Níos mó béime ar na spéaclaí gréine seachas ar an scéal

B’fhéidir go raibh lucht déanta The Man From Uncle ag cuimhneamh go raibh ábhar cnuasaigh acu, ach táirge uiscealach a ligfear i ndearmad atá ann

The Man from UNCLE

The Man From Uncle

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Guy Ritchie

Cliar: Henry Cavill, Armie Hammer, Alicia Vikander, Elizabeth Debicki, Hugh Grant.

Is iad bithiúnaigh Shasana, cladhairí oirthear Londain go háirithe, a raid Guy Ritchie i lár an aonaigh seacht mbliana déag ó shin agus a thuill a chrústa dó ar feadh blianta ina dhiaidh sin. Ba tháirge cliste, lán le haicsean agus carachtair shuaithinseacha é Lock, Stock and Two Smoking Barrels (1998).

Ina dhiaidh sin, tháinig leithéidí Snatch (2000), Revolver (2005) agus RockinRolla ( 2008) – an t-iomaire céanna á threabhadh acu ar fad. Níorbh aon athrú poirt rómhór iad an dá scannán Sherlock Holmes a tháinig os ár gcomhair in 2009 agus 2011.

Is cinnte gur stiúrthóir cumasach é Ritchie a bhfuil a dhintiúirí go maith aige agus tuigim cén fáth gur tugadh an deis dó tabhairt faoin tionscnamh seo. Ach dúléim na guaise a bhí anseo chomh maith mar go raibh ar an stiúrthóir bogadh as an seánra ina raibh sé ar a chompord. Tá The Man from U.N.C.L.E bunaithe ar shraith teilifíse Mheiriceánach den teideal céanna a craoladh ó 1964-1968. Tá an Cogadh Fuar faoin lán seoil agus is gníomhairí de chuid an CIA agus KGB iad Napoleon Solo (Cavill) agus Illya Kuryakin (Hammer) faoi seach.

I gcoinne a dtola, bíonn orthu dul i mbun chomhghuaillíochta leis an gceann is fearr a fháil ar eagraíocht rúnda choiriúlachta atá ag iarraidh airm núicléacha a scaipeadh. An mó babhta atá an sean-MacGuffin sin úsáidte?

Is é an radharc tosaigh buaicphointe an scannáin ar mhórán slite, é spleodrach, samhlaíoch agus seoigh. Tóraíocht gluaisteán agus cos trí Bherlin deighilte na seascaidí. Smúit á bhaint as an mbóthar ag na seanmhótair, aicsean snasta agus carúlacha grinn á gcaitheamh ar dalladh. Ina dhiaidh sin, téann rudaí ar bhóléigear orainn agus níorbh fhada gur taibhsíodh nach raibh anseo ach drochscáil Bond. Seachas an radharc tosaigh úd, ní raibh aon rud eisceachtúil faoi na radharcanna aicsin agus thosaigh rudaí ag imeacht chun leadráin ar fad i dtreo an deiridh.

An choiscéim bhacaí is mó atá sa scannán ná an caidreamh idir an bheirt cheann feadhna. Níl aon oidhre ar Solo ach éan a bheadh á chuibhriú féin agus sleaiseanna á gcaitheamh aige. Is léir gurb é Cavill laoch na huaire in Hollywood mar go bhfuil sé mar cheann feadhna sa chnuasach The Justice League. Léirítear Illya mar saghas síceapatach a dtagann riastradh feirge air ar hap an tairne. Tá cuar scéalaíochta na beirte seanchaite agus ní dhéanann an t-imeartas eatarthu an t-easnamh sin a chúiteamh.

Sna teidil chreidiúna ag an tús, úsáidtear cinn línte nuachta le sinn a thabhairt siar go tréimhse go raibh an Eoraip ar imeall na haimléise. Is cinnte go bhfuiltear ag iarraidh adhmad a bhaint as an maoithneachas don tréimhse úd.

Baintear súp as na seascaidí a léiriú: na cairteacha, éadaí, spéaclaí gréine srl. Ar uairibh, rith sé liom gurbh iad seo an chloch is mó ar phaidrín an stiúrthóra seachas an scéal agus na carachtair.

Bhí a fhios ag madraí an bhaile go rabhthas ag iarraidh cnuasach a chur ar a bhonnaibh leis an saothar seo. Dar liom gur buille marfach é, áfach, mar nach bhfuil ann ach táirge uiscealach a ligfear i ndearmad.

Fág freagra ar 'Níos mó béime ar na spéaclaí gréine seachas ar an scéal'