‘Níos mó Gaeilge ag státseirbhísigh óga ná an dream atá ag éirí as’

Bíonn níos mó Gaeilge ag na daoine óga a a bhíonn á gceapadh ag an Roinn Sláinte le tamall ná mar a bhíodh ag an dream atá ag dul ar scor

‘Níos mó Gaeilge ag státseirbhísigh óga ná an dream atá ag éirí as’

Oifigeach nua Gaeilge na Roinne Sláinte, Jade Pepper

Bíonn níos mó Gaeilge ag na daoine óga a bhíonn á gceapadh ag an Roinn Sláinte le tamall ná mar a bhíodh ag an dream atá ag dul ar scor.

Státseirbhíseach sinsearach a dúirt an méid sin ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais le déanaí. Dúirt Muiris O’Connor, Ard-Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, go raibh “i bhfad níos mó Gaeilge timpeall na Roinne” toisc borradh mór a bheith faoi líon na ndaoine óga a ceapadh sa roinn ó thús na paindéime.

“Tá níos mó Gaeilge ag na daoine óga atá ag teacht isteach ná mar a bhí ag na daoine níos sine atá ag éirí as. Tá sé sin suimiúil. B’fhéidir gur tairbhe é ar an nGaelscolaíocht ach sin an rud is suntasaí a tharla dúinne,” a dúirt sé.

Mhaígh O’Connor go raibh “feabhas suntasach” tagtha ar chumas na Roinne seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ó bhí ionadaithe ón Roinn Sláinte os comhair an choiste Gaeilge in 2019.

“Ní raibh ach cúigear nó seisear aitheanta againn ag an am sin a bhí sách maith chun déileáil leis an ngnó trí Ghaeilge.”

Thug O’Connor le fios gur ceapadh breis agus 200 duine sa Roinn Sláinte ó thús na paindéime, agus go bhfuil foireann 650 duine fostaithe ag an roinn anois.

Tuairim is scór duine atá ag obair sa Roinn a bheadh in ann “gnó a dhéanamh trí Ghaeilge”, a dúirt sé.

“Leis an bhfostaíocht nua tá béim curtha againn ar na scileanna sin a fheabhsú agus tá dream saghas óg, agus daoine nua tagtha isteach ó réimsí eile agus i bhfad níos mó cumais acu.”

Dúirt Oifigeach nua Gaeilge na Roinne Sláinte, Jade Pepper, gur tháinig méadú “suntasach” ar líon na ndaoine atá in ann plé “go cumasach” le cúrsaí Gaeilge sa Roinn.

Dúirt sí gurb é “an rud is tábhachtaí” a chinntiú go gcuirfí na daoine sin, atá “aireach” ar chúrsaí Gaeilge agus ar na dualgais reachtúla atá ar an roinn i leith na teanga, ag obair “in áiteanna” ina bhféadfaidís polasaithe agus cinntí na Roinne a phlé.

“Tá sé tábhachtach sa gcaoi sin go gcuirfear an Ghaeilge san áireamh nuair atá na polasaithe agus na cinntí sin á ndéanamh as seo amach.

“Tá muid ag feiceáil cheana féin go bhfuil an Ghaeilge mar chuid thábhachtach agus mar chuid lárnach nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh anseo,” a dúirt Pepper.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, níos túisce i mbliana nach raibh “an bagáiste” céanna i leith na Gaeilge á iompar ag státseirbhísigh is a bhíodh.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic go mbíonn státseirbhísigh óga an státchórais i bhfad “níos dearfaí” faoin nGaeilge ná an dream a chuaigh rompu.

Tá go leor de na státseirbhísigh i ranna eile a mbíodh “bagáiste” i leith na Gaeilge á iompar acu “imithe anois”, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Níos mó Gaeilge ag státseirbhísigh óga ná an dream atá ag éirí as’'

  • Mairead de Faoite

    Toradh na Gaelscoileanna, gan dabht.