Níos lú ná 1% de shuíomhanna idirlín fhormhór na bpáirtithe móra i nGaeilge

10% de shuíomh an Chomhaontais Ghlais a bhí i nGaeilge ach ní raibh ach 2% dá suíomh i nGaeilge ag an bpáirtí a bhí sa dara háit, Sinn Féin

Níos lú ná 1% de shuíomhanna idirlín fhormhór na bpáirtithe móra i nGaeilge

Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar shuíomh idirlín an Chomhaontais Ghlais ná mar atá ag na príomhpháirithe polaitiúla eile, de réir anailíse nua.

An tOllamh Kevin Scannell, an saineolaí aitheanta ar úsáid na Gaeilge ar líne, a chuir an t-eolas ar fáil, eolas a léiríonn go bhfuil níos lú ná 1% de shuíomhanna fhormhór na bpáirtithe i nGaeilge.

10% Gaeilge a bhí i gceist i gcás an Chomhaontais Ghlais, an páirtí is fearr a chruthaigh ó thaobh úsáid na teanga ar a suíomh, ach ní raibh ach 2% dá suíomh i nGaeilge ag an bpáirtí a tháinig sa dara háit, Sinn Féin.

Níos lú ná 1% a bhí i gceist le suíomhanna na bpáirtithe eile – Fianna Fáil, Fine Gael, na Daonlathaigh Shóisialta, Pobal Roimh Bhrabús agus Páirtí an Lucht Oibre.

Céatadán shuíomhanna na bpáirtithe atá i nGaeilge
An Comhaontas Glas 10%
Sinn Féin 2%
Fine Gael < 1%
Fianna Fáil < 1%
Páirtí an Lucht Oibre < 1%
Na Daonlathaigh Shóisialta < 1%
Pobal Roimh Bhrabús < 1%

Beidh cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar airí de chuid an Chomhaontais Ghlais agus Fhianna Fáil sa chomhrialtas nua.

Leascheannaire an pháirtí, an Teachta Dála Catherine Martin, atá ceaptha ina hAire sa Roinn Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Spóirt, Cultúir agus Gaeltachta.

Fógraíodh aréir go raibh Príomh-Aoire an Rialtais nua Dara Calleary, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, ceaptha ina Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt.

Thug Catherine Martin gealltanas go mbeidh sí féin agus Dara Calleary “ag obair as lámha a chéile” ar son na teanga.

Fág freagra ar 'Níos lú ná 1% de shuíomhanna idirlín fhormhór na bpáirtithe móra i nGaeilge'