Údar imní is ea an meath ar mhuinín sa phóilíneacht cibé tír nó réigiún ina dtarlaíonn sé ach cothaíonn sé buairt ar leith i dTuaisceart Éireann. Bhí dóchas go mbeadh an PSNI mar sméar mhullaigh ar Thuaisceart Éireann, na rialacha agus caighdeáin leagtha síos dó mar eiseamláir do phóilíneacht go hidirnáisiúnta.
Beidh súil go gcuideoidh £37 milliún de mhaoiniú breise a tugadh don PSNI an tseachtain seo chun meanma na mball a ardú agus feabhas a chur ar a gcumas fiosraithe. Ní bheadh sé deacair a bheith níos éifeachtaí ná mar a bhí siad faoi mharú Katie Simpson mar a léirigh tuairisc Ombudsman na bPóilíní an tseachtain seo caite. Anuas air sin chuir an próiseas smachta a d’eascair as an tuairisc díomá ar íobartaigh atá ag smaoineamh anois ar an dlí a chur ar an PSNI.
Chinn Ombudsman na bPóilíní go ndearna an PSNI liodáin de bhotúin i dtaca le marú an mharcaigh seóléimní, Katie Simpson, 21, i mí Lúnasa 2020. Ní raibh fonn fiosraithe orthu, iad toilteanach glacadh le cuntas an fhir a chúiseofaí an bhliain dár gcionn as í a dhúnmharú, Jonathan Creswell. Dúirt seisean go ndearna sí iarracht í féin a chrochadh ón staighre. Ba í deirfiúr Katie páirtnéir Creswell agus bhí cónaí orthu go léir in aontíos i Leitir Seandomhnaigh i gcontae Dhoire. Ghlaoigh sé ar 999, thug sé Katie agus í gan aithne gan urlabhra i gcarr agus bhuail leis an otharcharr ar an mbealach go dtí ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin [Altnagelvin], iompar aisteach a cheap paraimhíochaineoirí.
Deir an PSNI gur theip ar a gcuid córas, nár aithin siad go raibh téarma príosúin curtha isteach ag Creswell as ionsaí a dhéanamh ar bhean eile; dúirt tuairisc an Ombudsman go raibh a fhios ag póilíní luath sa gcás gur ciontaíodh Creswell in 2010 as an ionsaí sin. Fuair Katie bás san ospidéal tar éis cúig lá de bharr na ngortuithe a d’fhulaing sí nuair a batráladh agus éigníodh í. Chinn an tOmbudsman nár scrúdaíodh an teach agus nár tógadh fianaise fhóiréinseach maidir lena gortuithe cé gur ardaigh lucht leighis ceisteanna fúthu. Nocht tuairisc an Ombudsman freisin gur cuireadh póilíní ar an eolas sula bhfuair sí bás gur imir Creswell ansmacht foréigneach uirthi agus go raibh mná eile faoi smacht comhéigneach aige. Níor fiosraíodh é go dtí 2021 nuair a cúisíodh é. Chuir Creswell lámh ina bhás féin i mí Aibreán 2024 tar éis lá sa chúirt ar a thriail as dúnmharú.
Níorbh é Jon Boutcher an Príomh-Chonstábla ag an am ach ghabh sé leithscéal le muintir Katie as fiosrú lochtach, easnamhach na bpóilíní. Mhol an tOmbudsman go smachtófaí seisear; bhí beirt éirithe as, níor smachtaíodh duine eile, fuair duine rabhadh scríofa agus cuireadh comhairle ar an mbeirt eile. Cén t-iontas go n-airíonn muintir Katie nach raibh ar éinne freagracht a ghlacadh. Leagann siad béim air gurbh é Creswell an ciontóir ach teastaíonn uathu go mbeadh ar dhaoine freagairt as an bpraiseach a rinneadh den bhfiosrú.
Deir an PSNI go bhfuil siad diongbháilte go bhfoghlaimeoidh siad na ceachtanna riachtanacha ón gcás. Beifear ag faire go géar orthu. Maraíodh seachtar is fiche ban ó bunaíodh an PSNI agus tá imní ar mhórán nach mbeidh dóthain muiníne as na póilíní ag mná a fhulaingíonn foréigean. Tá mí-úsáid agus lámh láidir sa teaghlach chomh coitianta sin i dTuaisceart Éireann nach fada ó dúirt an PSNI go gcuirfeadh siad a gcuid oibríochtaí ina gcoinne ar an mbonn céanna lena bhfeachtas frithsceimhlitheoireachta.
Tá gá le muinín a chothú san dá ghné sin dá ndualgais. Rómhinic a chloistear ‘ní dhéanfaidh an PSNI ‘tada’ nó ‘ní dhearna an PSNI tada’. Fágann easpa muiníne i bpóilíneacht bearnaí contúirteacha. Is iomaí tuairisc ón Ombudsman faoi chlaonpháirtíocht in eachtraí stairiúla, leithéidí an tsléachta i Loch an Oileáin, nach bhfuil tada déanta ag an PSNI fúthu – ach feachtas in aghaidh iriseoirí, cás atá faoi fhiosrú i gcónaí.
An tseachtain seo ceadaíodh £37 milliún don PSNI chun a dhul i ngleic le fadhbanna práinneacha. Bhí Aire Cirt Stormont, Naomi Long in ann an maoiniú breise a cheadú ó fuair an Feidhmeannas £700 milliún ó Whitehall mar choigeartú ar an mbuiséad. Tá rún ag an bPríomhchonstábla Boutcher leas a bhaint as an airgead nua chun ardú pá a deonaíodh míonna ó shin a chur i gcrích. Ina theannta sin tá sé ag obair ar phlean téarnaimh don tseirbhís. I measc a spriocanna tá méadú ar líon na gcomhaltaí. Ní mór dó freisin muinín a chothú go bhfuil ceachtanna foghlamtha agus nach ornáidí le haghaidh seilfeanna iad tuairiscí ón Ombudsman.
Fág freagra ar 'Nuair a bhíonn an phóilíneacht easnamhach bíonn contúirt ann'