Níos mó ná leathdheis an dóchais ag Gaillimh

Tá an tuairimíocht amuigh go n-oirfidh fairsinge agus fód Pháirc a’ Chrócaigh níos mó do Mhaigh Eo ná don nGaillimh i gcluiche ceannais Chonnacht tráthnóna, ach ní gá go n-oirfeadh

Níos mó ná leathdheis an dóchais ag Gaillimh

Beidh mé i bPáirc an Chrócaigh amárach don gcéad chluiche ceannais Chonnacht san áit le beagnach céad bliain. Cé gur geal gach nua maidir le páirc na himeartha, tá ag méadú ar an  aithne atá an dá bhuíon imreoirí, Gaillimh agus Maigh Eo, ag cur ar a chéile. Tá fiche bliain anois ó bhuaigh aon fhoireann ón gcúige craobh uile-Éireann ach an uair úd agus inniu, is scáthán iad Gaillimh agus Maigh Eo dona chéile. Más áil leis an nGaillimh a ndintiúir a thástáil, is iad Maigh Eo a thugann an tástáil sin dóibh de ghnáth. Tá cluichí ceannais Chonnacht  caillte ag an nGaillimh in aghaidh Mhaigh Eo anuraidh agus Ros Comáin an bhliain roimis sin. Níor chaill an Ghaillimh trí chluiche ceannais cúige as a chéile ó 1937. Sin port na staire a choimeádfaidh ar tinneall amárach iad.

Is é cluiche ceannais Chonnacht na bliana seo caite an tslat tomhais is fearr atá againn maidir le seasamh an dá fhoireann os comhair an scátháin, ach ní fiú comparáid rótheann a dhéanamh toisc oiread athruithe a bheith déanta ag an dá fhoireann ó Shamhain na bliana seo caite.

An chuimhne is mó atá againn den lá úd i mBóthar na Trá ná taispeántas Paul Conroy agus é ar a chroí díchill ag iarraidh a chomhghleacaithe a tharrac leis isteach san imirt. Ní raibh idir na foirne sa deireadh ach an t-aon phointe suarach amháin ach níor bhraitheas riamh gur chluiche é ar cheart a bheith buaite ag an nGaillimh, cé gur cinnte gur cluiche é a d’fhéadfadh a bheith buaite acu.

Tháinig cuid mhaith de scóranna Mhaigh Eo sa chluiche anuraidh ó bhotúin bhunúsacha a dhein imreoirí na Gaillimhe agus cé go raibh robach ar fad déanta ag Maigh Eo ar a gcic amach sa chluiche sraithe i dTuaim níos luaithe sa bhfómhar, ba léir go raibh obair bhaile déanta ag Pádraic Joyce ar an ngné sin den imirt agus tháinig feabhas thar cuimse orthu. Scoláire maith ab ea Joyce riamh.

Dála na coimhlinte anuraidh, bheinn ag súil le cúpla comhrac pearsanta a chuirfidh go mór le taispeántas an lae. Bhí an-chath idir Paddy Durcan agus Shane Walsh anuraidh agus cé go bhfuil Walsh ainmnithe mar lántosaí amárach agus seans go n-oirfeadh an ról níos fearr d’Oisín Mullen, shamhlóinn go raghaidh Durcan i ndiaidh Walsh agus go bhfágfaidh siad Pádraig O’Hora ag iomrascáil le Damien Comer. Tá na haon tseans ann go gcuirfidh an Ghaillimh Seán Kelly Mhaigh Cuilinn amach chun Aidan O’Shea a chiapadh is a chrá, díreach mar a dhein sé anuraidh agus más féidir le Matthew Tierney aon lámh chúnta a thabhairt do Conroy, beidh an Ghaillimh go mór sa rás ag teannadh le deireadh.

Bhí sé le feiscint le roinnt seachtainí anuas i gcásanna Conor McManus agus Paddy McBrearty i gcraobh Uladh gur fiú aon ní an seansaighdiúir ar féidir braih air nuair atá sruth na himeartha dulta ina choinne. Is buille ollmhór do Mhaigh Eo é nach bhfuil agus nach mbeidh Cillian O’Connor acu sa chomhthéacs seo. Déanfaidh Tommy Conroy a chion féin easnamh Chillian a cheilt agus cé gur léirigh Bryan Walsh lena dhá phointe mar ionadaí sa dara leath anuraidh go bhfuil sé istigh leis féin ag an leibhéal seo, ní go dtí go mbeidh cic saor cinniúnach le tógaint i bPáirc a’ Chrócaigh acu go mbraithfidh Maigh Eo uathu an tosaí is fearr dá bhfuil acu. Cuir san le Eoghan McLaughlin, an fear a shábháil anuraidh iad in aghaidh na Gaillimhe, a bheith in easnamh orthu agus tá bearnaí agus laigí ann le cuardach.

Tá an tuairimíocht amuigh go n-oirfidh fairsinge agus fód Pháirc a’ Chrócaigh níos mó do Mhaigh Eo ná don nGaillimh, ach ní chímse aon duine den seisear cúlaithe atá ag an nGaillimh róthámáilte má osclaíonn an machaire amach rompu. Má fhaigheann siad cuireadh chun ruathair, ní ag lorg do chead a bheidh siad chun tabhairt fé.

Níl buaite ag Maigh Eo ach ar Liatroim agus ar Shligeach go nuige seo agus toisc iad a bheith ag imirt i Roinn 2 i gcaitheamh na sraithe, siad contae an Chláir agus an Iarmhí is mó a thug aon scrúdú dóibh. Ná chuirfeadh sé dod’ bhuille tú ná fuil buaite ag an nGaillimh i mbliana ach ar Ros Comáin idir chluichí sraithe agus craoibhe. Ná bí meallta ach an oiread ag teip na Gaillimhe in aghaidh Mhuineacháin i ndeireadh na sraithe. Drochbhotúin ar an bpáirc agus ar an dtaobhlíne, botúin atá soshocraithe, a d’fhág i Roinn 2 na sraithe an bhliain seo chughainn iad. Féach, in ionad sin, ar an gcaighdeán agus an leibhéal ar a bhfuil taithí faighte acu sa bhliain 2021 air agus chífir go bhfuil níos mó ná leathdheis an dóchais acu.

 

 

Fág freagra ar 'Níos mó ná leathdheis an dóchais ag Gaillimh'

  • An Teanga Bheo

    Mo cheol sibh buan is tréan go raibh go maith