Níos lú ceisteanna le freagairt agus rogha idir filíocht agus prós do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge

Tá roinnt athruithe déanta ar an scrúdú Gaeilge agus ar scrúduithe eile na hArdteiste ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit 

Níos lú ceisteanna le freagairt agus rogha idir filíocht agus prós do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge

Beidh níos lú ceisteanna ná mar a bhíodh de ghnáth le freagairt ag daltaí a thabharfaidh faoi scrúdú ardleibhéil scríofa na Gaeilge san Ardteist i mbliana.

Tá roinnt athruithe déanta ar an scrúdú Gaeilge agus ar scrúduithe eile ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus iarracht déanta na deacrachtaí a chruthaigh paindéim an Covid-19 a chúiteamh le daltaí.

Fágann na hathruithe ar Pháipéar II don scrúdú ardleibhéil sa Ghaeilge nach mbeidh ach trí cheist le freagairt ag daltaí seachas ceithre cinn agus go mbeidh rogha acu idir ceisteanna a fhreagairt ar an bhfilíocht nó ar an bprós. Fágann seo nach gá do dhalta Ardteiste aon cheist a fhreagairt i mbliana ar cheann amháin acu – filíocht nó prós. 

Cé go bhfuil laghdú déanta ar líon na gceisteanna a gcaithfear tabhairt fúthu, níl aon chiorrú déanta ar an am a bheidh ag daltaí leis an scrúdú a dhéanamh.

Deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit nach bhfuil aon ábhar breise curtha le scrúduithe na bliana seo agus, den chuid is mó, nach bhfuil aon ábhar bainte díobh, cé nach mbeidh ar dhaltaí an mhéid chéanna ceisteanna a fhreagairt.

Ní bheidh aon athrú ar Pháipéar I de scrúdú Ardleibhéil na Gaeilge in 2021 agus deirtear nach raibh aon bhealach “féaráilte” ann a bhféadfaí aon leasú a dhéanamh air. Bronnfar 60 marc ar an gCluastuiscint agus 100 marc a bheidh ar fáil don Cheapadóireacht.

Beidh roinnt leasuithe i gceist ar Pháipéar II, áfach. Ceithre cheist a bheidh ar an bpáipéar i gcónaí ach beidh rogha níos mó ag daltaí sa bhfreagairt.

De ghnáth, bíonn dhá Léamhthuiscint le déanamh ag daltaí i gCeist 1. I mbliana  ní bheidh le déanamh ag an iarrthóir ach ceann acu, A nó B. Beidh 50 marc san iomlán ag gabháil le Ceist 1 agus beidh leagan amach na sleachta agus líon na gceisteanna ar gach sliocht léamhthuisceana mar a bhíonn siad gach bliain.

I rannóg na litríochta ar an bpáipéar, bhíodh trí cheist le déanamh ag daltaí de ghnáth – ceist amháin ar an bPrós Ainmnithe nó ar an bPrós Roghnach agus  ceist amháin eile ar an bhFilíocht Ainmnithe nó an Fhilíocht Roghnach. Bhíodh ceist amháin eile le freagairt ar an Litríocht Bhreise.

I mbliana, beidh rogha ag na daltaí ceist filíochta a dhéanamh nó ceist ar an bprós, roghnach nó ainmnithe.  Is ionann marc do gach ceist, 30 marc an ceann.

Ní bheidh aon athrú i mbliana ar an gceist litríochta eile, An Litríocht Bhreise, agus caithfidh daltaí an cheist sin a fhreagairt ar 40 marc.

Fágann na hathruithe seo go leasófar an marc iomlán atá ag gabháil le Páipéar II ó 200 marc go dtí 120 marc. Méadófar an marc a fhaigheann dalta i bPáipéar II faoi 1.67 (200÷120) sula gcuirfear é leis na marcanna ón gcuid eile den scrúdú.

Don scrúdú gnáthleibhéil sa Ghaeilge, ní bheidh aon leasú ar Pháipéar I in 2021 ach an oiread. I bPáipéar II, ní bheidh ar iarrthóirí ach dhá cheist as Roinn na Litríochta a fhreagairt seachas na ceithre cheist a bhíonn le freagairt de ghnáth.

Ag an mbonnleibhéal sa nGaeilge, tasc scríbhneoireachta amháin a bheidh le déanamh ag iarrthóirí seachas péire.

Ní taobh le Gaeilge na hathruithe seo mar tá athruithe fógartha ar fhormhór na scrúduithe scríofa d’Ardteist na bliana seo agus rogha níos leithne tugtha do dhaltaí.

Don scrúdú ardleibhéil sa Bhéarla, ní bheidh sé éigeantach ag daltaí ceist a fhreagairt ar dhráma de chuid Shakespeare, cé gur féidir leo an dráma sin a roghnú más fearr leo agus beidh rogha de chúigear filí acu, seachas ceathrar.

Ceist amháin a bheidh le freagairt sa chéad chuid de Pháipéar I, seachas péire, agus ní bheidh ar dhaltaí ach ceisteanna in dhá mhír a fhreagairt, seachas trí cinn mar is gnáth i bPáipéar II.

D’fhógair an Roinn Oideachais treoir nua maidir le reáchtáil bhéaltrialacha na hArdteiste an tseachtain seo caite. Dúradh gur ‘agallaimh’ a bheadh i gceist i mbliana, seachas scrúduithe cainte nó béaltrialacha.

Reáchtálfaidh na scoileanna na hagallaimh idir an 26 Márta agus an 15 Aibreán taobh amuigh d’uaireanta ranga agus an Coimisiún Scrúduithe a mharcálfaidh taifeadtaí na scoile.

Fág freagra ar 'Níos lú ceisteanna le freagairt agus rogha idir filíocht agus prós do scrúdú ardleibhéil na Gaeilge'