Níos mó ceannaireachta ag teastáil ó Chúige Connacht agus iad sa mbaile arís

Ach más faoi fhir na Gaillimhe aon ní fónta a dhéanamh an séasúr seo caithfidh siad Zebre a chloí amárach

Níos mó ceannaireachta ag teastáil ó Chúige Connacht agus iad sa mbaile arís

Fear Chonnacht, Jarrad Butler. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ba iad na Connachtaigh an t-aon chúige ar theip orthu na pointí iomlána a thabhairt leo i mBabhta 1 de Phro 14 an tséasúir seo. Níl aon dabht ach go mbeidh siad thar a bheith díomách nár thug siad an lá leo agus iad sa mbaile i gcoinne Ghlaschú an Satharn seo caite. Lig siad an farasbarr naoi bpointe a bhí acu le sruth agus in ainneoin go bhfuair imreoir as Glaschú cárta buí, bhí na cuairteoirí pointe amháin chun cinn orthu ag deireadh an chluiche.

I mo thuairimse ba easpa ceannaireachta ba chúis leis an toradh sin. Nuair a bhí na Connachtaigh chun cinn níor léirigh captaen nua Chonnacht, Jarrad Butler, ná aon imreoir sinsearach eile an cheannaireacht a theastaíonn le go léireofaí ar chlár na scór ceannasaíocht na foirne. Tá súil agam nach bhfuil imeacht John Muldoon á chaoineadh ag fir an Iarthair cheana féin.

Mar sin féin, beidh deis acu rudaí a chur ina gceart an Satharn seo agus iad sa mbaile arís, i gcoinne Zebre an geábh seo. Ach, is fiú a mheabhrú go bhfuair an fhoireann as an Iodáil an lámh in uachtar ag an bhfoireann as an Iodáil an dá uair ar chas na foirne ar a chéile an séasúr seo caite. Ach más faoi fhir na Gaillimhe aon seans a thabhairt dóibh féin an séasúr seo caithfidh siad Zebre a chloí. Ní tallann amháin atá i gceist anseo, ceist cheannaireachta atá ann freisin.

Roimhe sin beidh  cluichí crua roimh na Muimhnigh agus na hUltaigh agus iadsan ag imirt i gcoinne an dá fhoireann as Albain. As baile i nGlaschú tráthnóna, Dé hAoine, a bheas Cúige Mumhan. Ní bheidh tada éasca faoin gcoimhlint seo. Is cinnte nach mbeidh cluiche bog acu mar a bhí i gcoinne na Cheetahs an deireadh seachtaine seo caite. Is fíor chomh maith go mbeidh pé foireann a thabharfaidh an bua leo ag deireadh na coimhlinte seo ar an mbóthar ceart don séasúr nua.

Sa mbaile don dara cluiche as a chéile a bheas na hUltaigh tráthnóna agus iadsan ag cur fáilte roimh Dhún Éideann, foireann a chaill i mBabhta 1. Bhí an t-ádh glan le Cúige Uladh gur éirigh leo sa gcoimhlint i gcoinne na Scarlets Dé Sathairn seo caite. Seans go mbeidh an bua sin ina spreagadh acu ceann eile a fháil.

Sa mBreatain Bheag, don dara deireadh seachtaine as a chéile, a bheas Cúige Laighean agus iad i gcoinne Scarlets na Breataine Bige. Seans gurb iad na Scarlets an fhoireann is fearr atá sa tír sin agus ó tharla gur theip orthu i mBabhta 1, is cinnte nach ngéillfidh siad tada go bog. Beidh an t-ádh ar Chúige Laighean pointe ar bith a thabhairt leo as an gcoimhlint seo.

Fág freagra ar 'Níos mó ceannaireachta ag teastáil ó Chúige Connacht agus iad sa mbaile arís'