Nuair a leaindeáil sé i mBaile Átha Cliath ghabh geaing é agus ‘dhíoladar’ é ar €400…

Thug scéal Marius as an Rómáin éachtaint dár gcolúnaí ar a leochailí is atá cás an inimircigh in Éirinn

Nuair a leaindeáil sé i mBaile Átha Cliath ghabh geaing é agus ‘dhíoladar’ é ar €400…

Seachtó punt glan. Sin an méid a bhí aige ag deireadh a shaoil. Ach saibhreas a bhí ann chomh fada agus a bhain sé le Marius.

Le deireanas chualamar go leor faoi smuigleáil inimirceach – go háirithe ó bhris an scéal faoin dream bocht a fuarthas marbh sa leoraí i Sasana. Ba chosúil gur daoine iad as Vítneam a bhí á smuigleáil thar teorainneacha chomh fada leis an mBreatain.

Cá bhfios cá raibh siad le críochnú ar deireadh –  cén obair ghránna a beadh ar siúl acu dá mairfidís?

Is fánach an áit a bhfaighfeá duine ag cabhrú le daoine smuigleáilte. Labhair mé le bean le gairid a oibríonn go páirtaimseartha le ‘Migrant Help,’ dream atá lonnaithe in Dover i Sasana agus a fheidhmíonn freisin i dTuaisceart Éireann.

Mhínigh sí dom go bhfuil difríocht idir ‘gáinneáil’ (trafficking) agus ‘smuigleáil’. An difríocht is mó ná go n-úsáidtear foréigean, caimiléireacht nó comhéigean i gcás gáinneála. Séard atá sa smuigleáil ná ‘seirbhís taistil’- doiciméid bhréige srl a chur ar fáil d’inimircigh a bhíonn ag iarraidh taisteal dá ndeoin féin.

Ní chuirtear aon bhrú orthu imeacht as a dtíortha dúchais.

Ach ar ndóigh bíonn siad i sáinn go minic agus cuireann an ‘tseirbhís’ sin brú agus fiacha ollmhóra orthu.

Agus í ag caint liom faoi na Liotuánaigh agus na Polannaigh a n-oibríonn sí leo, chuir sé iontas orm féin go mbíonn daoine dá ngáinneáil as tíortha atá san Aontas Eorpach. Ach déanaimid dearmad go minic cé chomh bocht is atá daoine áirithe sna tíortha sin.

Go minic cuirtear iallach orthu drugaí a ghlacadh agus ansin nuair a bhíonn siad gafa ag fadhb drugaí, cuirtear brú orthu dul ag mangaireacht drugaí agus ansin dul thar lear i mbun na ‘hoibre’ céanna. Sciobtar a gcuid pasanna ionas nach féidir leo filleadh abhaile agus ní bhíonn dóthain Béarla acu le gearán a dhéanamh.

Nuair a tháinig mo chara trasna ar fhear amháin as an Rómáin tamall ó shin, chuaigh sé i gcion go mór uirthi. Bhí sé i ndroch-chaoi, ag maireachtáil beo bocht ar an tsráid. Ach bhí scéal le hinseacht aige.

Ba as an Rómáin do Marius. Meicneoir agus tiománaí HGV a bhíodh ann ach bhí saol crua aige sa mbaile. Ansin, mar a bheadh míorúilt ann, tairgeadh post maith dó mar thiománaí leoraí ag dul idir Éirinn agus a thír dhúchais.

Ach, an fear bocht, nuair a leaindeáil sé ag aerfort Bhaile Átha Cliath, ghabh geaing fear as a thír dhúchais féin é agus dúradar go neamhbhalbh leis gur leosan anois é.

‘Dhíoladar’ le geaing eile é ar €400.

Chuireadar iallach air oibriú dóibh gan aon phá ‘áit éigin’ i bPoblacht na hÉireann.

Ansin tugadh trasna na teorann go Tuaisceart Éireann é.

Agus an obair a tugadh dó ansin? Gadaíocht as siopaí ar son bhuíon na sclábhaíochta.

Gan de bhia aige ach an méid a bheadh sé in ann a ghoid nó a shábháil as an mbruscar sráide agus stuif a bheadh caite amach taobh amuigh de shiopaí burgar.

Ar deireadh fuair sé an misneach dul chomh fada leis na póilíní. Seo an áit a dtáinig mo chara-sa isteach sa scéal nuair a chuir na póilíní ar aghaidh chuig ‘Migrant Help’ é.

Thugadar an oiread cúnaimh dó agus a d’fhéadfaidís a chur ar fáil – áit shábháilte le fanacht, éadaí glana, bia agus cúnamh le dochtúir agus le fiaclóir.

D’fhan sí in éineacht leis fhad is a bhí na fiacla á dtarraingt amach ach bhí an phian go dona. Chaoin an bheirt acu. Ní dheachaigh sé i gcleachtadh riamh ar na fiacla bréige.

Níor éirigh leis cúnamh dífhostaíochta a fháil – deacrachtaí le Béarla, ceapadh – ach mar sin féin choinnigh mo chara leis. Bhí sí ag éirí an-cheanúil ar Marius.

Bíonn cúlra creidimh ag go leor de na dreamanna deonacha a chabhraíonn le hinimircigh. B’amhlaidh an scéal sa chás seo. Thosaigh Marius ag tabhairt cúnamh don eagraíocht aon seans a bhíodh aige – ag cur crainnte agus ag déanamh jabanna beaga fánacha dóibh.

Bhí sé cúirtéiseach ar an tseanstíl – bhí a chuid Béarla ag feabhsú de réir a chéile agus thugadh sé ‘Madam’ ar na mná a bhí thart air. I rith an ama, bhí mo chara ag obair go dian ar a shon – rud ar bith ach é a choinneáil ó shaol na sráide arís.

Bhí an-áthas uirthi an lá a bhfuair sí post dó, 35 míle amach as Béal Feirste – le dream as Gána san Afraic ar thug sí cabhair dóibh an bhliain roimhe sin. Bhí gnó dá gcuid féin acu anois.

Rinne sí cinnte gach rud a eagrú le cabhair dream ‘frithgháinneála’ eile sa cheantar. Chuir siad i dteagmháil le dochtúir agus le dlíodóir é. Fuaireadar áit chónaithe dó.

Ach ar a chéad lá oibre, agus pá anois ag an bhfear séimh cineálta seo agus gach rud ag dul sa treo ceart, thit sé mín marbh de bharr taom croí.

Bhí ar mo chara freastal ar an gCoiste Cróinéara agus a shochraid a eagrú.

Léigh an sagart áitiúil Aifreann na sochraide agus cuireadh é i reilig álainn i gContae Ard Mhacha. Tháinig slua mór cairde ó na heagraíochtaí éagsúla a thug cúnamh dó chuig an tsochraid.

D’fhág sé ina dhiaidh Bíobla sa Rómáinis, coisín toitín práis agus 70 punt glan.

Chuir mo chara an t-airgead ar aghaidh ag a dheirfiúr sa Rómáin.

Fág freagra ar 'Nuair a leaindeáil sé i mBaile Átha Cliath ghabh geaing é agus ‘dhíoladar’ é ar €400…'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Scéal uafásach a bhris mo chroí ag an deireadh. Mo náire – an duine bocht.