NOD DON EOLAÍ: Dóchas go bhforbrófar vacsaín fliú níos fearr

Bítear ag iarraidh i dtólamh a theacht ar dhóigh chun vacsaín níos fearr a dhéanamh

NOD DON EOLAÍ: Dóchas go bhforbrófar vacsaín fliú níos fearr

Tá taighdeoirí i ndiaidh teacht ar bhealach úr chun vacsaín fliú a tháirgeadh. Tá seans ann go mbeidh taighdeoirí in innimh vacsaíní úra a chruthú in aghaidh go leor víreas eile is cionsiocair le galair mharfacha leis an gcur chuige seo.

Nuair a bhíonn ionfhabhtú víris sa chorp cuirtear córas cosanta ar bun. Tosaíonn an córas imdhíonachta ag cur isteach ar an dóigh a bhíonn an víreas ag dul i méid agus ag scaipeadh.

Tá inteirféarón ar cheann de na próitéiní is tábhachtaí a rialaíonn an modh cosanta seo sa chorp. Nuair a mhothaíonn an corp go bhfuil víreas ann, táirgtear inteirféarón. Cuireann inteirféarón tús le próiseas a chuireann cosc ar mhacasamhlú na víreas.

Nuair a bhíonn tú ar crith agus galar víreasach ort, is é an t-inteirféarón a chuireann tús leis an gcrith sin.

Aithníonn cealla ar leith, cealla-T, an cóta atá thart ar an víreas agus scuabtar amach as an chorp iad. Glacann sé am don chorp na cealla-T seo, a aithníonn an víreas, a tháirgeadh agus tar éis seachtaine bíonn go leor acu ann chun an víreas a choinneáil faoi smacht agus a ruaigeadh ar deireadh.

Ach má ghlactar vacsaín roimh ionfhabhtú, bíonn na cealla-T a aithneoidh an víreas forbartha cheana féin. Cuirtear an víreas faoi smacht go gasta i ndiaidh dó teacht isteach sa chorp. Dá bharr sin glantar an víreas amach go luath agus ní bhítear tinn. 

Táirgtear vacsaín úr gach bliain in aghaidh an phóir de pé víreas den fhliú atá forleathan ag an tráth sin. Bítear ag iarraidh i dtólamh a theacht ar dhóigh chun vacsaín níos fearr a dhéanamh.

De réir taighde a foilsíodh an tseachtain seo caite san iris eolaíochta Science, tá cur chuige úr aimsithe chun vacsaín níos éifeachtaí a tháirgeadh.

Chruthaigh foireann taighdeoirí as na Stáit Aontaithe agus ón tSín, na mílte pór de víreas an fhliú ina raibh athruithe sa seicheamhú DNA. Chuir siad na víris a raibh na hathruithe sin orthu isteach i gcealla a raibh inteirféarón faighte acu agus cealla nach raibh. Rinneadh tomhas ansin ar líon na víreas difriúil sna cealla a raibh inteirféarón curtha iontu agus na cealla nach raibh.

Chuir inteirféarón isteach ar gach pór den víreas mar a bhíothas ag súil leis. Ach chuir sé isteach ar chuid acu níos mó ná ar chuid eile.  Deirtear go bhfuil na pórtha seo inteirféarón-íogair.

D’aithin na taighdeoirí ocht n-athrú i DNA an víris ba chúis leis an smacht seo. Má bhíonn aon cheann de na hathruithe sin in aon víreas cuireann inteirféarón bac ar an víreas go luath i ndiaidh ionfhabhtaithe.

Chruthaigh na taighdeoirí pór den víreas ina raibh na hocht n-athrú sa DNA in aon víreas amháin. Cuireann inteirféarón bac iomlán ar mhacasamhlú agus ar scaipeadh na víreas úr.

Tá an víreas seo an-lag. Nuair a instealladh an pór seo den víreas in ainmhithe, ní raibh siad tinn mar cuireadh an córas imdhíonta in aghaidh an víris ag feidhmiú go luath. Ach bhí siad tinn ar feadh tamaill i ndiaidh dóibh an ghnáthvacsaín a fháil. Ciallaíonn na torthaí seo go bhfuil an vacsaín úr níos éifeachtaí in aghaidh an fhliú ná an ghnáthvacsaín.

Leis an gcur chuige seo meastar go mbeifear ábalta vacsaín de víreas ar bith a tháirgeadh, agus gurb é inteirféarón an córas is tábhachtaí le dul i ngleic le gach cineál víreas i gcorp an duine.

Bheadh sé seo thar a bheith áisiúil, mar níl vacsaín againn in aghaidh cuid mhór de na víris is cúis le go leor galar. Níl vacsaín ar fáil in aghaidh víreas easpa imdhíonachta daonna (HIV) ná víreas heipitíteas C (HCV) agus go leor víreas nach iad, ach tá géarghá leo.

– Is Ollamh le Luibheolaíocht in Ollscoil Oxford é Liam Ó Dúbhláin

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Dóchas go bhforbrófar vacsaín fliú níos fearr'

  • Fhéach anois

    Buíochas as an alt seo.