‘Nothing tastes as good as skinny feels’ – mainicíní na Fraince ag rith ar thanaí

Faoi reachtaíocht nua sa Fhrainc, féadfar téarma príosúin a ghearradh ar aon ghníomhaireacht mainicíneachta nó ar lucht fógraíochta a fhostaíonn duine a bheadh róthanaí

katemoss

Rinne an mainicín cáiliúil Kate Moss ráiteas an-chonspóideach sa mbliain 2009: ‘Nothing tastes as good as skinny feels’. Bhí an port céanna 150 bliain roimhe sin ag bean cháiliúl eile Wallis Simpson nuair a mhaígh sí ‘No woman can be too rich or too thin’.

Idir an dá linn, bhí fás an-mhór tagtha ar an ngalar anoireicse (anorexia nervosa); tá an tinneas sin chomh forleathan anois go bhfuil dlí nua le tabhairt i bhfeidhm ag Rialtas na Fraince chun cosc oibre a chur ar mhainicíní atá róthanaí. 

Faoin dlí nua sin, féadfar fíneáil €75,000 nó téarma príosúin 6 mhí a ghearradh ar aon ghníomhaireacht mhainicíneachta nó ar lucht fógraíochta a fhostaíonn duine a bheadh róthanaí.

Cé go gceapfaí ar an gcéad amharc go mbeadh sé deacair an dlí seo a chur i bhfeidhm, tá córas sách simplí aimsithe acu; beidh ar mhainicíní teastas reatha a bheith acu a chruthóidh go bhfuil comhréir idir a n-airde agus a meáchan. Beidh córas na dteastas bunaithe ar Innéacs Corpmhaise (Bodymass Index/BMI) an duine agus má tá mainicíní ar bith ró-éadrom dá n-airde, is gníomh coiriúil a bheas ann iad a fhostú i seó faisin nó i gcúrsaí fógraíochta.

Tá treoirlínte den cineál ceanna i bhfeidhm cheana féin san Iodáil, sa Spáinn agus san Iosrael ach beidh bunús dlí leo sa bhFrainc.

Ní cosúil go dteastóidh srianta den chineál seo i ndlí na hÉireann mar go ndeir gníomhaireachtaí mainicíneachta anseo nach bhfostaítear mainicíní róthanaí sa tionscal sa tír seo ar aon nós. Bíonn an-bhéim acusan ar airde seachas ar thanaíocht.

Níl na figiúirí curtha ar fáil fós ag Rialtas na Fraince ach meastar go mbeidh cosc oibre ar mhainicín ar bith le BMI faoi bhun 18; is ionann sin agus meáchan 8 gclocha agus 9 bpunta do bhean a bheadh 5’7” ar airde.

Glactar go coitianta go bhfuil anoireicse ar bhean fhásta má tá an BMI faoi bhun 17.5. Léirigh staidéar Eorpach a rinne an London School of Economics le gairid gur 24.4 an meán BMI ag mná na hÉireann. Ag mná na hOstaire a bhí an mheán ab isle (23.6) agus ag mná na Gréige a bhí an meán ab airde (25.8). 

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbíonn anoireicse ar bhean amháin as gach 200 agus ar fhear amháin as gach 2,000. Tá na figiúirí do Thuaisceart Éireann beagán níos sláintiúla ach is léir go bhfuil cúrsaí meáchain i gcoitinne ina chúis imní ag mná, thuaidh agus theas; cuireann cúrsaí meáchain as do 56% de mhná sna 6 chontae agus 36% sa phoblacht. 

Cailíní agus mná idir 15- 40 bliain d’aois is coitianta a bhuailtear le hanoireicse anseo. Léiríonn na staitisticí gur de thoradh tinnis a bhaineann le hithe a thugann 11.5% d’ógánaigh faoi bhun 18 bliana chuig ospidéil meabhair ghalair anseo. Tá imní ar na húdaráis sláinte gur in olcas a rachaidh cúrsaí anoireicse; fuarthas amach ó staidéar thar thréimhse 7 mbliana in Ospidéal na Leanaí i Sráid an Teampaill, Baile Átha Cliath gur faoi bhun 14 bliana an mheánaois anois d’othair anoireicse agus go gcaitheann siad ar fad os cionn míosa faoi chúram na ndochtúirí le dul i ngleic leis an ‘ngalar intinne tromchúiseach’ seo.

Mar chuid dá n-iarrachtaí smacht a fháil ar scaipeadh an tinnis seo, tá Rialtas na Fraince chun pionóis throma (fíneáil €100, 000 agus bliain príosúin) a ghearradh freisin ar aon suíomh gréasáin a spreagann daoine le teorannú ródhian a dhéanamh ar an méid a itheann siad ar mhaithe le meáchan a chailliúint.

Tá gníomhaireachtaí mainicíneachta na Fraince go mór in amhras faoi na dlíthe nua agus deir siad nach ionann tanaíocht agus anoireicse agus gur mar ghalar intinne is ceart déileáil leis an gcás. Deir siad freisin gur cheart tuilleadh acmhainní a dhíriú ar chabhrú le hothair a bhfuil an galar orthu agus le heolas faoi a scaipeadh i measc an phobail.

Agus maidir le Kate Moss agus a tuairim nach bhfuil aon rud níos blasta ná a bheith fíorthanaí, bhí freagra ag an gcraoltóir teilifíse Denise Van Outen uirthi a thaitneodh leosan a bhíonn ag déileáil le hothair a bhfuil anoireicse orthu: ‘Kate Moss is talking out of her Size Zero backside!’

Fág freagra ar '‘Nothing tastes as good as skinny feels’ – mainicíní na Fraince ag rith ar thanaí'