Ó Clochartaigh ag súil le filleadh ar an Seanad agus ainmniúchán a pháirtí á lorg aige

Trevor Ó Clochartaigh den tuairim go mbeadh suíochán Dála buaite aige murach ‘ionsaí nimhneach’ na meán ar Shinn Féin agus sheasfadh sé in olltoghchán eile ach ainmniúchán a fháil

Trevor Ó Clochartaigh ag plé cúrsaí le iarrthóír eile John Connolly.
Trevor Ó Clochartaigh (SF) ag plé cúrsaí le John Connolly (FF) agus na vótaí á gcomhaireamh i nGaillimh Dé Sathairn Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá sé ráite ag Trevor Ó Clochartaigh, an Seanadóir de chuid Shinn Féin nár éirigh leis i nGaillimh Thiar san olltoghchán, go mbeidh ainmniúchán á lorg óna pháirtí aige do thoghchán an tSeanaid a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.

Cé gur tháinig méadú ar a vóta in Olltoghchán 2016, níor éirigh le Ó Clochartaigh suíochán Dála a fháil an tseachtain seo caite agus cuireadh as an áireamh é tar éis an cheathrú comhaireamh déag i nGaillimh Thiar.

Níl suíochán Dála buaite i nGaillimh Thiar ag Sinn Féin ó laethanta bunaithe an stáit, ach tá an Seanadóir as an gCeathrú Rua, den tuairim go bhfuil “áit ann dá pháirtí” sa dáilcheantar.

“Sílim go bhfuil áit ann do Shinn Féin. Bhí muid fíor-ghar don suíochán Dála an uair seo agus dá dtitfeadh na haistriúcháin ar bhealach eile, bheadh an suíochán buaite againn.

“Tá an chosúlacht air, faraor, gur éirigh leis an ionsaí nimhneach a rinneadh sna meáin orainn [Sinn Féin] le linn an fheachtais. Níor chuidigh sé linn ar aon chaoi, agus tá mise den tuairim go mbeadh mé tofa murach sin.”

Ba chóir a chur san áireamh, freisin, a dúirt sé, go raibh dianchoimhlint ann i nGaillimh Thiar.

“Caithfear cuimhneamh go raibh iomaíocht an-láidir ann le hÉamon Ó Cuív i bhFianna Fáil agus le Seán Kyne i bhFine Gael, beirt atá an-láidir i gConamara. Bhí inneall maith toghchánaíochta faoi Catherine Connolly sa chathair freisin. Ar deireadh thiar, tháinig sé síos go líon beag vótaí,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Clochartaigh go mbeadh an-spéis aige seasamh arís don Dáil sa chás go ndéanfaí olltoghchán eile a ghairm ach an t-ainmniúchán a fháil ó choinbhinsiún an pháirtí. Ní thagann sé leis an tuairim go mba bhotún a bhí ann gan iarrthóir eile a bheith ag Sinn Féin sa chathair.

“Ní dóigh liom gur bhotún a bhí ann, fuair muid aistriúcháin an-mhaith ón gcathair ó pháirtithe éagsúla agus iarrthóirí neamhspleácha. Rinne Maigh Eo Theas an-difríocht dúinn. Ba iad vótaí Mhaigh Eo a chuir as an áireamh muid dáiríre, mar ba vóta láidir Fine Gaelach a bhí ann. Fuair mé vóta réasúnta trasna an dáilcheantair agus caithfidh muid breathnú ar Mhaigh Eo Theas cinnte.

“Dá mbeadh an dara hiarrthóir ann, shamhlóinn féin go scoiltfeadh sé an vóta agus nach bhfaigheadh muid na vótaí céadrogha céanna agus a fuair muid Dé hAoine,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin gur údar iontais dó gur thug an oiread sin de lucht tacaíochta Pháirtí an Lucht Oibre vóta dara rogha d’Fhine Gael.

Beidh Trevor Ó Clochartaigh ina Sheanadóir go dtí go dtoghfar Seanad nua. Beidh méadú suntasach ar líon na Seanadóirí a bheidh ag Sinn Féin sa chéad Seanad eile agus ardú mór tagtha ar líon na dTeachtaí Dála acu agus líon na mball atá acu ar na húdaráis áitiúla.

Ard-Chomhairle Shinn Féin a dhéanfaidh cinneadh faoi na baill den pháirtí a ainmneofar do thoghchán an Seanaid. Meastar go dtabharfar ainmniúchán don toghchán sin do Phádraig Mac Lochlainn (SF) a chaill a shuíochán i ndáilcheantar Dhún na nGall san olltoghchán.

Fág freagra ar 'Ó Clochartaigh ag súil le filleadh ar an Seanad agus ainmniúchán a pháirtí á lorg aige'

  • Ailbhe Ní Riada

    “tháinig sé síos go líon beag vótaí” – I gcead do Hildegarde Naughton bhí sí os cionn 1,000 vóta chun cinn ar Threvor, ní dóigh liom go bhféadfaí “líon beag” a thabhairt air sin!

    “fuair muid aistriúcháin an-mhaith ón gcathair ó pháirtithe éagsúla agus iarrthóirí neamhspleácha” – nárbh shin í an fhadhb a bhí aige Trevor sa gcéad áit, nach raibh a dhóthain transfers aige i gcomórtas le hiarrthóirí na cathrach?

    An-mheas agam air mar dhuine ach tá Trevor amú go mór san méid a deir sé thuas. Níor mhór dhó 1,300 first preferences breise bheith aige ar a gcéad chomháireamh leis an suíochán a thabhairt leis. Gan chomhleacaí tá sé i bhfad ró-transfer toxic le bheith ag brath orthu….