Nollaig shona i Sord! Uibheacha Cásca ar díol in ollmhargadh i mBaile Átha Cliath

Tá seastán d’uibheacha Cásca curtha suas ag an ollmhargadh JC’s i Sord i mBaile Átha Cliath

Easter Eggs

Tá seastán d’uibheacha Cásca curtha suas ag an ollmhargadh JC’s i Sord i mBaile Átha Cliath

Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil Daidí na Nollag tar éis cúraimí Choinín na Cásca a ghlacadh chuige féin i gContae Átha Cliath an Nollaig seo.

Tá JC’s, ollmhargadh áitiúil i Sord Cholm Cille, i dtuaisceart an chontae, i ndiaidh bob a bhualadh ar gach uile shiopa eile sa tír i mbliana agus uibheacha Cásca ar díol acu cheana féin.

Tá táirgí de chuid Dairy Milk ar fáil ar €3.99 anois agus Santaí le feiceáil ar an gcárta praghais agus é ag eitilt trí spéir shneachta. Tá deilbhíní den Fhear Mór, Rudolf agus tinsil crochta timpeall na n-uibheacha freisin.

Gan amhras, níl ach 103 lá fágtha go dtí Domhnach Cásca 2016, a thitfidh ar 27 Márta an bhliain seo chugainn, agus is cosúil go bhfuil an deis á tapú ag JC’s seans a tabhairt dá gcustaiméirí a gcuid siopadóireachta ‘féiltiúla’ ar fad a dhéanamh in aon turas amháin.

Ba é Seán De-Claine, Baile Átha Cliathach, atá ina chónaí lena bhean agus a chlann sa cheantar le tamall anuas, a roinn pictiúr ar a leathanach Facebook de mhíorúilt Cásca na Nollag i Sord.

“Tá mé ag ceapadh gur ag magadh atá siad i ndáiríre ach tá an deis á thapú acu agus tá siad á ndíol [na huibheacha] anois pé scéal é. Níor chreid mé é nuair a chonaic mé ar dtús é!” a dúirt De-Claine le Tuairisc.ie.

Dúirt sé nár thapaigh sé féin an deis uibheacha Cásca a cheannach inniu agus go mb’fhearr leis fanacht go dtí go mbeadh an Nollaig féin caite.

Tuigtear do Tuairisc.ie nach í seo an chéad bhliain a chuir ollmhargadh JC’s uibheacha Cásca ar díol le linn na hAidbhinte ach ní raibh urlabhraí ón siopa ar fáil chun an méid sin a dheimhniú.