Ó Cuív ainmnithe ina urlabhraí Gaeltachta ag Fianna Fáil

D’fhógair Fianna Fáil a mbinse tosaigh nua i dTeach Laighean tráthnóna agus fógraíodh go mbeadh an t-iar-aire ina urlabhraí gnóthaí forbartha réigiúnaí, tuaithe agus Gaeltachta

 

Éamon Ó Cuív
Éamon Ó Cuív

Is é Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, atá ainmnithe ina urlabhraí Gaeltachta ag Fianna Fáil.

Beidh an t-iar-aire Gaeltachta ina urlabhraí gnóthaí forbartha réigiúnaí, tuaithe agus Gaeltachta ar bhinse tosaigh an pháirtí.

Thug Ó Cuív tréimhse roimhe seo ina urlabhraí talmhaíochta ag an bpáirtí ach ba é is mó a bhí ag plé le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta d’Fhianna Fáil sa 31ú Dáil.

Is é an Teachta Dála Thomas Byrne, a labhrann go minic faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, a bheidh ina urlabhraí oideachais ag an bpáirtí sa Dáil nua.

D’fhógair Fianna Fáil a mbinse tosaigh nua i dTeach Laighean tráthnóna.

Tá Teachta Dála eile a bhfuil líofacht sa Ghaeilge aige, Dara Calleary as Maigh Eo, ainmnithe ina urlabhraí ar ghnóthaí caiteachais phoiblí agus athchóirithe.

Fág freagra ar 'Ó Cuív ainmnithe ina urlabhraí Gaeltachta ag Fianna Fáil'