‘Níos mó leabhar! Níos lú gunnaí!’ – sin a theastaíonn i mBrasaíl Bolsonaro 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: d’aithneodh fiú duine a chaithfeadh vóta do leithéid Jair Bolsonaro gur treise an peann ná an gunna.

‘Níos mó leabhar! Níos lú gunnaí!’ – sin a theastaíonn i mBrasaíl Bolsonaro 

Tharla gurbh é Dé Luain seo caite – lá tar éis toghadh Jair Bolsonaro ina uachtarán– Lá Náisiúnta na Leabhar sa Bhrasaíl, an tír ina bhfuil cónaí orm.

Is treise an peann ná an claíomh, a deirtear, agus níorbh aon iontas é gur baineadh úsáid as an litríocht mar armlón go mion minic le linn fheachtas an toghcháin uachtaránachta. Bhí ‘Mais livros! Menos armas!’ (‘Níos mó leabhar! Níos lú gunnaí!’) ar cheann de na manaí ba choitianta ag an dream ar theastaigh uathu stop a chur le teacht chun cinn Bolsonaro, fear a bhfuil grá ar leith aige don ghunna.

Cé nach raibh ionadh orm go raibh an bua ag an mBolsonaroch i dtoghchán an Domhnaigh seo a chuaigh thart, ní raibh mé féin ná seachtó faoin gcéad den phobal sa chathair ina bhfuil cónaí orm, Salvador, ag léimt le háthas an lá dár gcionn.

Ní hamháin go raibh imní ar go leor againn faoin todhchaí, bhí ceist níos práinní agus níos pearsanta dár gcéasadh. Cén chaoi a dtabharfaimis aghaidh ar an tríocha faoin gcéad sin dár gcairde, dár gcomharsana agus go deimhin dár ngaolta a chaith vóta don uachtarán nua-thofa?

Tar éis dom guaim a choinneáil orm féin ar feadh míosa, thit mé amach, an mhaidin tar éis an toghcháin, le duine de na cairde is fearr atá agam sa Bhrasaíl, fear aerach a thug vóta do pholaiteoir a dúirt gurbh fhearr leis mac marbh ná mac aerach. I ndiaidh na bruíne sin ba mhó fós an drogall a bhí orm aghaidh a thabhairt ar dhlúthchara eile de mo chuid, fear dubh a bhí ag déanamh gaisce, cúpla lá roimh an toghchán, go dtabharfadh sé vóta do Bolsonaro toisc go raibh ‘ropadh maith sa tóin’ ag teastáil ó Pháirtí na nOibrithe, páirtí chéile chomhraic Bolsonaro, Fernando Haddad.

Nuair a chonaic mé go raibh teachtaireacht ghlóir agam ón gcara seo oíche Dé Luain, an lá tar éis an toghcháin, chuir mé mo ghuthán i leataobh agus chuaigh amach ag siúl. Ní raibh mé ag iarraidh cairdeas eile a mhilleadh. Níor éist mé leis an teachtaireacht go ceann cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.

‘Comhghairdeas leat! Ar shíl tú go ndéanfainn dearmad ort, ar shíl? Inniu do lá-sa, Lá Náisiúnta na Leabhar! Leabhar atá ionat féin ag deireadh an lae… [gáire ard]…Coinnigh ort ag scríobh, coinnigh ort ag scríobh go leor, leor leabhar dúinn.’

Ná caill do mhisneach, i bhfocail eile. Ní raibh sé ar intinn agam ligean do thoghadh Bolsonaro cur isteach ar mo chuid scríbhneoireachta pé scéal é, ach ba é an ‘dúinn’ sin a thug ugach breise dom. 

Fág freagra ar '‘Níos mó leabhar! Níos lú gunnaí!’ – sin a theastaíonn i mBrasaíl Bolsonaro '