Ó Chicago go Tóiceo – buaicphointí agus ísealphointí ré Joe Schmidt

Cé gur tháinig droch-chríoch le ré Joe Schmidt ina chóitseálaí ar Éirinn, níl aon amhras ach gur éirigh níos fearr le foireann na hÉireann faoina cheannas ná mar a d’éirigh leo faoi cheannas bainisteoir ar bith eile a tháinig roimhe

Ó Chicago go Tóiceo – buaicphointí agus ísealphointí ré Joe Schmidt

Joe Schmidt i ndiaidh an chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Tháinig deireadh le ré Joe Schmidt mar chóitseálaí ar fhoireann na hÉireann ag an deireadh seachtaine nuair a theip arís eile ar an bhfoireann i mbabhtaí ceathrú ceannais Chorn an Domhain.

Sé bliana atá caite ag an Nua-Shéalannach i gceannas ar Éirinn agus cé gur tháinig droch-chríoch leis an seal atá caite aige leis an bhfoireann, níl aon amhras ach gur éirigh níos fearr le foireann na hÉireann faoi cheannas Schmidt ná mar a d’éirigh leo faoi cheannas aon bhainisteora eile a tháinig roimhe.

Buaicphointí

Imreoirí na hÉireann ag ceiliúradh in 2015. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Craobhacha na Sé Náisiún 2014 & ‘15

Bhí Schmidt i bhfeighil ar fheachtas i gCraobh na Sé Náisiún den chéad uair in 2014 agus d’éirigh go maith le foireann na hÉireann. Bhí buanna cumasacha acu ar Albain agus ar an mBreatain Bheag sa chéad dá chluiche agus cé gur chaill siad i gcoinne Shasana i Twickenham, bhuaigh siad ar an bhFrainc i bPáras sa chluiche deireanach chun an chraobh a bhuachan den chéad uair ó 2009.

Thug Éire an chraobh leo an bhliain dár gcionn chomh maith. Ba ghá Albain a bhualadh le breis agus 21 pointe sa chluiche deireanach chun an chraobh a bhaint agus d’éirigh leo é sin a dhéanamh. 40-10 an scór a bhí ann agus bhí an chraobh acu don dara bliain as a chéile, gaisce nach raibh déanta ag Éirinn ó na 1940í.


Jared Payne ag scóráil i gcoinne na hAfraice Theas. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

An Afraic Theas 20-26 Éire – 11 Meitheamh, 2016

Ní raibh cluiche i gcoinne na hAfraice Theas buaite riamh ag Éirinn san Afraic Theas roimh an gcluiche seo. Scóráil Jared Payne úd d’Éirinn luath sa choimhlint ach buaileadh drochbhuille orthu tar éis 22 nóiméad nuair a cuireadh CJ Stander den pháirc.

Cé go raibh fear sa bhreis ag an Afraic Theas ar feadh uair an chloig, theip orthu na hÉireannaigh a shárú. D’aimsigh Conor Murray úd eile agus shlánaigh Paddy Jackson cúpla cic éirice agus bhí Éire ag ceiliúradh bua stairiúil.


Donnacha Ryan i ndiaidh an bhua in aghaidh na Nua-Shéalainne in 2016. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Éire 40-29 An Nua-Shéalainn – 5 Samhain, 2016

Cluiche stairiúil eile in 2016. Thug na hÉireannaigh aghaidh ar an Nua-Shéalainn i Chicago mí na Samhna agus iad ag iarraidh na All Blacks a chloí den chéad uair.

Bhí Éire seacht bpointe dhéag chun tosaigh ag leath ama ach murab ionann is cluiche 2013, níor chlis orthu nuair a tháinig an Nua-Shéalainn ar ais sa choimhlint. Scóráil Robbie Henshaw an t-úd cinniúnach chun na Nua-Shéalannaigh a chur de dhroim seoil agus chun tús a chur leis an gceiliúradh.


Foireann na hÉireann ag ceiliúradh an ‘Slam’ i Twickenham. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Craobh na Sé Náisiún 2018

Chuir Éire tús iontach le feachtas 2018 nuair a scóráil Jonathan Sexton preabchic ag fíordheireadh an chluiche i gcoinne na Fraince chun an bua a thabhairt d’Éirinn. Bhí foireann Schmidt ar fheabhas i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus iad i gcoinne na hIodáile, na Breataine Bige agus na hAlban.

D’fhág sé sin go mbeadh an ‘Slam’ acu chomh fada agus go bhfaigheadh siad an ceann is fearr ar Shasana in Twickenham ar Lá Fhéile Pádraig. Bhí na hÉireannaigh i bhfad rómhaith dá gcéilí comhraic an lá sin agus bhí siad i gceannas ar chúrsaí ón tús. Bhí siad sé phointe dhéag chun tosaigh ag leath ama agus cé nár scóráil siad ach cic éirice amháin sa dara leath, bhí an beart déanta acu agus an ‘Slam’ tugtha leo acu don tríú huair riamh.


‘CJ Stander ag scóráil in aghaidh na hAstráile. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Camchuairt san Astráil 2018

D’imigh foireann na hÉireann ó neart in 2018. Chuaigh siad go dtí an Astráil samhradh na bliana sin chun trí chluiche a imirt i gcoinne na foirne baile. Cé gur chaill Éire an chéad chluiche, thug siad leo an dá chluiche eile chun sraith chluichí a bhuachan san Astráil den chéad uair riamh.


Jacob Stockdale tar éis dó úd a scóráil i gcoinne na Nua-Shéalaine. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Éire 16-9 An Nua-Shéalainn – 17 Samhain, 2018

Thóg sé 111 bliain ar Éirinn an ceann is fearr a fháil ar an Nua-Shéalainn ach níor thóg sé ach dhá bhliain eile chun na All Blacks a shárú arís. Scóráladh seacht n-úd sa chluiche idir na foirne i Chicago ach bhí an cluiche seo i Staid Aviva i bhfad níos déine.

Bhí cosaint na hÉireann ar fheabhas agus níor aimsigh an Nua-Shéalainn ach trí chic éirice sa chluiche. D’aimsigh Jacob Stockdale an t-aon úd ag tús an dara leath chun Éire a chur deich bpointe chun tosaigh. Níor éirigh leis na All Blacks teacht ar ais agus bhí buaite ag Éirinn ar an Nua-Shéalainn i mBaile Átha Cliath den chéad uair.

Ísealphointí

Paul O’Connell in ísle brí ag deireadh an chluiche i gcoinne na Nua-Shéalainne in 2013. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Éire 22-24 An Nua-Shéalainn – 24 Samhain, 2013

D’imir foireann na hÉireann a gcéad chluichí faoi cheannas Schmidt mí na Samhna 2013. Bhuaigh Éire go héasca i gcoinne Shamó ach chlis siad i gcoinne na hAstráile.

Tháinig an Nua-Shéalainn go dtí Staid Aviva agus na hÉireannaigh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na All Blacks den chéad uair riamh. Bhí cuma na maitheasa ar chúrsaí nuair a chuaigh Éire 19-0 chun cinn ach tháinig na Nua-Shéalannaigh ar ais go tréan. Bhí Éire fós cúig phointe chun tosaigh agus an t-am caite ach chuaigh na All Blacks suas an pháirc agus d’aimsigh Ryan Crotty an scór cinniúnach chun croí na nÉireannach a bhriseadh.


Jamie Heaslip i ndiaidh an chluiche i gcoinne na hAirgintíne ag Corn an Domhain 2015. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Éire 20-43 An Airgintín – 18 Deireadh Fómhair, 2015

Toisc gur éirigh chomh maith sin le hÉirinn faoi cheannas Schmidt, bhí súil ann go mbeadh an fhoireann in ann stop a chur leis na droch-thaispeántais ag Éirinn ag Corn an Domhain. Chuir Éire tús maith leis an gcomórtas agus gach cluiche buaite acu sa ghrúpa ach theip ghlan orthu sa chluiche ceathrú ceannais i gcoinne na hAirgintíne.

Bhí cuid de na himreoirí is fearr acu ar iarraidh don chluiche sin ach fós níor cheart d’Éirinn bheith chomh dona agus a bhí siad. Scóráil na hAirgintínigh dhá úd sa chéad deich nóiméad den chluiche agus cé gur laghdaigh Éire an bhearna go dtí trí phointe, d’aimsigh an Airgintín dhá úd eile i dtreo dheireadh na himeartha chun na hÉireannaigh a dhíbirt


Manu Tuilagi, Tom Curry agus Joe Cokanasiga ag ceiliúradh i Twickenham. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Sasana 57-15 Éire – 24 Lúnasa, 2019

Ní raibh anseo ach cluiche dúshláine ach léirigh sé go soiléir go raibh Éire tite siar go mór in 2019. Tar éis dóibh drochfheachtas bheith acu i gCraobh na Sé Náisiún, bhí daoine ag súil go mbeadh Schmidt agus foireann na hÉireann in ann rudaí a chur ina gceart roimh Chorn an Domhain.

Níor tugadh mórán dóchais dóibh nuair a bhuail Sasana greadadh ar Éirinn in Twickenham. Bhí Éire chun tosaigh tar éis 26 nóiméad ach thit rudaí as a chéile ina dhiaidh sin. Tubaiste cheart a bhí ann agus an bua is mó riamh faighte ag Sasana ar Éirinn.


Foireann na hÉireann ag fágáil na páirce tar éis dóibh cluiche ceathrú ceannais eile a chailliúint. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

An Nua-Shéalainn 46-14 Éire – 19 Deireadh Fómhair, 2019

Cluiche ceathrú ceannais eile ag Corn an Domhain agus cliseadh eile d’fhoireann na hÉireann. Ní raibh imreoirí na hÉireann i mbarr a maitheasa go dtí seo sa chomórtas ach ó tharla gur bhuail siad an Nua-Shéalainn faoi dhó le ceithre chluiche anuas, bhíothas ag tuar go mbeadh seans beag acu dá dtiocfadh feabhas orthu.

Níor tháinig feabhas ar bith orthu, áfach, agus bhí an Nua-Shéalainn i gceannas ó thús go deireadh. Rinne foireann na hÉireann i bhfad an iomarca botún agus d’íoc siad go daor astu. Údar mór díomá a bhí ann do Schmidt agus ba thrua gur buaileadh slad ar ar fhoireann na hÉireann ina chluiche deireanach.

Fág freagra ar 'Ó Chicago go Tóiceo – buaicphointí agus ísealphointí ré Joe Schmidt'