Nuair nach mbíonn leigheas ar fáil is é an gáire an leigheas is fearr

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Tá ár gcolúnaí lagtha ag gáire fós faoin uair úd a ndearna a mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, iarracht banana a thabhairt le n-ithe don chat

Nuair nach mbíonn leigheas ar fáil is é an gáire an leigheas is fearr

Dá scríobhfainn leabhair, lá éigin amach anseo, faoin tionchar atá ag galar Alzheimer ar shaol mo mháthar (agus dá bharr sin ar mo shaol féin) seo an clúdach a d’iarrfainn ar an bhfoilsitheoir a choimisiúnú: léaráid de sheanbhean a dhéanfadh iarracht banana a thabhairt do chat.

Nóta don dearthóir: ba chóir go mbeadh mearbhall le sonrú ar aghaidh an chait agus bheadh bolgán smaoinimh agus comhartha ceiste mór millteach ann go deas!

Tharla an eachtra seo dáiríre. Lá breá éigin agus mé ag siúl isteach sa seomra suite i dteach mo mháthar, m’intinn gafa ag míle mionrud a bhí le socrú di – coinní dochtúra, cárta bainc nua, an t-eidhneán atá ag sleamhnú isteach faoi thíleanna an dín – tháinig mé ar mo mham agus banana á shíneadh aici chuig an gcat.

Ar mhiste leis an gcat an craiceann a bhaint den bhanana í féin an cheist a bhí le sonrú i súile mo mháthar – níor thuig sí féin conas.

De m’ainneoin féin, phléasc mé ag gáire agus rinne dearmad, ar feadh seala pé scéal é, ar an gcrá croí a bhaineann le haire a thabhairt d’othar Alzheimer.

I measc na n-earraí eile a rinne mo mham iarracht a thabhairt le n-ithe don chat bhí oráiste (an craiceann bainte de agus é roinnte i bpáirteanna, rud a léirigh nach raibh deireadh ar fad le cumas mo mham dul i ngleic le torthaí) agus pónairí caife, a raibh cuma osréalach ar fad orthu i mbabhla an chait. Bhí suim agam fáil amach céard a tharlódh don chat dá n-íosfadh sí na pónairí caife ach faraor níor ith; seans go raibh siad róchrua di.

Gáire an leigheas is fearr a deirtear. Ní deas an rud le rá é seo, ach ós rud é nach bhfuil leigheas ar fáil a chuirfeadh srian leis an dochar a dhéanann galar Alzheimer d’inchinn an othair (agus d’aigne na ndaoine thart ar an othar) b’fhearr greann a bhaint as na heachtraí barrúla a tharlaíonn nuair a chailleann duine a mheabhair.

Fág freagra ar 'Nuair nach mbíonn leigheas ar fáil is é an gáire an leigheas is fearr'