‘Nuair atá máistreacht agat ar chaid agus ar dhuine, sin é an uair atánn tú ag buachtaint’

Más fíor mana Chumann Lúthchleas Gael agus go bhfuil ‘áit dúinn uilig ann’, bhuel caithfear beart a dhéanamh de réir briathair

‘Nuair atá máistreacht agat ar chaid agus ar dhuine, sin é an uair atánn tú ag buachtaint’

Tá gléchuimhne fós agam, agus beidh go deo, ar chluiche ceannais na sraithe caide fé 12 i 1987 i gcontae Chiarraí. Bhí mo chumann féin, Cumann Caide na Gaeltachta, tar éis a slí a dhéanamh de dhroim ceithre bliana allais go dtí babhta ceannais Roinn 1. Bhí ranna 4, 3 agus 2 buaite trí bliana as a chéile i 1984, 1985 agus 1986 againn agus Raonaithe na Leamhna ag seasamh go daingean is go dásachtach idir sinn agus an rud nach raibh déanta riamh cheana ag aon fhoireann in aon ghrád ón nGaeltacht – Roinn 1 na sraithe a bhuachtaint.

Cluiche teann go maith a bhí ann, é ar bheagán scórála, agus bhí salachar ceobhráin ag titim faoin dtráth gur aimsigh Dáithí Ó Sé, Characháin, pointe breá ag tréimhse chinniúnach. Taibhsíodh dúinn go rithfeadh linn ach mo léan géar, níorbh é an bua a bhí i ndán dúinn mar go gcuireadh pointe Dháithí ar neamhní agus tugadh cic saor dúinn ina áit, cic saor nár aimsíodh.

Chailleamar an cluiche le haon phointe suarach amháin agus mise á rá leat, go ngoilleann an bhris úd go dtí an lá inniu féin orm.

Is mó babhta an tseachtain seo a chuimhníos ar an gcluiche sin in aghaidh bhuachaillí an Phoic agus mé ag éisteacht leis an ndíospóireacht fé chomórtas agus fé iomaíocht, fé bhris agus bua i measc an aosa óig i gcluichí CLG  an lae inniu. Ar eagla go n-imigh sé i ngan fhios duit, tá Cumann  Lúthchleas Gael tar éis ríomhphost a sheoladh chuig fochumainn fuaid faid na tíre ag daingniú agus ag athdhearbhú seana-phrionsabail a bhí leagtha síos le fiontar na Go-Games acu le blianta. Ar cheann de bhunchlocha na gcluichí tá go bhfuil forbairt agus rannpháirtíocht an imreora óig níos tábhachtaí ná scór a choimeád, iomaíocht a chruthú agus buaiteoir a roghnú. Cé go rabhamar ag teacht chun coinlíochta i bhfad roimh ré na nGo-Games agus cé gur mó athrú atá tagtha ar imreoirí óga le 20 nó 30 bliain anuas, deinim amach go mbeadh ár ndóthain cúraim ar chuid againn glacadh le héirim agus le brí na gcluichí seo, ainneoin a dtréithe.

Ní bheadh aon leigheas againn air. Na garsúin óga sin a bhí ar an bhfoireann fé stiúir Liam Uí Rócháin geall le daichead bliain ó shin, bhí an clóchas, an iomaíocht agus an scamhadh chun caide inghinte ionainn. Ní hamháin go rabhamar in iomaíocht leis an bhfreasúra ach bhí iomaíocht ghéar eadrainn féin chomh maith.

Go deimhin, bhí iomaíocht idir sinn féin agus an chaid féin. Is cuimhin liom m’athair ag rá liom agus mé seacht nó hocht de bhlianaibh go n-aithneodh sé imreoir maith ón tslí a théadh sé i ngleic leis an gcaid agus í ag tuirlingt. “Más féidir leat in aon chor, ná scaoil leis an gcaid preabadh agus í ag tuirlingt agus dein iarracht breith uirthi agus í a cheansú ag an bpointe is airde ar fad” a deireadh an seana-bhuachaill. “Nuair atá máistreacht agat ar chaid agus ar dhuine, sin é an uair atánn tú ag buachtaint,” a deireadh sé. Chreideas féin é sin, shlogas siar é agus bhí scata eile de mo chomhghleacaithe ar an dtuiscint chéanna. Bhí toradh na himeartha, agus an bhuachtaint, dá réir, ana-thábhachtach, dar linn, agus b’in é an taobh, dar linn, go raibh clár scóir i gcúinne gach páirce.

D’imigh sin agus tháinig seo. Tá múnlaí nua sa treis ag seisiúin traenála le blianta ina bhfuil béim ar rannpháirtíocht agus ar luach a chur ar gach imreoir, beag beann ar a chumas nó a cumas. Má tá, fé mar a deir mana Chumann Lúthchleas Gael féin, “áit dúinn uilig ann”, bhuel caithfear beart a dhéanamh de réir briathair agus an uile dhuine a thabhairt leat.

Cruthaíonn an múnla seo cruachás do scata oiliúnóirí ar fuaid na tíre atá ag iarraidh seisiún traenála a bheartú agus a chur i gcrích, áfach. Níl gach aon leanbh fé dhá bhliain déag d’aois ar an leibhéal céanna cumais agus tá seo amhlaidh go minic toisc go bhfuil i bhfad níos mó ama agus dúthrachta caite ag imreoir óg amháin seachas a chéile ag cleachtadh bunscileanna an chluiche.

Ní anuas ón spéir a thiteann a gcuid ealaíon go dtí plúr na n-imreoirí ach cad mar gheall ar an imreoir eile? Cén luach a chuirtear ar a rannpháirtíocht siúd i gcluiche agus cén ról a fheiceann oiliúnóirí don bpáiste nach bhfuil ag caitheamh an 10,000 uair a chloig dá shaol ar na bunscileanna? Agus cén áit atá aige nó aici siúd ins an eagraíocht ina bhfuil “áit dúinn uilig ann”? Conas is féidir seisiún maith traenála a rith agus meascán cumais agus éagumais romhat?

Dá mhéid a théim i gcríonnacht agus dá mhéid an bhaint atá le foirne caide agam, taibhsítear dom go raibh an ceart acu siúd a mhol an dealú glan seo idir foirne fé aois agus foirne do dhaoine fásta. Is léir chomh maith anois dom go bhfuil dhá chultúr atá glan bunoscionn lena chéile ag feidhmiú laistigh den eagraíocht chéanna.

Ar thaobh amháin, tá cultúr an linbh nach bhfuil aon ní uaidh ach cuileachta, caidreamh, comhluadar agus saoirse chun é féin a chur in iúl. Teastaíonn ón leanbh seo agus é ag imirt caide éalú isteach i ndomhan na samhlaíochta, aislingí a fhíorú trí aithris a dhéanamh ar a laochra agus tríd sin, tagann máistreacht. Tá cultúr eile chomh maith ann.

Cultúr é seo nach bhfuil puinn beann aige ar shamhlaíocht, ar fhís ná ar aisling. Cultúr is ea é a leagann béim ar an mbua ar ais nó ar éigean. Cultúr is ea é atá cruthaithe, múnlaithe, forbartha agus craobhscaoilte ag scata laistigh de CLG féin. Is é an euro an creideamh atá ag an gcultúr seo agus an tuarascáil bhliantúil an bíobla.

Bhí, tá agus beidh an dá chultúr seo ag síor-ghuailleáil lena chéile agus níl sé furaist an chothromaíocht cheart a aimsiú eatarthu.

Is léir ó allagar na seachtaine, áfach, go bhfuil an chothromaíocht sin níos tábhachtaí ná riamh.

Fág freagra ar '‘Nuair atá máistreacht agat ar chaid agus ar dhuine, sin é an uair atánn tú ag buachtaint’'