Iarchoimisinéir teanga agus iarcheannasaí ceardchumainn ar an mbord agallaimh do phost mór TG4

Cuireadh tús inné leis an bpróiseas agallaimh don phost is sinsearaí i saol na teilifíse Gaeilge

Iarchoimisinéir teanga agus iarcheannasaí ceardchumainn ar an mbord agallaimh do phost mór TG4
Seán-Ó-Cuirreáin
Seán Ó Cuirreáin

Cuireadh tús inné leis an bpróiseas agallaimh do phost an Ard-Stiúrthora i TG4. Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an tIar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin agus an t-iarcheannasaí ceardchumainn Des Geraghty ina measc siúd atá ar an mbord agallaimh don phost is sinsearaí i saol na teilifíse Gaeilge.

Is iad na daoine eile atá ar an mbord agallaimh ná Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord TG4, Bríd Falconer, oideachasóir agus ball de Bhord TG4 agus Robert Mac Giolla Phádraig ón gcomhlacht earcaíochta Sigmar Recruitment.

Ní fios cé atá istigh ar an bpost, ach ó d’fhógair Pól Ó Gallchóir an mhí seo caite go raibh sé ag éirí as is iad na daoine is mó atá á lua leis ná Alan Esslemont ó BBC Alba, Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4, Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Ceannachán agus Aschuir TG4, agus Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ.

Des Geraghty
Des Geraghty

Tá Pól Ó Gallchóir ag éirí as a phost mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 ar an 30 Meán Fómhair tar éis dó 16 bliain a thabhairt ina cheannasaí ar an stáisiún Gaeilge.

Ba in Aibreán na bliana 2000 a ghlac Pól Ó Gallchóir stiúir ar TG4 nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar Chathal Goan, ceannasaí bunaithe na seirbhíse teilifíse a bheidh ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód Oíche Shamhna.

Fág freagra ar 'Iarchoimisinéir teanga agus iarcheannasaí ceardchumainn ar an mbord agallaimh do phost mór TG4'