‘Ó bhíos i mo bhunóicín sa chliabhán bhí amhráin is portaireacht i mo chluasa’

Labhair Seosaimhín Ní Bheaglaoich le Tuairisc faoin albam atá eisithe aici féin Peter Browne, Charlie Piggott agus Gerry Harrington agus faoina cuid ceoil

‘Ó bhíos i mo bhunóicín sa chliabhán bhí amhráin is portaireacht i mo chluasa’

Tá an-scéal ag baint leis an albam úrnua The Lark on the Strand a eisíodh le deireanaí.  

“‘Glantachán Earraigh’ nó a’ póirseáil trí sheana-bhoscaí ar sheilfeanna arda, a bhí an píobaire iomráiteach Bleá Cliathach Peter Browne le linn na dianghlasála, nuair a tháinig sé trasna ar an dtaifead ‘ársa’ seo,” a deir Seosaimhín Ní Bheaglaoich. 

Taifead a bhí ann ar cheolchoirm thraidisiúnta a rinneadh thiar sa mbliain 2000. I mí Eanáir na bliana sin bhí Seosaimhín (amhránaí), Charlie Piggott (bosca ceoil), Gerry Harrington (fidil) agus Peter Browne (na píobaí uilleann) ar camchuairt Music Network timpeall na hÉireann. Rinneadh an taifeadadh atá ar an albam seo ag ceolchoirm a bhí acu i nGaelscoil na Cille i gCill Dhéagláin i gContae na Mí, arna eagrú ag Cultúrlann na Cille. 

“Mar is dual do chraoltóirí a chaith a saol a’ fuirseadh i ndomhan an cheoil thraidisiúnta, cnuasaíonn an chuid is coinsiasaí againn na toirtíní is na féiríní beaga is ansa leo féin, i ngan fhios dóibh fhéin,” a deir Seosaimhín agus í ag míniú an scéil. 

“Cosnachtaithe sa tsáile ar Thrá na Muirí a bhíos féin nuair a ghlaoigh mo chomhghleacaí as RTÉ orm ar dtúis leis an ndea-scéala. D’ardaigh sé duairceas is uaigneas na paindéime ar an dtoirt. Laethanta is tráthnóintí is oícheanta geala agus sinn ag taisteal ar fuaid na hÉireann thuaidh is theas, a bhuíochas do Music Network, tugtha chun cuimhne láithreach bonn. 

‘Níl sé olc in aon chor!’ ab ea breithiúnas Pheter. ‘Bheadh sé maith a dhóthain é a eisiúint mar dhlúthdhiosca,’ ar sé. 

“Bliain mhór fhada nach mór ansan againn ceathrar – Peter, Gerry Harrington, Charlie Piggott is mé fhéin sall is anall an líne theileafóin ag éisteacht leis an dtaifead, is ag plé cad a bheadh oiriúnach, cad ab fhiú a choimeád, cad a cheart a fhágaint ar lár… Bhí spórt againn agus fuílleach am spártha againn go léir, a bhuíochas do Covid!” 

Deir sí go raibh sí thar a bheith neirbhíseach faoi na hamhráin a chloisteáil arís fiche bliain níos deireanaí.  

“Bhí fuarallas tríom amach nuair a chéad chuala an t-amhrán a chanas tá fiche bliain ó shin ann!” ar sí. An rabhas i dtiúin? An raibh aon dealramh leis mar amhrán? An fiú é a choimeád? Níor chuala féin faic ar dtúis ach an sceoin a bhí im’ ghuth agus mé a’ canadh beo os comhair slua mór daoine.” 

“Ní imíonn an t-anbhá san riamh den amhránaí aonair, ach amháin nuair atá ego breá mór beathaithe cothaithe aige nó aici. Bíonn a leithéid i gceist ach sin scéal do lá eile… 

“Pé scéal é, bhí sé de chiall agam an bhreith a fhágaint faoi mo chomhcheoltóirí maidir le cad ab fhiú a chur ar an ndlúthdhiosca. I ndeireadh an lae bíonn aon amhrán ná aon phort chomh maith is a féidir é a bheith ins an suíomh ina rabhamar!” 

Cén fáth, mar sin, ar shocraigh an ceathrar acu an t-albam a eisiúint os cionn fiche bliain níos deireanaí? 

“Toisc taithí na mblianta a bheith ag Peter, Gerry, Charlie a’ seimint ag seisiúin cheoil i dtithe tábhairne agus ar stáitsí an domhain, tuigeadh dóibh go mb’fhéidir go raibh rud éigin suaithinseach agus tábhachtach b’fhéidir ag baint leis an dtaifead áirithe seo. Bíonn blas ar leith ar cheol beo. Bíonn nádúr éigin ann nach féidir cur leis ná baint uaidh. Ní bhíonn aon ghnó do ghimicí chun cur le ‘substaint’ an ábhair. Ceol lom a sheasann leis féin, tóg é nó fág é!” 

An cuimhin léi an oíche úd i mí Eanáir na bliana 2000? 

“Is deacair cuimhne a bheith agam ar gach aon oíche a dheineamar ar an dturas san fiche bliain ó shin, ach seasann an oíche áirithe san amach mar go raibh orm amhrán Éamonn Mágáine a rá dhá uair! Toisc láthair na coirme, a bheith i gCill Dhéagláin, áit atá buailte ar aerfort Bhleá Cliath, agus mé ag canadh an amhráin, cad a bhí ann ach fothram eitleáin ar a shlí go Lanzarote os mo chionn anairde in iomaíocht lem nótaí ceoil… 

“Bhí an t-ádh linn go raibh innealtóir cumasach coinsiasach i mbun fuaime an oíche áirithe san. Mhol sé dom agus sinn ag críochnú na coirme, gur chóir dom an t-amhrán a rá uair amháin eile. Mhínigh mé an scéal don lucht éisteachta gus loirg mé cead orthu é a rá arís…Níor dhiúltaigh siad, bail orthu!” 

Céard a spreagann chun amhránaíochta í agus cén cúlra ceoil atá aici? 

“Sí Neansaí Ní Choistealbha, RnaG, a dhírigh aird ar thábhacht nó comhtharlú na ‘fuiseoige’ im’ shaol amhránaíochta. The Lark on the Strand ainm an dlúthdhiosca againn. Luaigh Neansaí go rabhas mar láithreoir ar chlár teilifíse ceol traidisiúnta le RTÉ leis an dteideal The Mountain Lark blianta siar. Is maith í Neansaí ach ní dóigh liom go bhfuil buannacht ar bith agam ar aon fhuiseog cheolmhar nó eile! 

“Ó bhíos im’ bhunóicín sa chliabhán bhí amhráin is portaireacht im’ chluasa agus mórthimpeall orm. Peats Loingseach ó Bhaile na bPoc m’athair críonna agus a bhean chéile Kate Ní Fhairíosa ón Imealláth, bhí an bheirt acu lán de cheol, iad beirt a’ duanaireacht ló is oíche, beannacht Dé leo. Thugas an ceol liom leis ó thaobh na mBeaglaoch.” 

Bhí sí thar a bheith óg nuair a chan sí go poiblí ar dtús. 

“Chanas mo chéad amhrán go poiblí ar stáitse i Halla na Feothanaí agus mé aon bhliain déag d’aois. Sliabh na mBan an t-amhrán a thugas liom. Ní inniu ná inné é sin.  

“Galar tógálach é an ceol is na hamhráin agus níor tháinig éinne dem’ cheathrar deirféar ná ceathrar dearthár slán uaidh! Tá an mianach céanna i gclann a gclainne bail orthu, leithéidí Aogán Ó Loingsigh, Cormac Ó Beaglaoich, Méabh Ní Bheaglaoich agus mo chlann fhéin leis, Gavin agus Aonghus.” 

Ar ndóigh ní hé seo an chéad cheirnín a raibh Seosaimhín bainteach leis. 

“I ngan fhios dom fhéin tá cuid mhaith dem shaol caite agam ‘ceangailte’ i saol an cheoil. Caitheamh aimsire breá is ea é, ach ní raibh sé riamh i gceist agam go dtuillfinn slí bheatha as! 

Bhí an iriseoireacht is an chraoltóireacht díreach chomh taitneamhach leis formhór an ama.” 

Luann sí an grúpa ceoil Macalla agus a mhéid is a thaitin sé léi a bheith páirteach ann. 

“Thaitin a bheith gafa leis an ngrúpa ceoltóirí ban, Macalla go mór liom. Bhí an-spórt againn le chéile agus sheinn siad ceol den scoth, bail orthu. Dheineamar dhá cheirnín ar lipéad Gael Linn, Mná na hÉireann agus Macalla 2.  

“Chuamar ar fuaid na hÉireann agus go Londain agus bhí time againn. Dheineas dlúthdhiosca aonair Taobh na Gréine ar lipéad Gael Linn leis. Pléisiúr ab ea é obair le Donal Lunny agus Steve Cooney. Chuireas féin is mo dheirfiúr Caitlín dlúthdhiosca amach leis Suáilcí Sona, ceann a raibh a mac Aogán agus mo mhac féin Gavin air.” 

Bhronn Coláiste Ceoil DIT i mBaile Átha Cliath, mar ar thug sí deich mbliana ag teagasc amhrán, gradam Ollamh Taca ar Sheosaimhín. Tá blianta caite aici freisin ag moltóireacht ar chomórtais amhránaíochta ag Oireachtas na Gaeilge. 

“Is aoibhinn liom a bheith i mbun an dualgais san,” ar sí. “Tuigim go rímhaith chomh deacair agus atá sé seasamh os comhair slua agus bíonn mo chroí im’ bhéal agam dóibh agus iad ag canadh óna gcroí amach, bail orthu.” 

“Tá raidhse amhránaithe maithe sa tír faoi láthair, thuaidh, theas, thoir is thiar. Thabharfadh sé misneach do dhuine. Tá tuiscint is gradam is meas á fháil ag an amhránaíocht ar an sean-style sa lá atá inniu ann. Rófhada a bhíomar a’ feitheamh leis,” ar sí. 

Fág freagra ar '‘Ó bhíos i mo bhunóicín sa chliabhán bhí amhráin is portaireacht i mo chluasa’'

  • Peter Browne

    Alt thar a bheith suimiúil é seo, gan amhras!

  • Aidan

    Iontach!