Níos mó ná Seoirsia ar a n-intinn ag foireann na hÉireann agus oíche chrua eile i ndán dóibh

Tá easpa muiníne ag cur as d’imreoirí na hÉireann faoi láthair agus beidh rudaí crua orthu go dtí go n-éireoidh leo taispeántas maith a thabhairt

Níos mó ná Seoirsia ar a n-intinn ag foireann na hÉireann agus oíche chrua eile i ndán dóibh

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Seans go bhfuil Mick McCarthy buíoch go bhfuil aird an phobail ar an FAI agus ar thodhchaí John Delaney seachas ar an bhfoireann sacair faoi láthair.

Chuir foireann na hÉireann tús le dara ré McCarthy Dé Sathairn agus ba mhaith a thuig an bainisteoir i ndiaidh an chluiche in aghaidh Ghiobráltar go mbeadh feabhas mór ag teastáil anocht. Is le dua a shaothraigh siad a mbua go in aghaidh imreoirí páirtaimseartha Ghiobráltar agus ghéill McCarthy gur chluiche uafásach a bhí ann agus nár bhain sé sásamh ar bith as.

Is í foireann na Seoirsia a thabharfaidh aghaidh ar Staid Aviva anocht agus cé go bhfuil ocht gcinn de na naoi gcluiche atá imeartha idir na foirne seo buaite ag Éirinn, ní hionann sin agus a rá go mbeidh rudaí éasca acu anocht.

Chas na foirne seo ar a chéile faoi dhó sna cluichí cáilithe do Chorn an Domhain 2018 agus cé gur bhuaigh Éire an cluiche i mBaile Átha Cliath, níor éirigh leo ach comhscór a bhaint amach sa tSeoirsia i gceann de taispeántais ba mheasa ar fad a thug siad agus iad faoi cheannas Martin O’Neill.

Tá imreoirí maithe ag na Seoirsigh, go háirithe Jano Ananidze i lár páirce, agus cé gur chaill siad 2-0 in aghaidh na hEilvéise ag an deireadh seachtaine, d’imir siad go maith sa chéad leath.

Agus iad ag imirt as baile anocht, seans go dtitfidh foireann Vladimir Weiss siar agus go mbeidh cur chuige cosantach acu, rud a fhágfaidh gur faoi Éirinn a bheidh sé deiseanna a chruthú, rud nach bhfuil déanta rómhinicacu  le bliain anuas.

Cé gur scóráil Jeff Hendrick an cúl cinniúnach in aghaidh Ghiobráltar, ní raibh mórán tionchair aige féin nó ag an bhfear eile i lár páirce, Conor Hourihane, ar an imirt.

D’admhaigh McCarthy i ndiaidh an chluiche nár éirigh le Matt Doherty dul i bhfeidhm ar an imirt ar an gcliathán, rud a fhágann gur caolseans go bhfeicfidh muid é san ionad sin anocht, má bhíonn sé ag imirt in aon chor.

Tá easpa muiníne ag cur as d’imreoirí na hÉireann faoi láthair agus go dtí go n-éireoidh leo taispeántas maith a thabhairt, beidh rudaí crua orthu. Thabharfadh bua maith anocht an-spreagadh dóibh agus iad ag fáil réidh don chluiche mór in aghaidh na Danmhairge i mí an Mheithimh, ach níl aon údar dóchais feicthe fós againn.

Fág freagra ar 'Níos mó ná Seoirsia ar a n-intinn ag foireann na hÉireann agus oíche chrua eile i ndán dóibh'