Nuapholaitíocht nó seanscéal agus meirg air?

Is beag a cheap go mairfeadh an rialtas seo trí mhí ach faoi cheann trí seachtaine gheofar tuiscint éigin ar mheon an phobail i leith na nuapholaitíochta le trí bliana anuas

Nuapholaitíocht nó seanscéal agus meirg air?

Pictiúir: Rollingsnews.ie

Trí bliana agus an deireadh seachtaine seo bhunaigh Fine Gael rialtas athuair agus toghadh Enda Kenny ina Thaoiseach den dara huair. Ba é sin an clabhsúr a cuireadh ar thréimhse fhada cainteanna a mhair os cionn trí scór lá, an tréimhse ab fhaide riamh a thóg sé rialtas a bhunú sa Stát.

Baisteadh an ‘nua-pholaitíocht’ ar an socrú a raibh comhaontú muiníne agus soláthair idir Fianna Fáil agus Fine Gael ina chroílár. Trí bhuiséad a gheall Fianna Fáil. Bunaíodh rialtas mionlaigh idir Fine Gael, comhghuaillíocht na neamhspleách agus roinnt Teachtaí Dála eile. Thacaigh naonúr Teachtaí neamhspleácha le ceapachán fhear Mhaigh Eo ina Thaoiseach den dara huair, éacht nach raibh déanta riamh cheana ag aon cheannaire de chuid Fhine Gael. Ceapadh triúr de na teachtaí neamhspleácha ina n-airí ag bord an rialtais ar an gcéad lá.

Bhíothas den tuairim go bhfágfadh an ‘nuapholaitíocht’ go mbeadh obair na bpolaiteoirí níos fiúntaí nuair nach mbeadh tús áite á thabhairt do ghnaithí páirtí  ar gach aon ní eile. Tar éis trí bliana den nuapholaitíocht, is í tuairim na coitiantachta gurb é a mhalairt atá tarlaithe. Bíonn an obair ar reachtaíocht níos moille ná riamh, tá vótaí á gcailleadh ag an rialtas sa Dáil agus sa Seanad mórán chuile sheachtain agus níl aon dul chun cinn sna réimsí polasaí is mó a bhfuil práinn leo.

Ba dhíol suntais an rialtas a bheith ag cailleadh vótaí i dtús na Dála seo. Ní chuirtear suim ar bith anois ann. Nuapholaitíocht? Dul chun cinn? Is deacair a rá.

Bhí an mhí seo caite ar an gceann is measa riamh ó thaobh plódú in ospidéil na tíre. Bhí os cionn 10,000 othar – 106 páistí ina measc – ag fanacht ansin agus gan leaba acu mí an Mhárta. Le linn na míosa seo caite tharla ardú eile freisin ar na figiúirí do dhaoine gan dídean. Tá os cionn 10,300 duine anois ag brath ar lóistín éigeandála. Is gasúir iad 3,831 díobh sin. Níl ansin ach dhá shampla de theip na nuapholaitíochta.

Níl an rialtas ag dul i ngleic leis na géarchéimeanna seo ach níos measa ná sin níl aon duine ag tabhairt a ndúshláin.

Cé go maíonn Fianna Fáil gurb iadsan an príomhpháirtí freasúra, tá siad ag cloí go daingean leis an gcomhaontú  muiníne agus soláthair. Tá géarchéim an Bhreatimeachta níos tábhachtaí ná aon ní eile, a deir siad.

Tá an Breatimeacht curtha siar anois go Samhain. Tá tráchtairí áirithe den tuairim nach dtarlóidh sé go brách. An bhfuil sé in am mar sin aird a thabhairt an athuair ar chúrsaí sa mbaile?

Tá iarrthóirí ag taisteal ar fud na tíre ar thóir vótaí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha faoi láthair. Toghcháin neamhghnácha an péire acu, fiú mura mbeadh aon nuapholaitíocht i bhfeidhm in aon chor. An mbeidh an pobal ag déanamh breithiúnais maidir leis an rialtas agus ag iarraidh teachtaireacht a thabhairt dóibh nuair a rachaidh siad chuig na bothanna vótála? An ar chúinsí áitiúla a chaithfear vótaí? An mbeidh fearg á léiriú faoin ngéarchéim tithíochta agussláinte? Nó faoi mhí-éifeacht na nuapholaitíochta?

Ceapadh ar dtús nach mairfeadh an rialtas seo trí mhí ach tá trí bliana curtha isteach acu. Inseoidh na toghcháin faoi cheann trí seachtaine méid áirithe faoi mheon an phobail i leith an rialtais. Tabharfaidh siad leid dúinn freisin faoi cén deifir a bheidh ar na príomhpháirtithe filleadh ar na bothanna arís d’olltoghchán.

Fág freagra ar 'Nuapholaitíocht nó seanscéal agus meirg air?'