‘Nuair a shroichfidh tú Damascus, cuir glaoch ar fhear darb ainm Jihad…’

Más iriseoir tú uaireanta caithfidh tú daoine a thrust, mar is léir ó scéal ‘Omar’

‘Nuair a shroichfidh tú Damascus, cuir glaoch ar fhear darb ainm Jihad…’

Labhair mé an tseachtain seo caite le grúpa beag scoláirí dara leibhéal a bhí i mbun podchraoltaí, faoi stiúir Chomharchumann Shailearna agus Foróige, in Indreabhán.

Bhí mé ag freagairt a gcuid ceisteanna maidir le Comharchumann Chois Fharraige, a bunaíodh 50 bliain ó shin – ní raibh mé féin ann ag an tús, ach d’oibrigh mé ann i ndeireadh na 70idí.

Bhain mé an-sásamh as a bheith ag caint leo faoin obair a bhíodh ar siúl agam – thosaigh mé mar ealaíontóir le Cló Chois Fharraige agus chríochnaigh mé mar thuairisceoir leis an bpáipéar Amárach.

D’inis mé dóibh faoin dul chun cinn is féidir leat a dhéanamh – go háirithe má bhíonn tú ag faire do sheans le léim ó réimse amháin go réimse eile.

Chuir sé iontas orthu go raibh éagsúlacht chomh mór sin ag baint le saol an iriseora.

Agus mé ag obair ar Léargas ar RTÉ, d’inis mé dóibh go bhféadfainn a bheith ag plé le scéal an adhmaid i nDúiche Sheoigheach lá amháin agus ag plé le cúrsaí toghcháin thar lear an tseachtain dár gcionn.

Agus lá níos faide anonn, d’fhéadfainn a bheith ag caint sa mbaile ag bord na cistine faoi shaol an Phríomh-Aire san Iaráic.

Rud a tharla.

An tseachtain seo caite, rinneadh iarracht Príomh-Aire na hIaráice, Mustafa al-Kadhimi, a mharú le buamaí ar dhróin.

Ach caithfimid breathnú siar i dtosach báire.

Mí Feabhra 2003 chuaigh mo leathbhádóir – léiritheoir teilifíse – go dtí An Iaráic le clár teilifíse (Dispatches do Channel 4) a dhéanamh faoi Saddam Hussein agus a raibh ag titim amach ansin.

Níorbh fhéidir eitilt isteach san Iaráic an t-am sin ach d’éirigh leis dul chomh fada leis an teorainn leis an tSiria.

Tamall gearr ina dhiaidh sin (Márta 2003) chuaigh fórsaí faoi stiúir Mheiriceá ar an ionsaí san Iaráic (‘Operation Iraqi Freedom.’)

Bhí fear in éindí leis an bhfoireann teilifíse agus Omar an t-ainm a bhí air. Mhínigh mé do na scoláirí go dteastaíonn saineolaí/treoraí den scoth uait nuair a bhíonn tú i mbun oibre i gceantar a bhfuil cogaíocht ar siúl ann agus fórsaí éagsúla naimhdeacha timpeall ort. Ba chomhléiritheoir é Omar i ndáiríre.

Thug sé faoi deara lá go raibh leabhar faoina ascaill ag mo chara-sa – Cruelty and Silence le Kanan Makiya.

‘Léigh an chaibidil faoi ‘Omar,’ a dúirt sé. ‘Sin mise.’

Nuair a léigh mo chara an píosa, bhí a fhios aige go raibh an fear ceart in éindí leo. Scoláire mór ar chúrsaí na hIaráice is ea an t-údar Kanan Makiya agus ba léir go raibh an-mheas aige ar Omar.

Mar sin nuair a thug Omar comhairle don fhoireann teilifíse, ghlac siad léi.

Thit réimeas Saddam as a chéile go gairid i ndiaidh an ionraidh. Bhí níos mó ná foireann teilifíse amháin ag fanacht gar don teorainn, ach bhí fonn imeachta orthu anois.

Chomhairligh Omar dóibh gan dul tríd an Iordáin – bhí an bealach sin fós contúirteach, dar leis.

Faoin am seo, agus réimeas an tíoránaigh Saddam tite as a chéile, bhí téipeanna le tabhairt abhaile – agallaimh a rinne siad leis na ‘gardaí’ a bhí ag céasadh príosúnach i gceann de na príosúin sa Chordastáin.

Arís, chomhairligh Omar do mo chara gan dul tríd an Iordáin, ach a bhealach a dhéanamh trí Damascus agus an tSiria – cé go raibh a víosa imithe as dáta.

‘Nuair a shroichfidh tú Damascus, cuir glaoch ar fhear darb ainm Jihad. (Amanta caithfidh tú daoine a thrust…)

Nuair a shroich mo chara óstán an Cham Palace in Damascus, tháinig beirt fhear isteach agus Kalashnikov an duine acu. Chabhraigh siadsan leis imeacht amach as an tír.

Níor ghlac dream amháin de na foirne teilifíse le comhairle Omar faoin Iordáin agus ar a mbealach trí cheantar Al Anbar, áit a raibh daoine fós ag troid ar son Saddam, ionsaíodh iad agus scaoileadh urchar leis an tiománaí, Sayf.

Tháinig sé slán ón ngortú agus rinne teagmháil liomsa tamall ina dhiaidh sin. Ba é Sayf, an fear a caitheadh, (ach a raibh chuile eolas aige), a ghlaoigh orm le n-inseacht dom go raibh an leathbhádóir ar a bhealach go hÉirinn.

Is é an duine áitiúil a bhfuil fios a bhealaigh aige/aici a theastaíonn uait i gcásanna mar seo.

Ní cabhair ar bith é má bhíonn cur chuige an ‘choilínigh’ agat. Sin é a bhí ar an dream a chuaigh tríd an Iordáin – bhí eolas ‘níos fearr’ acu féin, dar leo.

Nuair a thit Saddam Hussein, d’fhiafraigh mo chara d’Omar cad a cheap sé faoin ionradh. ‘Not enough ‘Shock and Awe’,’ a d’fhreagair sé.

B’in an teideal a thug na Meiriceánaigh ar an ionsaí fíochmhar ar Bhaghdad. Ach ba mhó go mór an t-ábhar casaoide a bhí aige faoin gcaoi ar iompair siad iad féin díreach ina dhiaidh sin.

Cheap Omar go ndearna siad drochbhotún nuair nár thug siad tosaíocht do lucht na hIaráice féin sa bhfuascailt.

Mar shampla, dúirt sé, bhí traenáil mhíleata tugtha d’fhórsaí ón Iaráic san Ungáir, sa Pholainn agus i bPoblacht na Seice. Ach níor aithníodh é sin – chuimhnigh sé ar an gcaoi ar thug na Comhghuaillithe an-aitheantas do de Gaulle agus ‘Fórsaí na Saor-Fhraince’ (France Libre)  nuair a fuasclaíodh Páras sa Dara Cogadh Domhanda. Ba é an Francach, de Gaulle, a mháirseáil lena chuid fórsaí isteach sa chathair an lá iomráiteach úd. B’iontach go deo an tsiombail a bhí ansin.

Bhí Omar díomách. Ach ar a laghad bhí sé in ann filleadh ar an Iaráic, áit ar chaith sé a óige. Chaith sé tréimhse freisin le linn réimeas Saddam, i bpríosún cáiliúil Abu Ghraib, áit a bhfaigheadh sé lascadh go laethúil. Cuireadh iallach ar na príosúnaigh siúl ar a ngogaide, a lámha ag sleamhnú ar an talamh cosúil le moncaithe agus fuaim an mhoncaí a dhéanamh, le linn a gcuid ama I ngéibheann.

Chaill mo chara teagmháil leis ar fhilleadh abhaile don bheirt acu. Bhí Omar anois ag déanamh dul chun cinn sa tseirbhís faisnéise san Iaráic ag iarraidh rudaí a chur ina gceart ansin – an dream a bhí fós i mbun sléachta agus maruithe a ghabháil agus a chur ar triail, ceann dá chuid aidhmeanna.

Ansin an tseachtain seo caite, an lá sula ndeachaigh mé siar chun labhairt leis na scoláirí faoin gComarchumann, léigh muid an píosa faoin mbuamáil san Iaráic. Úsáideadh trí dhrón agus cé gur phléasc siad agus go ndearnadh an-damáiste dá theach, níor gortaíodh an Príomh-Aire.

Ní raibh sé in oifig ach le 18 mí agus is dócha gur mó aird a bhí againn ar chúrsaí ag baile le linn na tréimhse sin agus ní raibh a phictiúr feicthe againn. Is mó duine sa gcúinne sin den domhan a bhfuil ‘Mustafa’ baiste air.

Ach ba é ‘Omar’ a bhí ann ceart go leor – Mustafa al-Khadimi, lena ainm ceart a thabhairt dó.

Tofa ina Phríomh-Aire ar an Iaráic agus é mar aidhm aige deireadh a chur leis an tionchar mór atá ag an tír taobh leo, An Iaráin, ar chúrsaí ansin.

Ach sin aidhm a thógfaidh i bhfad a chur i gcrích.

Idir an dá linn tá ríomhphost curtha chuig a oifig, ag guí gach rath air.

Fág freagra ar '‘Nuair a shroichfidh tú Damascus, cuir glaoch ar fhear darb ainm Jihad…’'