Nuair a scaoilfear na glais orainn arís cuir an leabhar iontach seo sa mhála taistil…

Moltar sa mhír seo leabhair Ghaeilge ar son do leasa agus d’aimhleasa. An babhta seo,  Bailte agus Pearsain Chúige Mumhan le Breandán Mac Gearailt

Nuair a scaoilfear na glais orainn arís cuir an leabhar iontach seo sa mhála taistil…

N’fheadar a’ bhfuil a leithéid seo de leabhar ar fáil i dtír ar bith, i dteangain ar bith? Tabharfair an Muimhneachas fé ndeara láithreach sa mhéid sin ach ní leabhar do Mhuimhnigh amháin é seo, in ainneoin an teidil, mar a chífear. 

Bailte agus Pearsain Chúige Mumhan (le míniú ar na logainmneacha)  (Coiscéim €12.50) le Breandán ’ac Gearailt is ea é, agus tá sé ar na leabhair is sainiúla a bhuailfidh umat ar do shiúlta duit. Tá leabhair ar logainmneacha againn, agus leabhair ar dhaoine, agus leabhair ar bhailte, ach is annamh iad go léir i bhfóire a chéile mar atá anseo. 

Is é atá ann ná breabhaid trí chontaetha na Mumhan agus ag stopadh dó i mbailte, i bparóistí, in dúichí iomadúla d’fhonn trácht a dhéanamh ar bhrí a n-ainmneacha, conas a tharla ann do chuid acu, agus gearrchuntas uaidh ar na pearsana mór nó mion le rá a saolaíodh nó a raibh baint éigin acu le háit ar bith díobh. 

 Cuirfidh tú an-chuid ama amú go pléisiúrtha ag méarnáil trí na leathanaigh seo, agus is í an chomhairle a thabharfainn uaim ná í a chur sa ghluaisteán má tá ceann agat, nó sa mhála taistil, agus nuair a scaoilfear na glais orainn arís agus cead siúil agat trí na críocha dúchais ar cuaird go mbeidh seo mar chompánach agus mar chara le heolas agat. 

 Is é is taitneamhaí faoi ná a ainrialta is atá. Tá cúpla céad focal mar aiste aige ar bhailte/dhaoine áirithe, agus cúpla dosaen siolla maidir le cinn eile. Dá mbeadh eagarthóir acadúil nó neach comhairimh focal nó duine a oileadh in ealaíona dorcha na foilsitheoireachta ina bhun, rachadh sé nó sí as a mheabhair. Mar is grá áite agus dúil sna daoine seachas aon rud baoth ar nós a bheith de réir a chéile nó a bheith cothrom le cách ó thaobh tráchtaireachta de atá ag comáint an leabhair. 

 Agus is ea, is é an Ciarraíochas atá in uachtar, mar is tríd a chontae féin a ghabhann sé i dtosach agus go mion. Agus cad ina thaobh nach ngabhfadh, óir tá go leor sa chontae (nó bhíodh) arbh fhéidir dóibh a bheith mórálach as? Agus cé go bhfuilim go daingean suite de go raibh taighde gan teorainn le déanamh ag Breandán d’fhonn an leabhair a chur i gcrích, níl aon amhras ná go dtagann croí an leabhair as a chuid eolais agus as a chuid suime féin. 

 Gar dá cheantar féin tá An Daingean, gan aon Chúis ná dingleberries ag sileadh as, agus luann sé tuairim is scór duine a bhain cáil amach dóibh féin agus dá mbaile, ina measc, Tomás Ághas, Joe O’Toole agus Seoirse Ó Luasa a bhunaigh An Caifé Liteartha, ceann de sheoda shiopaí leabhar na hÉireann. Ní nach ionadh cuirtear treise le gaiscígh peile agus iomána gach áite mar is iontu atá suim an phobail ach cead a bheith acu imirt agus féachaint arís, agus liosta le háireamh iad laochra sin Chiarraí gan bhréag. 

 Dá réir sin, nuair a leagaimid cos ar Chill Airne is mór an faoiseamh nach luaitear banríon na gorta Victoria in aon chor agus an turas a thug sí ar an áit ar caitheadh cúpla bliain ag iarraidh a réiteach, ach go dtugtar tosach áite d’fhíorghaiscígh ar nós Tadhgie Lyne ‘prionsa na peile’, do Mhícheál Ó Gliasáin agus d’Éamonn Fitzgerald nár staon riamh roimh chath ar ghort na himeartha. 

 Ach sin é a bhuaic, seo í domhainseanchas na Mumhan lenár linn. Ní foláir leis a bheith moltach seachas a mhalairt. I Luimneach castar Gearóid Ó Tuathaigh orainn, ‘pearsa ardeolach, cuiditheach’. Frank Prendergast, ‘ardfhear’. Paul O’Connell, ‘bhí an-mholadh ag cách dó’. Lasmuigh den chathair tá Baile Uí Bhricín inar saolaíodh Dolores O’Riordan ‘sáramhránaí’ a bhfuil a guth binn ‘treascartha ag an mbás go bráth’; agus in An Brú nó Brú na Déise tugtar aitheantas cóir do na scoláirí ardchumais Dáithí agus Éamonn Ó hÓgáin. 

Ní chaitear aon mhallacht le Effin, agus ní luaitear go bhfuil iarracht á déanamh ar ainm an bhaile a athrú, mar a tharla do Fucking san Ostair. 

 Dheineas féin rud gránna. Na leathanaigh a bhí tugtha suas do gach aon chontae a chomhaireamh. Mar a thuigfeá thug sé tús áite dá ríocht féin, fág go bhfuil an bhearna fiche leathanach idir sin agus an contae is mó, is cáiliúla, is iomráití agus is iontaí sa tír ábhairín mór. Ach le fírinne, ní cúrsaí cuntais é seo. Tá lomlán le heolas nach raibh tú riamh á iarraidh. An raibh a fhios agat go raibh dúchas John McEnroe i gCaiseal Mumhan? Is ea, bhí, ach níorbh é an John McEnroe a bhfuil aithne agatsa air atá ann. 

 Agus nach mór an difear idir Lios Buinne mar ainm agus Lis Bunny nár dhuine de phléghirls Playboy í, tráth dá raibh? Agus féach, maidir leis an Teampall Uachtarach i gContae Thiobraid Árann go seachnaíonn sé aon lua ar an mBéarla faoi leith a tháinig as an áit, an Béarla a bhíodh ag Richard Burke Aire Oideachais agus ag Frank Delaney, tráchtaire agus bladaire.

 Tá bailte rianaithe anseo ar shíl tú nár tharla tada riamh iontu…agus níor tharla! Mar sin féin, rugadh Seán Ó Ciarghusa in Cill Mhic Thomáisín, is ea, rugadh Seán Ó Ciarghusa in Cill Mhic Thomáisín, is ea, rugadh….

 Níl aon teora, seachas teora na Mumhan leis an leabhar seo. Ach is é an dúshlán atá ag éamh amach as an saothar seo ná gur chóir go mbeadh leabhar dá amhlachas céanna á scríobh go fileata is go heolgaiseach ag údair phaiseanta na gcúigí eile. 

Dá mbeadh ar fáil, ghluaisfimis ar fud na tíre ar fad le harm éigse agus eolais. 

Mo ghrá go deo na Laighnigh, na Connachtaigh, is na hUltaigh, nó an fíor go mairid beo?

Fág freagra ar 'Nuair a scaoilfear na glais orainn arís cuir an leabhar iontach seo sa mhála taistil…'