Baineann scéal polaitiúil na seachtaine seo anseo sa mbaile le litir a scríobh Sabina Coyne Higgins chuig an Irish Times faoi chogadh na hÚcráine agus an gá, dar léi, go rachfaí i mbun eadrána leis an gcogadh a thabhairt chun críche.
Tá ceisteanna go leor fite fuaite leis an scéal seo; ról chéile an Uachtaráin, an cead atá ag céile tuairimí pearsanta a chraobhscaoileadh go poiblí agus comhordú polasaí idir an tÁras agus an rialtas. Meabhraíonn sé dúinn freisin nach bhfuil tír sa domhan nach bhfuil tionchar ag an gcogadh seo uirthi agus ar an díospóireacht phoiblí.
Ar fhilleadh as an Róimh dom ag an deireadh seachtaine chuala mé den chéad uair faoin litir agus an chonspóid faoinar cheart a leithéid a bheith foilsithe. Mheabhraigh sé dom comhrá ón Domhnach seo caite a bhaineann le rialtas na hIodáile agus an cogadh.
Aon duine a thug cuairt ar an Róimh tuigeann siad an deighilt idir príomhchathair na hIodáile agus Stát na Vatacáine atá timpeallaithe ag an Róimh. Ní cheadaítear tacsaithe as an Róimh isteach chun na Vatacáine. Ghlac mise leis, dá réir, nuair a scaoil carr amach mé féin ag an teorainn idir an dá Stát gur gardaí teorann a bhí sa triúr saighdiúirí a bhí ar dualgas ag an láthair.
Bhí breall orm. Mhínigh fear gnó ag an láthair dom gur ag cosaint ambasáid na Rúise a bhí siad. Bhí dhá dhoras ard adhmaid díreach in aice an chúinne agus tá slándáil bhreise ag an láthair le sé mhí anois.
‘An bhfaca tú a leithéid riamh?’ arsa an fear liom.
‘Agus a bhfuil de dheacrachtaí againn san Iodáil? Tá airgead againn le slándáil bhreise a chur ar fáil don Rúis atá i mbun cogaíochta san Úcráin ach tá daoine ag iarraidh déirce ar na sráideanna anseo?’
Is iad údaráis na Rúise a lorg an tslándáil bhreise san earrach nuair a chaith saoránach de chuid na hÚcráine atá ag cónaí san Iodáil péint dhearg leis an Ambasáid. Tá na saighdiúirí breise ar dualgas ó shin agus ní mó ná sásta atá an pobal san Iodáil faoin scéal.
Ag an am céanna tá ról na meán san Iodáil á iniúchadh freisin ag coimisiún neamhspleách sa tír. Cé go bhfuil rialtas Mario Draghi cáinteach ón tús faoi ionradh na Rúise, tá sé curtha i leith na meán san Iodáil go bhfuil siad ag tabhairt an iomarca airde ar bholscaireacht na Rúise. Níl pobal na hIodáile trí chéile chomh láidir in aghaidh na Rúise agus a bheadh i dtíortha eile san Eoraip. Ní mó ná sásta a bhí go leor den phobal le seasamh láidir Mario Draghi i dtaobh an chogaidh.
Tá olltoghchán anois beartaithe san Iodáil an mhí seo chugainn agus an tairbhe a bhaineann le tacú leis an gcogadh san Úcráin ina hábhar díospóireachta. Idir an dá linn, beidh státchiste na hIodáile ag íoc in aghaidh an lae ar an tslándáil bhreise ar theorainn na Vatacáine.
Seán Ó Súilleabháin
Dá dtabharfadh NATO, An t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh airm nua-teicneolaíochta d’Arm na hÚcráine ina áit a bheith ag dul ar aghaidh leis an cur i gcéill chuirfeadh na hÚcránaigh aontaithe iad féin an ruaig ar na Rúisigh.
Bheadh ceannasaíocht, forlámhas agus saoirse na tíre bainte amach ag muintir na tíre sin.
Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go bhfuil NATO, an t-Aontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe ag fanacht ar shocrú ar bith ionas nach gcuireann an cogadh isteach ar a saol rachmasach caipitileach.
Tréighfidh An t-Aontas Eorpach, Nato agus Meiriceá an Úcráin i ndeireadh thiar thall lena ‘Blah, Blah’ mar is gnáth.
Is mise le dóchas mór
Dónall Mac Billings mór
Mac na Reablóide teanga
An Ghaeltacht,
Príosún Phort Laoise Bloc E
http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059