Nuair a bhí Aodh Ruadh Ó Domhnaill ag fágáil Dhún na nGall…

Uair sa tseachtain, foilsítear seanchas i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo, agus seandálaithe den tuairim go bhfuil taisí Aodha Rua aimsithe acu in Valladolid, tá cuntas againn faoin ór a d’fhág sé ina dhiaidh…

Nuair a bhí Aodh Ruadh Ó Domhnaill ag fágáil Dhún na nGall…

Nuair a bhí Aodh Ruadh Ó Domhnaill ag fágáil Dhún na nGall bhí mórán airgid aige le cur i dtaisce. Chuaigh sé amach lá amháin go hoileán Loch Béal Séad len é a chur i dtaisce. Ins an am sin bhí geasa a’ gabháil agus bhí Aodh é fhéin istigh le lucht na ngeasa. Cuir siad an t-airgead i bhfolach agus lán pota óir a bhí ann. Tá eascann dá choimhéad go fóill agus deirtear go bhfuil anam duine le cailleadh sula dtig é a thógáil.

Síltear gur aimsíodh taisí Aodha Rua in Valladolid an tseachtain seo

Níl le feiceáil ins an áit a bhfuil sé curtha ach ardán beag cruinn caonaigh agus tom saileog dhubh a’ fás air. Deirtear gur Aodh Ruadh é fhéin a chuir an tom sin lena láimh fhéin.

-Mollaidh Ní Ghallchobhair a bhí ar scoil na Cruaiche sa Bháinigh i nDún na nGall a scríobh an scéal seo ó Phrionsus A Gallchobhair

Fág freagra ar 'Nuair a bhí Aodh Ruadh Ó Domhnaill ag fágáil Dhún na nGall…'

  • Géaróid Mac Maghnuis

    Tá na n-ghrianghraf ar barr na sgéal seo mícheart mar tá sin an leacht i gcuimhne Aodh Ruadh I agus fuair sé bás sa 1505. Bhí Aodh Ruadh II ceannaire mhór sa Chogadh na Dhá Aoidh (1592 go 1606) agus chuaidh sé amach as an tíre seo i ndhiaidh an bhriseadh mhór i gCath Cionn t-Sáile ar an 3adh Eanáir 1602.