Níos mó éiginnteachta ná riamh ag baint le cúrsaí eacnamaíochta in 2019 – ESRI

Deir an ESRI go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag baint leis an mBreatimeacht agus cúrsaí trádála idirnáisiúnta in 2019 agus molann siad don Rialtas gan a bheith ag brath chomh mór sin ar cháin chorparáide

Níos mó éiginnteachta ná riamh ag baint le cúrsaí eacnamaíochta in 2019 – ESRI

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Deir an ESRI go mbeidh níos mó éiginnteachta ná riamh ag baint le cúrsaí eacnamaíochta in 2019.

Beidh sin amhlaidh, a deirtear, mar go bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ag dhá rud ar eacnamaíocht na tíre seo an bhliain seo chugainn – an toradh a bheidh ar phróiseas an Bhreatimeachta agus an baol atá ann go bhféadfadh níos mó teannais a bheith ag baint leis an trádáil idirnáisiúnta.

Dar leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta go bhféadfaí an fás atá á thuar faoi láthair do 2019 a laghdú go dtína leath dá dtarlódh an Breatimeacht agus dá gcuirfí taraifí na hEagraíochta Domhanda Trádála (WTO) i bhfeidhm.

Deir an ERSI go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal go raibh an-rath arís in 2018 ar an eacnamaíocht.

Tá an fhostaíocht ag fás 3% agus an teacht isteach ó cháin ioncaim níos airde ná mar a bhíothas a thuar i bhformhór na réimsí, a deir an institiúid taighde.

Deirtear sa Tráchtaireacht Eacnamaíochta Ráithiúil (Quarterly Economic Commentary) is deireanaí ón ESRI, atá á fhoilsiú inniu, go bhfuil fás 8.2% á thuar don GDP in 2018, agus 4.2% in 2019. 5.7% an meánráta dífhostaíochta a mheastar a bheidh ann in 2018 agus é sin le titim go 5.1% in 2019.

Deir an ESRI go bhfuil na tuartha seo ag brath ar an Ríocht Aontaithe a bheith fós ina ball den Aontas Eorpach go dtí Márta 2019. 

Rinneadh ardú suntasach ar chaiteachas an Rialtais i mBuiséad 2019, go háirithe ar thionscnaimh chaipitil. Dá bharr sin, is é is dóichí ná go mbeidh easnamh i gcuntais an Rialtais in 2019 d’ainneoin go raibh an chosúlacht air roimh an mBuiséad go mbeadh barrachas ann.

Cé go raibh méadú suntasach ar an teacht isteach ó gach réimse cánach in 2018, deir an ESRI gur  díol suntais ar leith an t-ardú mór ar ioncam ó cháin chorparáide. Ó tharla gur ó líon beag comhlachtaí a tháinig an chuid is mór den cháin sin deirtear go bhféadfadh a mhalairt tarlú chomh tobann céanna.

Cuirtear fainic ar an Rialtas dá bharr go bhfuil tá sé an-tábhachtach nach mbeidh lucht déanta polasaí ag pleanáil caiteachais amach anseo a bheadh ag brath ar ioncam atá an-luaineach.

Fág freagra ar 'Níos mó éiginnteachta ná riamh ag baint le cúrsaí eacnamaíochta in 2019 – ESRI'