Nuair a bhí Pápa anseo cheana, níor luadh an focal ‘spórt’ ar Raidió na Gaeltachta…

Aistriú as Seomra an Spóirt chuig Seomra na Nuachta an chinniúint a bhí i ndán dár gcolúnaí agus Eoin Pól II in Éirinn

Nuair a bhí Pápa anseo cheana, níor luadh an focal ‘spórt’ ar Raidió na Gaeltachta…

Murach cruóg a bheith air i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna b’fhéidir go mbeadh seans faighte ag an bPápa Proinsias breathnú ar Chluiche Ceannais Iománaíochta Faoi 21 na hÉireann idir Corcaigh agus Tiobraid Árann atá ar siúl ar Pháirc na nGael agus á chraoladh ag TG4.

Fearacht Eoin Pól II a tháinig chun na tíre seo beagnach dhá scór bliain ó shin is cosúil gurb é an sacar is ansa le Pápa na linne seo, cé go mba í an chispheil ba mhó a chleacht Jorge Mario Bergoglio agus é ag éirí aníos in Buenos Aires.

Ach ba bhaill de chumann sacair San Lorenzo iad a thuismitheoirí, a bheirt deartháireacha agus a bheirt deirfiúracha freisin agus ba don chluiche sin freisin a thug Jorge gean, club a bhunaigh sagart, tráthúil go leor, i dtús an chéid seo caite agus é ag iarraidh rud le déanamh a thabhairt do ghasúir lár na cathrach.

Ba sa mbliain ar saolaíodh an Pápa (1936) a bhuaigh San Lorenzo Sraith na hAirgintíne den chéad uair agus deich mbliana dár gcionn le linn dóibh a bheith ag tabhairt camchuairt ar Mhór-Roinn na hEorpa, bhuaigh siad ar fhoirne náisiúnta na Spáinne agus na Portaingéile.

Sna 1960idí, níorbh é a gcumas imeartha amháin a thuill clú dóibh mar bhuachaillí báire. ‘Carasucias’ (‘lucht na n-éadan salach’) an leasainm a bhí san Airgintín orthu as a gcuid geáitsíochta ar pháirc na himeartha agus lasmuigh di. Ní foláir mar sin féin nó bhí mianach iontu mar oiread agus an cluiche amháin féin níor chailleadar i Sraithchomórtas 1960.

Tá siad láidir go maith i gcónaí cé go bhfuil cuairt nó dhó tugtha le gairid acu ar Roinn 2 na Sraithe, ach níl sé ach cúpla bliain ó bhuaigh siad an Phríomhroinn go deireadh.

Ní gnóthaí eaglasta amháin a bhíonn á bplé ag an té a shuíonn i gCathaoir Pheadair agus ina measc siúd a bhuail leis an Pápa Proinsias le gairid bhí Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha agus ceannasaí FIFA.

’Séard a mheabhraigh an Pápa agus cluiche na hiománaíochta dom gur maith is cuimhin liom go mba folamh, díomhaoin a bhí páirceanna imeartha na tíre seo agus Eoin Pól II ar cuairt anseo an dá lá ba dheireanaí de Mheán Fómhair agus an lá ba thúisce i nDeireadh Fómhair sa mbliain 1979.

Ní cheapfainn gur luadh an focal ‘spórt’ ar Raidió na Gaeltachta, an áit a raibh mise ag obair ag an am. B’ionann cás i mórán chuile bhrainse de na meáin. Le gairid d’fhéach mé ar eagrán an Luan, an 1 Deireadh Fómhair 1979 den Cork Examiner – dhá orlach torthaí de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhí ann – toradh amháin as Corcaigh féin, ceann eile as Luimneach agus na trí chluiche ceannais iomána idir Chlubanna Londain a imríodh i Ruislip.

Fiú agus go raibh réamhthuairisc ar chluiche ceannais na sinsear ansiúd idir Naomh Gabriel agus Cumann Bhrian Bóramha ar Scéala Éireann an lá sular shroich an Pápa an tír – an t-aon chluiche de chuid CLG a bhféadfaí a leithéid a dhéanamh air mar nach raibh a leithéid eile ar bun sa tír seo.

Mé a aistriú as Seomra an Spóirt chuig Seomra na Nuachta an chinniúint a bhí i ndán domsa agus Eoin Pól II in Éirinn – faobhar ar an lann a bhí i mo lámh agam ag gearradh an chorrphíosa Gaeilge a labhair a Naofacht agus á sníomh isteach sna tuairiscí a bhí ag teacht chugainn as Aerfort Átha Cliath, Páirc an Fhionnuisce, Páirc na Rásaí i mBaile an Bhriotaigh, Gleann dá Loch, Cnoc Mhuire agus na háiteacha eile ar leag sé a chos.

Go fiú gur éirigh lenár bhfear nuachta féin, Seán Ó Tuairisg, ceist a chur ar an bPápa agus iad ar an eitleán ag teacht ón Róimh.

B’fhearr liom an cheird a bhí orm ná cuid de na dualgais a bhí fágtha ar an mbeagán iriseoirí spóirt a bhí ag iarraidh a bheith ag soláthar ábhair nach raibh ann do na meáin náisiúnta eile – gan le líonadh ach cúpla leathanach ceart go leor ach iad a brath ar le rásaí capaill, con agus beagán de shacar Shasana.

Más buan mo chuimhne ba é an t-aon scéal baile a raibh dealramh de chineál ar bith air a bhí ar leathanach cúil Scéala Éireann lá amháin acu go raibh Cumann Rugbaí Leitir Ceanainn ag tabhairt aghaidh ar an Iodáil an lá céanna a raibh Eoin Pól ag sroicheadh na hÉireann. Bhíodar le cúpla cluiche a imirt ansiúd – Cuairt an Phápa droim ar ais, más mian leat!

D’éirigh le hiriseoir rugbaí eile greim a fháil ar Tony Ward ar tugadh a áit ar fhoireann na hÉireann do Ollie Campbell ar thuras chun na hAstráile trí mhí roimhe sin. Dúirt Mac an Bhaird go mbeadh sé dírithe ar an áit sin a fháil ar ais nuair a thiocfadh Éirinn chun páirce arís – ceithre mhí dár gcionn in aghaidh Shasana!

‘Nuair is crua don chailleach,’ a deir tú!

Ar pháipéir an Domhnaigh ní raibh ar an dá leathanach spóirt ach miontagairt sna torthaí do chúl a bhí scóráilte do Arsenal an lá roimhe ag Frank Stapleton in aghaidh Wolves. Bhí 17 leathanach ar fad fágtha faoi chuairt an Phápa.

Bob Dylan a chas an t-amhrán a théann le colún na seachtaine seo.

Tomhais céard é?

Fág freagra ar 'Nuair a bhí Pápa anseo cheana, níor luadh an focal ‘spórt’ ar Raidió na Gaeltachta…'

  • Seán

    Gach seans gur chann Bob féin do Mháirtin Tom Sheáinín é ar Tuairisc.ie
    “Tá na hAmanna ag Athrú” !

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Fearthainn chrua, bhfeidir!