Nuair is crua don chailleach bíodh sí glic

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol, ní sona chuile phósadh mar is léir ón scéal seo as Bearna Dhearg ar an Eachréidh…

Nuair is crua don chailleach bíodh sí glic

Bhí fear agus a bhean fadó ann agus bhídís ag titim amach le chéile agus a’ troid.

‘By gob,’ a deir an fear ‘mura stopfaidh tú tabharfaidh mé liom thú agus báfaidh mé thú.’ Bhuel, thosaigh sí ag caoineadh agus thug sí ainmneachaí eile air.

‘Tara uait,’ a deir sé ‘cuirfidh mise iallach ort stopadh mura stopfaidh tú.’

Thug sé leis ag bruach abhainn dhomhain í agus dúirt sé léi struipeáil di ansin. Nuair a bhí sí a’ baint di a cuid éadaigh, dúirt sí ‘Bhuel, iompaigh do dhroim liom agus ná bí ag féachaint orm i mo chraiceann. Fágfaidh mé an t-éadach agat.’

Nuair a fuair sí a dhroim iompaithe aige thug sí suaitheadh dó agus bhuail sí an dá láimh thiar sa droim air agus chroch sí i mullach a chinn amach san abhainn é.

Bhí sé á bhá agus d’fhógair sé uirthi:

‘Áine, Áine. Sábháil mé nó tá mé báite.’

‘Lig do do chuid sluagaireachta [cabaireacht] anois ach imigh le sruthaireacht ,’ a deir sí. ‘Más beo Áine gheobhaidh sí fear.’

Micil Ó Murchú a d’inis an scéal seo do Shéamus Ó Duilearga

Fág freagra ar 'Nuair is crua don chailleach bíodh sí glic'