Níos lú básanna le Covid-19 fógartha san Iodáil ná aon lá eile le coicís

Thit líon na gcásanna nua den choróinvíreas sa Spáinn don tríú lá as chéile

Níos lú básanna le Covid-19 fógartha san Iodáil ná aon lá eile le coicís

Bhí ábhar dóchais eile san Iodáil inniu agus líon na mbásanna a fógraíodh níos lú ná mar a fógraíodh aon lá eile ón 19 Márta i leith.

Tháinig laghdú chomh maith don dara lá as a chéile ar líon na n-othar a raibh dianchúram sna hospidéil ag teastáil uathu.

Fógraíodh bás 525 duine eile san Iodáil tráthnóna agus 15,887 duine ar fad atá básaithe sa tír is measa ar domhan atá buailte ag an bpaindéim.

Thit líon na gcásanna nua den choróinvíreas sa Spáinn don tríú lá as chéile, comhartha, meastar, go bhfuil ag éirí leis an srianta agus an scoitheadh sóisialta sa tír sin chomh maith.

6,023 cás nua a fógraíodh inniu sa Spáinn i gcomparáid le 7,026 cás nua inné agus 7,472 cás nua Dé hAoine.

Thit líon na mbásanna sa Spáinn don dara lá as a chéile – 674 bás a fógraíodh inniu i gcomparáid le 809 inné.

621 bás eile a fógraíodh inniu sa Ríocht Aontaithe agus 4,934 bás atá anois ann.

Dhein an rúnaí sláinte Matt Hancock diancháineadh ar dhaoine a dhein neamhaird den scoitheadh sóisialta an deireadh seachtaine seo. “Tá sibh ag cur bhur mbeatha féin agus beatha daoine eile i mbaol,” a dúirt sé.

Tá os cionn 320,000 cás den choróinvíreas deimhnithe anois i Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tír is mó sa domhan ina bhfuil cásanna deimhnithe.

Thug Uachtarán Mheiriceá Donald Trump rabhadh don phobal go raibh “an tseachtain is uafásaí fós” amach rompu agus go mbeadh “go leor básanna ann, faraor”.

Dúirt Gobharnóir Nua-Eabhrac Andrew Cuomo go raibh laghdú tagtha den chéad uair le cúpla lá anuas ar líon na mbásanna agus líon na ndaoine ar theastaigh cúram ospidéil uathu. Dúirt sé, áfach, go raibh sé róluath a rá cén fáth é sin. 4,159 duine a bhí buailte le Covid-19 atá básaithe i Nua-Eabhrac.

De réir an áirimh atá á dhéanamh ag Ollscoil Johns Hopkins tá os cionn 1.25 milliún cás den choróinvíreas deimhnithe sa domhan agus tá os cionn 65,000 duine le Covid-19 básaithe.

Tá 200 céad duine a raibh Covid-19 orthu básaithe in Éirinn, 137 duine ó dheas den teorainn agus 63 duine ó thuaidh di.

Thuairiscigh an Irish Times tráthnóna go raibh an Taoiseach Leo Varadkar cláraithe mar dhochtúir arís agus go bhfuil sé i gceist aige seal amháin a chur isteach in aghaidh na seachtaine le linn na géarchéime.

 

Fág freagra ar 'Níos lú básanna le Covid-19 fógartha san Iodáil ná aon lá eile le coicís'