Ó Cúláin ag dul ar scor agus é molta as Údarás na Gaeltachta a thabhairt slán ó ‘thréimhse chorraitheach’

Tá moladh tugtha ag Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta do Phríomhfheidmeannach na heagraíochta, Steve Ó Cúláin, agus é fógartha aici go bhfuil fear an Spidéil ag éirí as.

Thug Cathaoirleach an Bhoird, Anna Ní Ghallachair, le fios ar maidin go raibh tús curtha leis an bpróiseas earcaíochta chun teacht ar Phríomhfheidhmeannach nua agus go raibh Aire Stáit na Gaeltachta curtha ar an eolas aici faoi chinneadh Uí Chúláin éirí as.

Is ar an 31 Bealtaine, tráth a mbeidh deireadh lena chonradh, a ardóidh Steve Ó Cúláin, arb as Both Chuanna ar an Spidéal dó ó dhúchas, a sheolta agus 37 bliain  tugtha aige ag obair san eagraíocht fiontraíochta Gaeltachta.

Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar an Údarás ag “tréimhse chinniúnach”, a dúirt Anna Ní Ghallachair.

“Tá Steve Ó Cúláin ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ó bhí 2012 ann. Tréimhse chinniúnach chorraitheach don Údarás a bhí ann, le cúraimí breise, laghduithe buiséid agus éiginnteacht.

“Ach tháinig an eagraíocht slán faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh agus tá sí réidh le tabhairt faoi na dúshláin nua atá roimpi le hugach agus le dóchas; molann an obair an saor. Tá an Bord, foireann an Údaráis,  pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge go mór faoi chomaoin aige,” a dúirt an Cathaoirleach.

Ghlac sí “buíochas ó chroí” leis an bPríómhfheidhmeannach agus ghuigh sí “gach rath” air thar a ceann féin agus thar ceann na gcomhaltaí Boird.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 níos túisce an tseachtain seo gur socraíodh ag cruinniú de chuid an Bhoird Dé hAoine seo caite go gcuirfí leis an bpróiseas earcaíochta do phost an Phríomhfheidhmeannaigh.

Dúirt Anna Ní Ghallachair ar maidin gur phléigh na comhaltaí Boird an scéal.

“Mar thoradh ar an litir a fuair mé ón Phríomhfheidhmeannach ag rá go mbeadh sé ag éirí as a phost nuair a bheadh a chonradh istigh, bhí comhráití príobháideacha againn mar chomhaltaí Boird an tseachtain seo caite.  D’aontaíomar tús a chur leis an phróiseas atá leagtha síos chun Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh.

“Ar an ábhar sin, tá comhfhreagras seolta agam chuig Aire Stáit na Gaeltachta chun cinneadh an Phríomhfheidhmeannaigh a chur in iúl dó agus tús a chur le próiseas chun comharba a cheapadh don phost,” a dúirt sí.

 

Fág freagra ar 'Ó Cúláin ag dul ar scor agus é molta as Údarás na Gaeltachta a thabhairt slán ó ‘thréimhse chorraitheach’'