Nuair a bhí an scoil bheag Ghaeltachta ina Hollywood againn…

Tá sé le maíomh againn gur ansin, ag ceolchoirm Nollag i Hollywood Ghlinsce a chas Johnny Mháirtín Learaí amhrán ar stáitse den chéad uair…

Nuair a bhí an scoil bheag Ghaeltachta ina Hollywood againn…

‘Cá’il muid anois? Go bhfóire Dia orainn.’  

Cloisim fós na focla, chaon fhocal acu tarraingthe amach ar bhealach scéiniúil ardghlórach faoi scáth an dorchadais. Baineann an eachtra gáire asam fós i ngan fhios dom féin – an cineál sin gáire a thagann as do chreatacha gan bhuíochas duit, san áit is míchóiriúla ar bith, scaití.

Bhí scoil Ghlinsce lán go doras agus an dream nach raibh spás dóibh istigh bhí fad bainte as a gcuid muineál acu in aghaidh ursain an dorais le súil agus go bhfaighidís amharc ar an stáitse.

Scoil bheag ar an seanmhúnla i nGlinsce i bhfad siar i gConamara. Aimsir na Nollag – an cheolchoirm bhliantúil. Na daoine a raibh cleachtadh acu ar na ceolchoirmeacha, bhídís istigh sna suíocháin tosaigh uair an chloig roimh thús an tSeó. Ba í an scoil bheag Hollywood na háite an oíche sin.  

Muide a bhí ag eagrú agus ag plé leis an oíche, bhí slua maith againn ann; muid uilig sa gcéad tréimhse den óige nuair nach mbíonn an cruinneas ceart, iomlán fós san inchinn – bhuel sin é atá na saineolaithe a rá anois.

(Cúig fichead, nó ag bordáil air a bhíonn tú sula mbíonn an cruth ceart críochnúil ar an inchinn, a deir na saineolaithe sin linn. Bíonn sí ag forbairt agus ag fás go dtí sin. Tá cuid againn ann nár shroich cúig fichead fós!)

Ach ar ais chuig an solas, an dorchadas agus an Nollaig sa scoil bheag ar imeall an chriathraigh breis agus dhá scór bliain ó shin.  

Ní raibh mórán ‘áiseanna nó fearais’ ar fáil ach níor stop sin muid.

An oíche ar chlis an solas agus muid réitithe le dhul ar stáitse, bhuel d’éirigh linn an córas a chur ina cheart, ar chaoi éigin. Ach ní hé an baol a bhí ann nach rachadh an Seó ar aghaidh a tharraing an uaill uaigneach as béal an fhir a chur an cheist thruamhéalach:

“Cá bhfuil muid anois? Go bhfóire Dia orainn.”

Bhí siúl faoina theanga le leathuair an chloig roimhe sin ar aon nós. B’fhéidir go raibh braon curtha san inchinn ag Paddy Power. Ach, nuair a chlis an ‘power’ cuireadh as a bhuille é. “Ach cá’il muid anois – go bhfóire Dia orainn.”

Bhuel, bhí muid i Hollywood Ghlinsce!

Ba é Máirtín Seoige as Sruth Sáile ar an gCaiseal a bhaist ‘Hollywood’ ar ócáid Scoil Ghlinsce. Fear géimiúil tráthúil a bhí ann. Is beag imeachtaí dá leithéid a bhíodh thart san áit ag an am agus rud eile, ní raibh greim chomh mór ag an teilifís ar dhaoine an tráth úd. Bhí tuiscint mhaith freisin ag muintir na linne sin ar shaol agus ar dhiabhlaíocht na tuaithe.

Muid féin a chuir na sceitseanna grinn le chéile. Mar shampla, an ceann seo… Chuaigh beirt dhearthár sa tóir ar sheirbhís tairbh an AI agus thugadar an bhó leo ar cheann téide go dtí an bosca teileafóin. Ba bheag scil a bhí acu san AI agus ba lú ná sin eolais a bhí acu ar an teileafón. Ach, theastaigh an deis nua tairbh. Ní raibh bean an teileafóin ag fáil aon mheabhair orthu idir bhúireach na bó agus búireach na beirte: “Hold the line,” arsa sise. “M’anam go bhfuil mé i ngreim sa rópa chomh maith agus atá mé in ann,” a d’fhreagair an feilméara.

Glór eile ón urlár – fear nach raibh baint ar bith aige le cruóg na bó ná cruóg an stáitse – “By dad, a leaids ach beidh an dáir imithe di mura bhfaighidh sibh an tarbh gan mhoill.”  

Há, há, agus há, há há.

“A mh’anam go raibh bó agamsa a bhí faoi dháir ar feadh coicíse an bhliain cheana,” arsa fear eile a raibh a mhuineál le hursain an dorais. Tuilleadh há, há, há.

Dhá sceits ar bun anois, ceann ar an stáitse agus ceann eile sa lucht féachana i Hollywood. Spraoi agus spiorad na Nollag.

Ba é a dheireadh é gur cheangail an bheirt an bhó don bhosca teileafóin agus gur tharraing sise an bosca as a chuid lúdracha.

Cá bhfuil muid anois?

Amhrán an chéad rud eile ar an gclár. Ach céard a bhrúfaí isteach ar an stáitse ach macasamhail d’asal. Cuma thoirtiúil an asail air freisin, féar fáiscthe síos i mála mór bran – beatha beithíoch a bhíodh ann san am sin – agus cheithre chos curtha faoi. Is diabhalta acmhainneach a bhí lucht stáitse na linne sin. Theastaigh an ‘t-asal’ le léargas a thabhairt ar an amhrán:

“Your cart is wracked and worn friend and your ass is very old.

It must be twenty summers since that animal was foaled.”

Ach ba é an fear a tháinig ar ais ó na mairbh a chur an ‘hata tin’ orainn. Eachtra thromchúiseach throdach a bhí sa sceits seo agus leagadh an fear seo fuar marbh ar na cláracha. Síos de léim agus gan cor as. Ach céard a dhéanfadh sé ach éirí as na mairbh agus muide – sórt léiritheoirí – ag brath ar a chorp a bheith sínte amach le clabhsúr ceart a chur ar an sceits.  

“Mh’anam, a Sheoigeach go ndéarfainn gur tú an chéad fhear a tháinig ar ais as na mairbh thart anseo,” arsa duine éigin gar don doras. “Ó muise a mh’anam go ndéanfadh muid gnó maith ar an saol seo dá uireasa,” a dúirt lead smartáilte i gcoirnéal éicint eile.

Bhí cuid mhór de dhaoine óga an cheantair bainteach le heagrú na ceolchoirme faoi Nollaig agus bhíodh go leor daoine as an áit ag tnúth leis an oíche. B’fhéidir nach dtabharfadh léirmheastóir an New York Times ardmholadh dó ach bhí daoine ar stáitse a bhí in ann gáire a bhaint amach agus daoine a raibh poirt, foinn agus feadaíl ar a dtoil acu.

Agus tá sé le maíomh againn gur ansin, ag ceolchoirm Nollag i Hollywood Ghlinsce a chas Johnny Mháirtín Learaí amhrán ar stáitse den chéad uair. Ait go leor, ba é sceits ghrinn na bó agus an bhosca teileafóin an chéad rud a tharraing Johnny anuas nuair a labhair mé leis faoi cheolchoirmeacha Nollag Hollywood le gairid. Bhíodh Michael Mháire an Ghabha ann agus fear eile a bhí ina cheoltóir den scoth, Josie Mhattie Sheáinín (Ó Conghaile) as Leitir Ard. Bhásaigh Josie go tragóideach nuair a chuaigh an St Oliver ar na carraigeacha amach ó chósta Mhaínse in 2004.

Is iomaí sin Nollaig atá imithe thart ó bhí Hollywood i nGlinsce, d’athraigh an saol agus chuaigh imeachtaí mar sin i léig.

Mar a dúirt Paddy Fitzpatrick as Rinn Mhaoile, a d’imigh leis ar shlí na firinne le gairid, agus é ag trácht ar chluiche peile i bhfad ó shin: ‘those were the days my friend’. Chuile sheans gurb iad focail an amhráin a bhí ar bharr a dteanga ag cuimse daoine san aimsir a caitheadh a bhí i gceist ag Paddy.

An cailín as gleannta na Breataine Bige a bhíodh ag casadh an amhráin sin in aimsir Hollywood Ghlinsce – Mary Hopkins. Bhí ‘Once upon a time there was a Tavern’ ar cheann eile de línte an amhráin sin freisin.

Tráth den saol bhíodh Hollywood againn faoi Nollaig i Scoil Ghlinsce. Bhíodh daoine óga a raibh soilse na Nollag ag scaladh as a n-inchinn; daoine óga a raibh leigheas acu ar an dorchadas féin.

Tá an Nollaig ar fáil aríst. Ach cá bhfuil muid anois?

Fág freagra ar 'Nuair a bhí an scoil bheag Ghaeltachta ina Hollywood againn…'