‘Nuair a shíl an Rialtas gluaiseacht na Gaeilge a mharú, is amhlaidh a neartaigh siad í’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (22 Eanáir 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais210116

Uimhir 930                  Cláraithe mar Pháipéar Nuachta Eanáir 22,                  1916 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

An Conradh sa Bhearna
Cruinniú an Luain

Mura dtiocfaidh aon rud de bharr an chruinnithe a tionóladh i mBaile Átha Cliath Dé Luain ach an cur le chéile, ní bheidh an cruinniú gan toradh. Ba bhreá an obair teachtairí na gComhairlí Contae agus Ceantar a thabhairt i gceann a chéile ar scáth an Chonartha. Cuirfidh an troid ar ar tosaíodh Dé Luain in iúl do na Comhairlí nach ar mhaithe leis an nGaeilge féin atáimid ach ar mhaithe le hÉirinn agus le hoideachas na tíre. A lán de na daoine ón tuath a tháinig ina dteachtairí go dtí an cruinniú, níor thuig siad scéal an chonartha go róchruinn, ach an fogha seo a tugadh faoin oideachas, dhlúthaigh sé ár ndreamanna ar fad le chéile agus is cinnte go mbeidh fir phoiblí na tíre níos ceanúla ar chúis na Gaeilge feasta.

Na Comhairlí

Is minic a rinne na Comhairlí rud orainn, agus is minic a thug siad cúnamh dúinn. Bhí na dreamanna polaitíochta achrannach le chéile le cúpla bliain, ní nach ionadh, agus níor tháinig an Conradh saor ó dhonú. Ní bréag a rá gur thograigh aoine áirithe ár gcumann a mharú. Níor éirigh leo sin a dhéanamh ach dhonaigh na scéala agus na ráflaí gan údar sinn, mar bhí daoine cneasta gan gangaid a chreid gur dream polaitíochta sinn. Má tá polaitíocht againn, is polaitíocht náisiúnach í agus ní chlaonann an Conradh le haon dream thar dhream eile, ach creideadh gur chlaon. Tá cúl curtha ar an scéal sin anois agus i láidre sinn dá bharr. Tá na Comhairlí ar ár dtaobh agus beidh feasta. Nuair a shíl an Rialtas gluaiseacht na Gaeilge a mharú, is amhlaidh a neartaigh siad í.

An Da Shaghas Gnó

Tá dhá shaghas gnó ar siúl againn sa Chonradh agus tá siad ag cur isteach ar a chéile. Caitear leath ár nirt sa tsíorthroid leis an Rialtas agus níl fágtha againn ach an leath eile chun an Ghaeilge a choinneáil beo. Ní fhéadfaimis ligean don Rialtas mar nach ligeann siad dúinne. Tá siad ag teannadh linn le fada ag iarraidh ár mbasctha. Is léir dóibh nach dream ‘liom leat’ sinn. Ní hé amháin go bhfuil drochamhras acu orainn, ach tá siad lánchinnte go bhfuil sé de rún againn greim an Ghalldachais a bhogadh de mhuintir na tíre seo. Is comhfhad, beagnach, don Ghalldachas agus do smacht Gall in Éirinn. Sin é an fáth gur mhaith leis an Rialtas an Galldachas a leathnú agus a bhuanú. Neartaíonn an Galldachas leo. Níorbh fhiú tráithnín leo airgead seo na Gaeilge ach shíl siad buille marfach a thabhairt don ghluaiseacht seo againne.

Gnó na Gaeilge

An gnó eile, gnó na Gaeilge féin, níl sé ag dul chun cinn go maith. Ní raibh aon ghléas oibre againn don Ghaeltacht cé is moite de na scoileanna agus tá an Béarla ag fáil treise ar an nGaeilge go fóill. Caithfimid an Ghaeltacht a bhreathnú agus muintir na Gaeilge a dhúiseacht agus a ghríosú i gcoinne an Bhéarla. Má éiríonn leis an obair atá á déanamh ag Fionán Mac Coluim i gCiarraí, leathfar an nós céanna oibre ar fud na Gaeltachta agus cuirfear stad le meath na Gaeilge.

Dá dtiocfadh leis an Rialtas na hoidí scoile a chur i gcoinne na Gaeilge, ba ghearr go bhfaigheadh an Ghaeilge bás. Ní thiocfaidh leo sin a dhéanamh mar go bhfuil cuid mhór de na hoidí dílis d’Éirinn agus níl aon dlí in aghaidh na Gaeilge, go fóill ar chuma ar bith. Caithfidh cabhrú leis na hoidí óga, a bheidh ag dul go dtí na Coláistí Gaeilge. Dá ndéanfadh gach paróiste beagán, dhéanfadh an beagán mórán.

Ceardaíocht

An tOideachas Ceardúil a bhí againn go dtí seo, níor chuir sé ceardaíocht chun cinn in aon áit faoin tuath. Ní féidir gréasaí bróg a fháil faoin tuath ach oiread le gréasaí leathbhrógán. Tá muintir na tuaithe taobh le bróga siopa agus tá na bróga siopa gan mhaith le gairid. Cuirtear le chéile go dona iad, cuirtear drochleathar iontu agus bíonn siad polltach fliuch. Tá an sórt is saoire acu ródhaor agus goilleann siad ar sparán agus ar shláinte na ndaoine le cheile.

Tá gnó do bheirt nó triúr gréasaí i gach paróiste tuaithe in Éirinn dá mbeidís le fáil. Níor smaoinigh ár gCoistí Ceardúla riamh ar an easnamh mór seo atá orainn. Tugann siad aire do na bailte móra, agus imíonn a lán den airgead gan toradh. Ní bheadh sé costasach buachaill as gach paróiste sa Ghaeltacht a chur ag foghlaim gréasaíochta ar choinníoll go leanfaidís den cheird ina bparóistí dúchais.

An Conradh sa Bhearna

Ó tharla an tOideachas Ceardúil a bheith chomh mór i gceist, beidh breis suime againn an feasta. Ní fhónann scoileanna na mbailte don tuath agus tá muintir na tuaithe fágtha ar deireadh ar fad i dtaobh ceardaíochta. Tá na cearda tuaithe imithe chun deiridh nach mór agus níl faon tuath anois ach lucht na talmhaíochta. Ní hé nach bhfuil saothrú do cheardaithe ann, ach níl na ceardaithe féin ann.

Níor bhreathnaigh an Dipeártmint scéal na tuaithe go grinn riamh, nó má bhreathnaigh, níor ghabh siad de láimh an cheardaíocht a athbheochan. Chuaigh an Conradh sa bhearna sa troid seo ar son airgead an Oideachais agus tá seasamh an airgid orainn faoi láthair. Nuair a bheidh uain againn ar ball, caithfimid na ceardaithe a thabhairt ar ais go dtí an tuath.

Maine

“Aibítir Ghreanta na Gaeilge”

Cuireadh leabhairín deas gleoite isteach i mo ghlac an lá faoi dheireadh. “An Alphabet of Irish Saints” is teideal dó. Is i gcomhair an aosa óig a ceapadh an aibítir seo. Is é rud atá ann ná cnuasach de ranna simplí a bhfuil baint acu la naoimh na hÉireann. Tá naoi naomh déag ainmnithe sa leabhairín agus dá rann i gcomhair gach naoimh díobh, ranna Béarla agus ranna Gaeilge.

In éagmais na rann, tá pictiúr maisiúil do gach naomh a luaitear. Searloit Déiseach a chum an Béarla; Tórna Éigeas a chum an Ghaeilge; Lucas Rooney a tharraing na pictiúir. Tá idir ranna agus pictiúir ag breith barra ó chéile ar ghontacht agus ar thaitneamhacht. Muintir an Dundalgan Press a chlóbhuail an leabhairín agus is mór an chreidiúint dóibh é a shlachtmhaire a rinne siad a ngnó. Faightear uathu ar scilling é.

Aon Ghael a bhfuil páiste óg aige, is fiú dó an Aibítir seo a fháil agus í a thabhairt dá pháiste. Táim meallta mura dtaitneodh leis gach rann agus gach pictiúr dá bhfuil ann. Tá ardmholadh tuillte ag Iníon an Déisigh i dtaobh a fheabhas a rinne sí a cionn den obair. Tá a cuid rann soléite, simplí, oiriúnach do pháistí. Tá an ciúta go maith aici. Ag seo sampla: –

‘P’ is for Patrick who came with his
bell,
Conquered the Druids and then broke up their spell.

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Nuair a shíl an Rialtas gluaiseacht na Gaeilge a mharú, is amhlaidh a neartaigh siad í’'

  • alan

    ‘Nuair a shíl an Rialtas gluaiseacht na Gaeilge a mharú, is amhlaidh a neartaigh siad í’ …FG inniu?