Ó Clochartaigh roghnaithe ag Sinn Féin le seasamh don Seanad

Tá ainmniúchán faighte freisin ag Pádraig Mac Lochlainn, an t-iarTheachta Dála a chaill a shuíochán i nDún na nGall, agus ag iarMhéara Bhéal Feirste, an Gaeilgeoir aitheanta Niall Ó Donnghaile.

Trevor Ó Clochartaigh
Trevor Ó Clochartaigh

Tá ainmniúchán a pháirtí do thoghchán an tSeanaid faighte ag Trevor Ó Clochartaigh. Tá an Seanadóir as Conamara i measc seachtair ó Shinn Féin a bheidh san iomaíocht i dtoghchán an tSeanaid ag deireadh na míosa seo chugainn.

Tá ainmniúchán faighte freisin ag Pádraig Mac Lochlainn, an t-iarTheachta Dála a chaill a shuíochán i nDún na nGall, agus ag iarMhéara Bhéal Feirste, an Gaeilgeoir aitheanta Niall Ó Donnghaile.

Dúirt Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sé “thar a bheith bródúil” go bhfuil an t-ainmniúchán faighte aige.

Cé gur tháinig méadú ar a vóta in Olltoghchán 2016, níor éirigh leis suíochán Dála a fháil an mhí seo caite nuair a cuireadh as an áireamh é tar éis an cheathrú comhaireamh déag i nGaillimh Thiar.

Fág freagra ar 'Ó Clochartaigh roghnaithe ag Sinn Féin le seasamh don Seanad'