‘No permit was sought and the poor Defence of the Realm Act was gallantly flouted’ – ‘An Domhnach Gaelach’ á cheiliúradh ag CLG

Ar an 4 Lúnasa 1918 eagraíodh míle go leith cluiche caide, iomána agus camógaíochta ó cheann ceann na tíre mar agóid i gcoinne Rialtais na Breataine a chuir cosc ar chruinnithe agus ar ócáidí poiblí

‘No permit was sought and the poor Defence of the Realm Act was gallantly flouted’ – ‘An Domhnach Gaelach’ á cheiliúradh ag CLG

Beidh ceiliúradh á dhéanamh ag Cumann Lúthchleas Gael Dé Domhnaigh seo chugainn ar ‘An Domhnach Gaelach’, an 4 Lúnasa 1918, nuair a eagraíodh míle go leith cluiche caide, iomána agus camógaíochta ó cheann ceann na tíre mar agóid i gcoinne ordú Rialtas na Breataine a chuir cosc ar chruinnithe agus ar ócáidí poiblí gan ceadúnas bheith faighte ós na húdaráis roimh ré.  ‘The first direct trial of strength between the Government and the nation under the new coercion regime,’ tugadh ar an bhfeachtas i nuachtán an Kerryman ag an am.

Agus iarrachtaí á ndéanamh i 1918  tús a chur le coinscríobh in Éirinn le tacú le harm na Breataine sa Chogadh Mór, chuir na hÚdaráis cosc ag tús mhí Iúil ar dhaoine aon imeachtaí poiblí a eagrú in Éirinn gan ceadúnas a lorg uathu ar dtús. Bhí cosc le cur, de réir an Freeman’s Journal, ar chluichí caide is iomána, feiseanna, agus aeraíochtaí, cruinnithe poiblí agus a leithéid. De bharr an choisc seo, chuir na póilíní agus an t-arm deireadh le mórán imeachtaí poiblí i rith mhí Iúil.

Bhí comórtas caide le himirt i mBaile an Mhuilinn idir an fhoireann baile agus foirne ón nDaingean, Lios Póil agus Paróiste Mórdhach ar an ochtú lá fichead de mhí Iúil, ach cuireadh deireadh leis ach ar chuaigh slua póilíní agus saighdiúirí amach ar an ngort imeartha. ‘No untoward incident occurred,’ a scríobhadh sa Kerryman ag an am, ‘beyond a mild excitement’.

Cuireadh cosc ar Fheis Chúil Aodha, a bhí in ainm is a bheith ar siúl tráth an ama céanna, toisc nach raibh ceadúnas eisithe di.

Bhí cuid d’iompar na nÚdarás thar ceart.

Tuairiscíodh an méid seo leanas sa Freeman’s Journal ar an 13 Iúil – ‘Soldiers fixed with bayonets dispersed a party of sixty ladies and gentlemen who had assembled for a Sinn Féin dance at St. Patrick’s Hall, Coalisland, Tyrone’. Tuairiscíodh san alt céanna go raibh ordú faighte ag na póilíní i mBaile Átha Luain deireadh a chur ar aon imeacht de chuid Shinn Féin, CLG agus Chonradh na Gaeilge a bheadh á dtionól gan ceadúnas a bheith acu.

Ní raibh aon ghéilleadh ag CLG, na ceardchumainn, ná na heagraíochtaí eile don ordú seo. D’eagraigh Cumann Lúthchleas Gael ‘An Domhnach Gaelach’ le dúshlán na n-údarás a thabhairt, agus leagadh an bhéim ar na cumainn áitiúla le neart agus scóip na heagraíochta a léiriú. Eagraíodh 1,500 cluiche, agus súil le 50,0000 imreoir agus 100,0000 a bheith ag faire orthu.

D’éirigh go seoigh leis an lá, cé gur chuir clagarnach bháistí agus gálaí gaoithe isteach ar chuid de na cluichí. Bhíothas den tuairim go mbeadh sé dodhéanta ag na húdaráis gach cluiche acu a stopadh, toisc go rabhadar ar fad ag tosnú ag an am céanna, 3.00in. Ba chuma san ar deireadh mar bhí ordú faighte ag na fórsaí slándála gach aon chur isteach a dhéanamh ar na cluichí. Bhí na húdaráis tar éis géilleadh.

Bhí Oireachtas na Gaeilge ar bun i gCill Airne, agus i measc na gcluichí a imríodh, bhí cluiche caide idir Cill Gharbháin agus Neidín, cluiche a chríochnaigh ar comhscór, dhá bháide an taobh. Ba é iarchaptaen Chiarraí, Dick Fitzgerald, fear a bhuaigh cúig bhonn Uile-Éireann agus a scríobh an leabhar How to Play Gaelic Football, a bhí ina réiteoir.

Imríodh daichead éigin cluiche ar fud Chontae Chorcaí, cé go raibh an aimsir go hainnis ar fad. Ní raibh muintir Chiarraí chomh díograiseach céanna, mo léan; tuairiscíodh san Kerryman ‘In Kerry a large programme was mapped out, but the elements took a hand in and made, what would otherwise have been a marked success, more or less a failure’.

Ní ar fhaichí imeartha amháin a bhí cluichí á n-imirt; i bpríosún Bhéal Feirste imríodh cluiche idirchúige, Muimhnigh agus Ultaigh i gcoinne Chonnachtaigh agus Laighnigh.

Bhí céad go leith príosúnach, agus roinnt gardaí, ag faire an chluiche. Cé go raibh spiorad an neamhspleáchais agus an bhráithreachais le braistint ó cheann ceann na tíre an lá sin le linn na móragóide seo, níor spáráil príosúnaigh Bhéal Feirste a chéile; ‘Collison (Nenagh) was very badly handled by Sailor Green and later by Flanagan’, a dúradh sa Kerryman, ‘and was quite winded when the welcome half-time whistle sounded’. Dála meaits Chill Airne, chríochnaigh an cluiche seo ar comhscór chomh maith.

Bhí cad é cuileachta ag na príosúnaigh an Domhnach Gaelach úd; ní hamháin go raibh cluiche caide acu, ach bhí ‘an enjoyable cuirm ceoil’ acu ina dhiaidh. ‘No permit was sought’, ambaiste, ‘and poor D.O.R.A (Defence of the Realm Act) was gallantly flouted’.

Tá breis eolais ar chlár comórtha CLG fén Domhnach Gaelach le fáil anseo.

Fág freagra ar '‘No permit was sought and the poor Defence of the Realm Act was gallantly flouted’ – ‘An Domhnach Gaelach’ á cheiliúradh ag CLG'