Ó a bhliain fhada nua, céard a dhéanfaidh mé leat!

Níl teorainn leis na rudaí a d’fhéadfadh duine a dhéanamh in 2020, nó an bhfuil?

Ó a bhliain fhada nua, céard a dhéanfaidh mé leat!

Nach aoibhinn Dia dúinn anois agus bliain nua, glan as an bpíosa amach romhainn uilig. Cá bhfios céard a dhéanfadh duine, nó cén chaoi a gcaithfeadh duine an 8,760 uair an chloig atá againn go dtí an t-am seo an chéad bhliain eile. 

Bhuel, caithfidh mé cuid acu i mo chodladh, is dóigh.

Ocht n-uaire an chloig sa lá, is dóigh… agus tamall eile sa leaba gach lá ag iarraidh titim i mo chodladh, agus/nó i bhfolach agus ag ligean orm féin go bhfuil mé i mo chodladh. Tabhair dhá uair an chloig eile sa lá air sin, abair 3,650 uair an chloig den bhliain sa leaba. 

Fágfaidh sé sin 5,110 uair an chloig. Beidh mé ag obair 2,500 acu sin agus ag taisteal go dtí nó ar ais ón obair 500 uair an chloig eile. Fágann sé sin 2,110 uair an chloig ag síneadh amach romham, agus gealladh fúthu. 

Ó, deirtear gur 10 n-uaire an chloig sa tseachtain a chaitheann muid ag glanadh, ag níochán éadaí agus i mbun cúraimí tí eile agus déarfainn go bhfuil sé sin cruinn go maith i mo chás-sa. Abair 520 uair an chloig eile ar ghlanadh an tí. 

Tá am eile ag teastáil do do ghlanadh féin. Caitheann muid seacht n-uaireanta an chloig eile sa tseachtain ar chóiriú pearsanta idir ceathanna is éadaí is níochán gruaige. Caithimse cuid mhaith ama sa mbreis air sin ag cuartú clibeanna gruaige, ag cíoradh gruaige is ag ceangailt pony-tails. Só, idir ghlanadh an tí agus a bheith ár nglanadh féin, beidh 468 uair an chloig eile imithe as mo bhliainín dheas nua. 

Fágann sé sin 1,142 uair an chloig. Níl teorainn leis na rudaí a d’fhéadfadh duine a dhéanamh le 1,142 uair an chloig!

Mo chuimhne, beidh orainn greim a ithe corrlá, is dóigh. 

Mo dhearmad. Tá an obair bhaile ann. Fiche nóiméad don obair bhaile, ceathrú uaire don díospóireacht theasaí roimh ré agus ceathrú uaire ina dhiaidh don díospóireacht theasaí eile faoi na leabhair a chur ar ais sa mála agus amach sa halla. Fágfaidh mé ag 300 uair an chloig sa mbliain é. 

Mo charbad dóite, tá camógaíocht agus sacar agus ranganna snámha agus ranganna ceoil agus ranganna iarscoile agus cleachtadh ceoil agus… Abair 400 uair an chloig eile. 

Ó mo bhliain nua mhór fhada ag síneadh amach romham agus gealladh fút, 442 uair an chloig glan nua as an bpíosa a thabharfaidh tú dom, agus níl tuairim agam fós céard a dhéanfaidh mé leo.

Déarfaidh mé an méid seo, ní chaithfidh mé oiread is ceann amháin acu ag glanadh an tí ná ag cócaireacht, ag tiomáint ná ag cuartú clibeanna gruaige. 

Guím bliain nua mhaith oraibh ar fad agus go mbeire muid beo ar an am seo arís! 

Fág freagra ar 'Ó a bhliain fhada nua, céard a dhéanfaidh mé leat!'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Guímse féin gach bua 7 beannacht duit a Bhríghde óig na n-aistí aoibhinne :-)