‘Not a penny for my old ass’ – grágaíl in aghaidh an asail sa Roinn Talmhaíochta

D’fhéadfadh athrú ar stádas an asail a bheith ina cruacheist chostasach ag feirmeoirí

‘Not a penny for my old ass’ – grágaíl in aghaidh an asail sa Roinn Talmhaíochta

Bhíodh buíochas ar feadh i bhfad ar Sháirsint de chuid na nGardaí i gCarna i gConamara a fuair leigheas ar fhadhb na n-asal san aimsir a caitheadh; is dóigh go bhfuil sé cúig bliana fichead ó shin, nó tuilleadh.  Bhí os cionn scór acu tagtha le chéile agus iad ag imeacht rompu ag baint plaic as garraí anseo agus garraí ansiúd – ag bradaíl leo agus ina gcontúirt ar na bóithre freisin.  Bhí an ré a raibh úsáid á baint as an asal thart.  Bhí an carr asail páirceáilte.

Rinne an Sáirsint beart maith agus cuireadh na hasail bhochta chuig tearmann na n-asal i gCorcaigh.  Bhí go leor daoine buíoch de.

Ag Seó Chapaillíní Chonamara sa gClochán sna blianta sin, chuir Seán Ó Máille as Baile Conaola fonn le scéal an asail.  Chum sé amhrán agus chas amach é:  ‘Not a penny for my old ass’.   Is é a bhí i gceist sna véarsaí go raibh buntáiste airgid le baint as mórán chuile ainmhí i gcóras talmhaíochta na hEorpa ach amháin an t-asal bocht; pingin ná leathphingin ní raibh le fáil ag an asal san ‘Common Agricultural Policy’ nó an CAP.   Ach d’athraigh sin.

Fuair an t-asal a chearta féin – agus a chárta oifigiúil féin – agus tá sé á chomhaireamh mar aonad amháin sa gcóras le breis agus deich mbliana; go deimhin tá stádas ar leith ag an asal mar gur ionann agus ‘aonad’ iomlán amháin é ón lá a dtagann sé ar an saol.

Cuir é sin i gcomórtas leis na beithígh agus na caoirigh: is fiú aonad amháin beithíoch ach ní bhaineann siad an stádas sin amach nó go mbíonn siad dhá bhliain d’aois – fiú an bullán is toirtiúla ar an talamh; 0.6 d’aonad an stádas atá ag an gcaora, fireann nó baineann.  Dá réir seo uilig, ní hé amháin go bhfuil an t-asal inchurtha leis na hainmhithe eile sa gcóras CAP – tá buntáiste aige!  Cén bhrí atá leis seo uilig?  Freagra simplí: airgead.

Sna ceantair is measa a bhfuil talamh iontu atá an seasamh is fearr ag an asal anois – mar a bhí riamh, go deimhin.  Teastaíonn lear áirithe ‘aonaid’ (beostoc) sa  gcaoi agus go bhfaighidh feilméara íocaíochtaí sna réigiúin is boichte talún; an scéim do cheantair ‘faoi mhíbhuntáiste nádúrtha talún’. 

Teastaíonn lear áirithe ‘aonaid’ freisin le haghaidh na scéime timpeallachta GLAS, go háirithe in áiteacha a bhfuil cimíní móra sléibhe.  Tá an Ghaeltacht go mór i gceist sa dá scéim sin – ceantair i gCorcaigh, iarthar Chiarraí, Conamara, iarthar Mhaigh Eo agus iarthar Dhún na nGall.   Idir an dá scéim sin bheadh uasmhéid deontais de €9,000 i gceist in aghaidh na bliana;  bheadh na híocaíochtaí cuid mhaith níos ísle, ar an meán.  Níl an ‘íocaíocht aon uaire’, nó an single payment,  i gceist anseo.

Tarlaíonn sé go bhfuil asail an-fhóinteach sa scéal seo uilig.  Is fusa go mór iad a chothú agus aire a thabhairt dóibh ná bheithígh, mar shampla; feileann an meascán talamh sléibhe agus an garraí garbh iad  go maith. Níl na cruóganna céanna tréidliachta ag baint leo agus tá cleachtadh maith fós ag muintir na tuaithe ar asail.  Ach, tá ceisteanna á gcur san Eoraip agus sa Roinn Talmhaíochta anseo in Éirinn faoi stádas an asail sa gcóras agus d’fhéadfadh sé go mbeadh athruithe móra ann an chéad bhliain eile.

Tá comhairle á chur anois, cé gur go neamhoifigiúil é go fóilleach, ar fheilméaraí a bhfuil asail acu mar chuid dá dtréad beostoic gur cheart dóibh a bheith san airdeall.  Glacfar leis na hasail sa gcomhaireamh in 2017 ach níl aon chinnteacht ann faoi stádas an asail in 2018 agus sna blianta ina dhiaidh sin.  Tuige?

Sna blianta 2014 agus 2015 tosaíodh ag tabhairt suntais don lear asal a bhí á gclárú sa gcóras talmhaíochta in Éirinn.  Bhí 550 feilméara nach raibh acu ach asail ar a gcuid talún ag fáil beagnach €1 milliún as an scéim do cheantair faoi mhíbhuntáiste dhá bhliain ó shin.  Tuigtear go bhfuil an líon sin ardaithe go dtí beagnach 1,000 feilméara anois.   Tá go leor feilméaraí eile ann a bhfuil meascán acu – beithígh, caoirigh agus asail, agus gabhair scaití freisin.  Táthar ag fiafraí sna hoifigí i mBaile Átha Cliath agus sa mBruiséil anois – an ionann asail a choinneáil agus gníomhaíocht talmhaíochta.  ’Sé an freagra a bheadh air sin ag feilméaraí ná go raibh asail i gcónaí fite, fuaite i saol agus in oidhreacht na tuaithe in Éirinn agus gur bhocht an mhaise d’údaráis na talmhaíochta iad a dhíbirt as an gcóras.

D’fhéadfadh athrú ar stádas an asail a bheith ina chruacheist chostasach ag feilméaraí; má imíonn stádas an asail caithfear beithígh agus caoirigh a cheannach isteach ina n-áit.  Ní hé amháin go mbeadh an ceannach i gceist ach bheadh an chothabháil cuid mhaith níos costasaí.

Ceist í seo a bhfuil lucht Thearmann na nAsal i gContae Chorcaí ag coinneáil súil ghéar uirthi.  Tugann siadsan dídean do bhreis agus 1,600 asal faoi láthair.  Dá gcaillfeadh asail a stádas – nó cuid de – i gcóras talmhaíochta na hEorpa, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh brú ollmhór ar an Tearmann.  Bheadh baol ann go scaoilfí le hasail arís agus go mbeidís ag imeacht rompu mar a bhíodar in iarthar Chonamara ceathrú céid ó shin. 

Caithfidh na húdaráis talmhaíochta aird a thabhairt ar an gceist sin; tá sábháilteacht, sláinte agus compord na n-ainmhithe sa gcomhaireamh anseo freisin.    

Fág freagra ar '‘Not a penny for my old ass’ – grágaíl in aghaidh an asail sa Roinn Talmhaíochta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘….tá cleachtadh maith fós ag muintir na tuaithe ar asail.’

    Bheinn amhrasach fan ráiteas sin. B’fhéidir go bhfuil daoine sa tír a bheir aire mhaith do na hasail atá acu, ach tá daoine eile nach n-amharcann siar ná aniar agus ar chúis amháin nó ar chúis eile tugtar drochíde do na hainmhithe bochta.