Níos mó ná aon trian de mhuintir an Tuaiscirt ar son Acht Gaeilge – pobalbhreith nua

Duine as gach deichniúr de lucht tacaíochta an DUP atá ag iarraidh go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge ó thuaidh, de réir torthaí pobalbhreithe nua

Níos mó ná aon trian de mhuintir an Tuaiscirt ar son Acht Gaeilge – pobalbhreith nua

Ceapann duine as gach triúr de phobal an Tuaiscirt gur cheart go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach, de réir pobalbhreith nua a rinne Social Market Research Belfast ar son Chomhairle Taighde Eacnamaíoch agus Sóisialta an Tuaiscirt.

De réir torthaí na pobalbhreithe, a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, thug 33.8% de mhuintir an Tuaiscirt le fios gur aontaigh nó gur aontaigh siad go láidir leis an áitiú gur cheart Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

27.9% de rannpháirtithe na pobalbhreithe, a rinneadh i measc 1,200 duine de gach aois ar fud an Tuaiscirt, a d’easaontaigh nó a d’easaontaigh go láidir leis an áitiú.

Ní raibh aon tuairim láidir faoin scéal ag 19% de na daoine a ceistíodh, agus thug siad le fios nár aontaigh nó nár easaontaigh siad leis an áitiú. Dúirt 18.2% nach raibh aon tuairim ar chor ar bith acu faoin scéal.

Dhiúltaigh 1.1% de na daoine a ceistíodh faoi Acht Gaeilge ó thuaidh an cheist a fhreagairt.

Duine as gach deichniúr de lucht tacaíochta an DUP atá ag iarraidh go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge ó thuaidh, de réir na pobalbhreithe.

Thug 15% de lucht tacaíochta an UUP, an mórpháirtí Aontachtach eile, go dtacódh siad le hAcht Teanga don Ghaeilge amháin, de réir figiúirí a chuir údar an taighde ar fáil do Tuairisc.ie.

Cuireadh an cheist faoin Acht Gaeilge i measc go leor ceisteanna faoi na rudaí is mó atá ag déanamh imní do phobal an Tuaiscirt i láthair na huaire, an pósadh aerach, an Breatimeacht agus oidhreacht na dTrioblóidí, ina measc.

Ba iad lucht tacaíochta an dá pháirtí náisiúnach is mó a thug le fios gur thacaigh siad leis an Acht Gaeilge atá molta ag leithéidí POBAL agus Conradh na Gaeilge.

Thug 84% de lucht tacaíochta Shinn Féin le fios gur mhaith leo go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach agus níor thug ach 4% le fios nár mhaith leo go mbeadh a leithéid de reachtaíocht teanga i bhfeidhm. Tá céatadán níos lú ná sin de lucht tacaíochta an SDLP ar son an Achta — 60%.

Tá Sinn Féin agus an SDLP i measc na gcúig pháirtí ó thuaidh a bhfuil tacaíocht geallta acu d’Acht Gaeilge. Is iad Comhaontas Glas, People Before Profit, agus Alliance na ceithre pháirtí eile. Ní thacaíonn na páirtithe Aontachtacha, an DUP, an UUP ná an TUV, le reachtaíocht teanga don Ghaeilge amháin.

Níl figiúirí ar fáil do lucht tacaíochta Chomhaontas Glas ná People Before Profit ach thug 58% de lucht tacaíochta an Alliance Party le fios gur mhaith leo go mbeadh Acht Gaeilge ann ó thuaidh.

 

 

Fág freagra ar 'Níos mó ná aon trian de mhuintir an Tuaiscirt ar son Acht Gaeilge – pobalbhreith nua'

  • Seosamh

    33.8% i bhfábhar. 27.9% i gcoinne.