‘Níos mó ná béalghrá agus plámás ag teastáil’ – rún faoin oideachas Gaeilge le cur faoi bhráid na Dála

Deir Sinn Féin gur chóir don stát éirí as a bheith ‘ag teip ar a leanaí’ agus a gceart ar oideachas trí Ghaeilge a aithint

‘Níos mó ná béalghrá agus plámás ag teastáil’ – rún faoin oideachas Gaeilge le cur faoi bhráid na Dála

Tá rún le cur faoi bhráid na Dála tráthnóna ag éileamh go ndeimhneofaí go bhfuil sé de cheart ag cách oideachas trí Ghaeilge a fháil. Tá an rún a chur chun cinn ag Sinn Féin.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí Aengus Ó Snodaigh go raibh níos mó ag teastáil ón rialtas “ná béalghrá agus plámás” don Ghaeilge agus go gcaithfí “glacadh leis go bhfuil [an] córas oideachais briste”.

Dúirt sé gur chóir don stát éirí as a bheith “ag teip ar a leanaí” agus a gceart ar oideachas trí Ghaeilge a aithint.

“Agus muid ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge, tá sé tábhachtach go dtéann muid níos faide ná béalghrá agus plámás dár dteanga náisiúnta agus glacadh leis go bhfuil ár gcóras oideachais briste má táimid dáiríre faoi réitigh a aimsiú,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an rún atá le cur ag Sinn Féin faoi bráid na Dála “fíorchuimsitheach” agus gur baineadh leas as “réimse leathan taighde” chun Dúirt sé gur chóir don tír éirí as “ag teip ar a leanaí” agus a gceart scolaíochta trí Ghaeilge a aithint é a chur le chéile. Éílítear sa rún 23 gníomh ar leith ón rialtas.

Ar na moltaí sin tá go dtabharfaí ar ais an liúntas do mhúinteoirí Gaeltachta, go gcuirfí “pleananna uaillmhianacha” i gcrích chun scoileanna nua lán-Ghaeilge a sholáthar, agus go gcuirfí “maoiniú caipitil ar leith” ar fáil don oideachas lán-Ghaeilge.

“Maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla, ní mór dúinn na huaireanta reatha teagaisc, atá níos lú ná na gnáthnósanna idirnáisiúnta, a chosaint agus cur chuige iomlán nua ionchuimsitheach a thabhairt isteach do mhúineadh an dara teanga, agus é curtha in oiriúint do riachtanais gach dalta, bunaithe ar chomhairliúchán agus ag cur béim ar an nGaeilge labhartha in áit chreatlach reatha na ndíolúintí atá tar éis pléascadh 520% le 25 bliain anuas,” a dúirt sé.

“Tríd an rún seo a aontú, dhearbhódh an Dáil faoi dheireadh go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh oideachas a fháil sa Ghaeilge. Ba chóir go dtacódh duine ar bith a chreideann sa cheart sin leis an rún seo,” a dúirt Ó Snodaigh.

Ar na 23 gníomh atá sa rún, éilítear go leagfadh an rialtas plean amach le céatadán na gcainteoirí Gaeilge sa stát a mhéadú go 50% faoin mbliain 2050 agus le spriocanna a chruthú do líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sna blianta amach romhainn. Éilítear sa rún go mbeadh Gaelcholáiste amháin ar a laghad i ngach contae faoin mbliain 2045.

Deirtear gur chóir a chinntiú go mbíonn na leabhair agus na hacmhainní eile a chuirtear ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge ar an gcaighdeán céanna leis na leabhair agus na hacmhainní a chuirtear ar fáil do scoileanna lán-Bhéarla.

Moltar freisin go ndéanfaí “athbhreithniú cuimsitheach” ar ról na Gaeilge sna coláistí oiliúna do mhúinteoirí lena chinntiú go “n-oireann siad dá n-aidhm” – is é sin cumas sa Ghaeilge a chothú.

 

Fág freagra ar '‘Níos mó ná béalghrá agus plámás ag teastáil’ – rún faoin oideachas Gaeilge le cur faoi bhráid na Dála'