Nuair a bhuaigh peileadóirí Chiarraí Craobh na hÉireann an samhradh seo caite, tugadh an 50ú bonn uile-Éireann siar go dtí Cumann Caide na Gaeltachta, agus é i bpóca Bhriain Uí Bheaglaoich.
Bhí seacht mbliana caite ag an mBeaglaoch ag imirt le foireann shinsir Chiarrai faoin am sin agus cé gur caitheadh formhór na mblianta sin ag iarraidh breith suas le foireann chaithréimeach Átha Cliath, d’fhág an rath a bhí air faoi aois gur measadh go bhfaigheadh Ó Beaglaoich a lámh ar bhonn sinsir luath nó mall.
Beidh sé ag iarraidh an dara ceann a thabhairt leis an deireadh seachtaine seo nuair a thabharfaidh fir na Ríochta aghaidh ar Áth Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann ach níor cheap Ó Beaglaoich agus é óg gur caint ar bhoinn uile-Éireann agus ar laethanta móra i bPáirc an Chrócaigh a bheadh i ndán dó.
Agus é ag labhairt ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt sé go raibh dúil mhór aige sa pheil ó thosaigh sé ag imirt leis an nGaeltacht agus é ceithre nó cúig bliana d’aois ach nárbh aon gaiscíoch a bhí ann mar leaid óg.
“Nuair a bhíos an-óg, ní rabhas ar an duine is fearr ar an bhfoireann. Ní rabhas rómhaith,” a dúirt sé. “Is dócha, thart ar 14 [bliain d’aois], thosaigh sé ag teacht ionam ansin. D’oibríos crua mar ní rabhas chomh mór sin nuair a bhíos ag imirt ach i gcónaí bhí ana-dhúil agam ann agus bhíos fiáin chun caide.
“Theastaigh uaim imirt don nGaeltacht agus do Chiarraí i gcónaí agus is dócha gur spreag sé sin mé. Nuair a bhíos óg, bhí an-chuid leaideanna a bhí níos fearr ná mé fhéin ach chuireas an obair isteach…Tharla sé dom ansan. Chuireas mo cheann síos agus bhí foireann mhaith againn leis an nGaeltacht, bhí foireann mhaith againn leis an scoil.”
Ní foireann “mhaith” a bhí ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag an am ach ceann den scoth agus beidh triúr a bhí mar chuid de na foirne a bhuaigh Corn Uí Ógáin in 2014 agus 2015 ar phainéal Chiarraí ag an deireadh seachtaine – Ó Beaglaoich agus beirt an Daingin, Barry ‘Dan’ O’Sullivan, a bhí ina chaptaen in 2014, agus Tom O’Sullivan. Bhí fear eile a bheadh mar chuid d’fhoireann Jack O’Connor freisin dá mbeadh sé timpeall, Mark O’Connor, ina chomhchaptaen ar fhoireann 2015 leis an mBeaglaoch.
Dúirt Ó Beaglaoich gur thug an taithí sin a fuair sé ag imirt leis an bPobalscoil muinín dó agus é ag dul ar aghaidh go dtí foirne faoi aois Chiarraí. Bhuaigh sé Craobh Mhionúir na hÉireann in 2014. Tá teacht anois aige ar shaineolas nirt agus aclaithe agus cóitseáil den scoth leis an bhfoireann shinsir ach, mar sin féin, creideann sé go bhfuil an obair aonair a dhéanann imreoir nuair nach mbíonn siad istigh leis an bhfoireann chomh tábhachtach le rud ar bith.
“Obair i d’aonar an rud is mó. Fiú rud beag cosúil le lascáil na caide in aghaidh bhinn an tí. Rud beag is ea sin ach déanann sé difríocht mhór. Leaideanna Chiarraí, déanann sinn ar fad go fóill é sin agus tugann sé sin na scileanna ar aghaidh go mór.”
Aimsir na paindéime, nuair nach raibh cluichí ná traenáil ann, bhíodh Ó Beaglaoich le feiceáil go minic thíos ar pháirc Ghallaruis, turas gairid óna bhaile ar an gCarraig, le mála liathróidí agus é ag obair leis ar na bunscileanna sin.
“Bhí Ruaidhrí [dearthóir óg Bhriain agus fear eile a d’imir faoi aois do Chiarraí] liom cúpla babhta ach bhí sé leisciúil, ní thagadh sé na haon bhabhta! Ní raibh faic eile le linn Covid. Is dóigh liom gur tháinig feabhas mór orm le linn Covid chomh maith. Ní dóigh liom go rabhas láidir a dhóthain. Is dóigh liom gur tháinig forbairt mhór orm le linn an ama sin, fiú nuair nach raibh aon chluichí ná traenáil le chéile. D’oibríos crua sa gym agus ar na scileanna agus is dóigh liom gur tháinig feabhas mór orm.
Thosaigh Ó Beaglaoich ar fhoireann Chiarraí i gcraobh na bliana seo caite agus tionchar mór aige ar ghaiscí na Ríochta, go háirithe sa chluiche leathcheannais nuair a bhí ról cinniúnach aige sa ghluaiseacht a chríochnaigh leis an gcic saor a shlánaigh Seán O’Shea chun Áth Cliath a chur de dhroim seoil faoi dheireadh.
Bhí Ó Beaglaoich ag súil le bliain mhór eile i ngeansaí Chiarraí in 2023 ach d’fhág gortuithe nach raibh sé in ann dul chun páirce chomh minic is ba mhaith leis.
“Fuaireas gortaithe i dtreo dheireadh na bliana seo caite leis an chlub. Bhíos saghas déanach ag teacht thar n-ais [le Ciarraí] agus ansin fuaireas gortú eile laistigh de choicís. Bhíos amuigh ar feadh dhá mhí nó trí mhí agus chailleas an tsraith ar fad. Bhíos sásta ansin, bhíos thar n-ais don chraobh agus ag súil le teacht thar n-ais ar an bhfoireann. Bhí rudaí ag dul go maith. Ach, ansin, d’imríos cluiche leis an gclub agus fuaireas gortú beag agus chailleas trí seachtaine.
“Táim ar ais anois agus tá an traenáil ag dul go maith. Fós, táim sásta leis an áit go bhfuilim. Teastaíonn óna haon duine a bheith ag tosú ach ní bhfuaireas m’áit ar an bhfoireann ach, is dócha gur comhartha maith é sin don fhoireann, go bhfuil na leaideanna ag déanamh an jab a chaithfí a dhéanamh. Ni féidir leat foireann atá ag buachan a athrú.”
Beidh sé ag iarraidh tionchar a bheith aige ar chluiche an Domhnaigh, fiú más ag teacht isteach mar ionadaí a bheidh sé, agus Ciarraí ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath arís tar éis dóibh a bheith fágtha in áit na leathphingine ar feadh roinnt blianta ag fir na príomhchathrach.
“Tá imeartha againn n’fheadar cé mhéad babhta anois. Bhí sé deacair lámh in uachtar a fháil orthu nuair a bhíos ag tosú amach. Idir 2016-2019, d’imríomar iad roinnt babhtaí agus bhuadar orainn na haon bhabhta. Is dóigh go raibh foireann i bhfad níos óige againn an uair sin agus bhíodar an-an-láidir ag an am. Ní dóigh liom go rabhamar chomh maith leo timpeall an ama sin ach anois níl mórán eadrainn in aon chor. Is dóigh liom go mbeidh cluiche an-chóngarach eadrainn Dé Domhnaigh,” a dúirt Ó Beaglaoich.
“Cluichí idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath, nuair a bhíonn tú ag fás aníos is iad sin na cluichí is fearr agus tá súil agam go mbeidh ceann eile againne an deireadh seachtaine seo chugainn.”
Helen Ní Shé
Is féidir éisteacht leis an agallamh ar an nasc seo. https://bit.ly/3OsBzL0