Nuair a mharófar Éireannaigh in Arm na hEorpa, déarfar gur ar son na saoirse a thug siad a mbeatha

Tá daoine ar fud an domhain a chreideann i gcónaí gur dream iad clanna Gael ar mór acu an tsaoirse ach tá Gaeil faoi dhraíocht ag eachtrannaigh le hos cionn míle go leith bliain

Nuair a mharófar Éireannaigh in Arm na hEorpa, déarfar gur ar son na saoirse a thug siad a mbeatha

An rud is annamh is iontach ach sílim go raibh an ceart ar fad ag Ian O’Doherty as an Irish Independent nuair a dúirt sé nach bhfuil ach rud amháin ó mhuintir na hÉireann le fírinne agus is é sin go mbeadh dream eachtrannach eicínt i gceannas orainn a thabharfadh beagán de chothrom na Féinne dúinn.

Tá daoine ar fud an domhain a chreideann i gcónaí gur dream iad clanna Gael ar mór acu an tsaoirse ach mar a deireadh Pat Chéit Cheoinín as paróiste seo Charna nuair a dúradh leis go raibh airm ollscriosta ag Sadaam Hussein ‘cá bhfuil an cruthú’?

Iarshaighdiúir in Arm na Breataine ba ea Pat. Chaith sé seal ar dualgas san Iaráic agus bhí an-suim aige i gcúrsaí na tíre sin dá réir.

Tá Gaeil faoi dhraíocht ag eachtrannaigh le hos cionn míle go leith bliain. Cuimhnigh go raibh córas foirfe creidimh dár gcuid féin againn nuair a tháinig Naomh Pádraig an bealach agus scéal i mbarr bata aige faoi eachtraí dochreidte sa Meánoirthear. Tugadh aird air.

Dúirt staraí uair amháin gur sodar i ndiaidh na n-uasal a bhí ann: gur mheas na ceannairí Gaelacha go raibh an tsibhialtacht a bhí ar an Mór-roinn i bhfad níb fhearr agus ní ba nua-aimseartha ná a gcultúr féin agus gurbh é a leas a dhul leis an gcreideamh nua.

Múineadh dhúinn gur dhíbir Brian Boramha na Lochlannaigh as an tír ach níor insíodh dhúinn go raibh Lochlannaigh ar an dá thaobh i gcath Chluain Tarbh. Sea agus go rabhamar breá sásta ón tús, beagnach, trádáil agus cúrsaí farraige a fhoghlaim ó na Lochlannaigh.

Ba iad na ceannairí Gaelacha agus na heaspaig a thug na Normannaigh isteach ar chomhairle an Phápa. An bharbarthacht a bhaint as na Gaeil an aidhm a bhí leis. Shlogamar an teagasc sin.

Ní fhéadfá a rá b’fhéidir gur luigh ár gcroí riamh le ceannas na Sasanach orainn ach bhí neart againn i gcónaí a bhí sásta maithiúnas a thabhairt dóibh.

Is minic gur ar thaobh na Sasanach a throideamar. Rinne Cromail sléacht in Éirinn ach Ríogaigh a bhí ionainne. Bhíomar sásta glacadh le Rí Shasana.

Ós ag caint ar Chromail é, tá fianaise i  bPairlement Chloinne Tomáis, a scríobhadh sa seachtú haois déag, gur chuir na gnáthdhaoine fáilte roimh dhlí Chromail ina saol laethúil.  Na filí a bhí faoi phátrúnacht na n-uasal a  chaoin an tseanreacht.

Nuair a d’imigh na hIarlaí i 1607 deirtear gur las na gnáthdhaoine tinte cnámh i dTír Chonaill ag glacadh buíochais as ucht iad a bheith réidh leo.

Chaitheamar blianta fada ag cur ár ndóchas i mBonnie Prince Charlie – an ‘Gile Mear’. Ba mhaith linn a cheapadh i gcónaí go raibh na Francaigh ag teacht thar sáile agus nach spárálfaí fíon Spáinneach ar Róisín Dubh.

Bhí formhór mhuintir na hÉireann sásta le Rialtas Dúchais i dtús na haoise seo caite. Bheadh an tír fós ina cuid dhílis d’Impireacht na Breataine ach ní raibh locht ar  bith acu air sin. Tá  Éireannaigh ann inniu féin a chreideann go láidir gur mór an trua nár ghlacamar le Rialtas Dúchais ag an am.

Ach tá Impireacht nua á cruthú anois – Aontas na hEorpa. Múintear dúinn lá agus oíche a bheith dílis don Aontas seo.

Maraíodh na mílte  Éireannach ag troid ar son Impireacht na Breataine. Má thugtar aird ar Angela Merkel agus ar Emmanuel Macron beidh Arm Eorpach againn gan mórán achair.    cinnte go mbeidh Éireannaigh páirteach ann.

Nuair a mharófar cuid acu déarfaidh na Tráchtairí Móra seo againne gur ar son na saoirse a thug siad a mbeatha.

Fág freagra ar 'Nuair a mharófar Éireannaigh in Arm na hEorpa, déarfar gur ar son na saoirse a thug siad a mbeatha'

  • Pól Ó Braoin

    Scríofa go deas agat, a Sheosaimh…

  • Seosamh Ó Cuaig

    Go raibh maith agat, a Phóil. Tugann do leithéid misneach dom leanacht ar aghaidh.

  • Séamus O'Coscair

    Níl aon gaeilge agam ar “Stockholm Syndrome” ach tá an cheart agat; tá sé ann fós.

  • Michael Máirtín Sonaí

    An-alt go deo. Seans ar bith go mbeadh fáil ar-líne ar an agallamh sin le Pat Chéit Cheoinín?

  • Ciaran Ó Fátharta

    For sure a Joe, Mar a duirt am Ghaeilge nua.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Bhí an t-agallamh le Pat Chéit ar an agallamh ba mhó a bhfuair mé freagraí riamh air. Ní cheapfainn go bhfuil sé ar-líne ach déarfainn go mbeadh lucht Raidió na Gaeltachta sásta cóip a chur ar fáil dhuit.

  • Caochpholl

    Níor ghá duit a dhul siar chomh fada leis an Lochlannaigh ná na Normannaigh, a Sheosaimh. Nárbh eachtrannaigh iad na Cuaig féin agus cuid acu ina dtíoránaigh maithe. B’fhéidir nár mhiste duit a stair siúd a ríomh am éigin ó tharla í a bheith ar leic an dorais agat.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Creidim féin gur ó shaighdiúir a bhí ag Cromaill in Árainn a shíolraigh muid. Meastú cé uaidh ar shíolraigh sibhse? Is deacair a rá nuair nach bhfuil d’ainm ná do shloinne againn.

  • Ciaran Ó Fátharta

    Tá an t-alt a scriobha tú léite i athuair agam a Joe Agus níl agam le rá faoi ach focal amhain ” iontach”.

  • Éadóchasach

    Más féidir linn ‘impireacht’ a thabhairt ar aontas a chuireann ar chumas na ndaoine atá páirteach ann éirí as, is cosúil go bhfuil gach aontas (.i. mórchóras sóisialta ‘is polaitíochta) ina ‘impireacht’. Agus is cosúil gur impireacht an-impiriúil ar fad é an t-aontas san a dtugaimid ‘Éire’ air.

    Aontas is ea Éire – bíodh sé sin ar eolas againn -, aontas ina bhfuil muintir na hÉireann páirteach, aontas nach gcuireann sé ar chumas na gcúigí, ná ar chumas na gcontaetha, ná ar chumas na ndaoine fiú éirí as. Múintear dúinn lá agus oíche a bheith dílis don aontas seo agus nuair a mharófar Éireannaigh in arm na hÉireann déarfaidh na Tráchtairí Móra seo againne gur ar son na saoirse a thugadar a mbeatha…

    An bhfuil na hÉireannaigh a fhaigheann bás in arm na hÉireann pioc níos fearr as ná na dreamanna a fhaigheann bás in airm eile?… Nó b’fhéidir go bhfuil airm áirithe níos fearr ná airm eile, agus b’fhéidir nach dtugaimid ‘impireacht’ ach amháin ar na haontais nach maith linn iad.

  • Caochpholl

    Tá traidisiún fada i litríocht na Gaeilge leas a bhaint as ainm cleite ar chúiseanna éagsúla. Tá sé de nós ag iriseoirí áirithe, mar atá a fhios agatsa, leas a bhaint as an tseift chéanna nó gan aon ainm a chur le halt. Is mó mo spéis díriú ar an ábhar seachas ar ghinealach an té a scríobh é. Ní hé ginealach do mhuintire a bhí i gceist agam ach an stair a bhain leo, an tslí ar chaith siad le daoine agus an tslí ar caitheadh leo. Bheadh cuid acu cóir, cineálta agus ar thóir an chirt, cuid eile acu ina dtíoránaigh, mar a bhíonn gach dream eile idir eachtrannaigh agus Éireannaigh.

  • Luke Callinan

    @Éadóchasach Ní bhíonn aon lámh ag tíortha neodracha sa gcogaíocht idirnáisiúnta. Is tír neodrach í Éire… nó in ainm is a bheith. Tá an neodracht sin á baint diaidh ar ndiaidh mar gheall gur cuid d’Aontas na Eorpa muid. Ní bhásfaidh duine ar bith mura nglacann muid páirt sna cogaí a tharraingeoidh clampróirí an Aontais Eorpaigh orainn. Sin í an áit a bhfuil an buille. Dar leat gur impireacht é an tAE a “chuireann ar chumas na ndaoine atá páirteach ann éirí as”. Níor mhiste dul chun cainte leis na Gréigigh nó na Sasanaigh go dtuige tú nach bhfuil sé go baileach chomh furasta sin an t-Aontas breá réchúiseach seo a fhágáil…