Níos iontaí fós a éireoidh an fiosrú faoin RHI…

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag éisteachtaí an fhómhair d’fhiosrú an RHI don DUP agus do bhisiúlacht Arlene Foster mar cheannaire

Níos iontaí fós a éireoidh an fiosrú faoin RHI…

Stormont mífheidhmiúil. Seans go bhfuil an aidiacht sin rómhúinte i bhfianaise a bhfuil cloiste ag Binse fiosraithe an Bhreithimh Coghlin faoin RHI le míonna anuas.

Níor mhaise ar an DUP ná na feidhmeannaigh a bhí freagrach as an bpraiseach de scéim fuinnimh inathnuaite é an t-eolas a tháinig chun solais ag na héisteachtaí. Tá an fiosrú ar fionraí le haghaidh saoire an tsamhraidh ach nuair a fhillfidh sé sa bhfómhar déanfar grinnscrúdú ar an DUP agus conas a láimhseáil Arlene Foster, an tAire a bhí freagrach as bunú na scéime, a comharba Jonathan Bell agus comhairleoirí neamhthofa an pháirtí, na SPADs, gnóthaí nuair ba léir go raibh costas ollmhór as cuimse ag baint leo.

’Sé croí an scannail conas a tharla sé gur cuireadh moill ar shrianta ar chaiteachas in 2015. Bhí a fhios sa Mhárta go raibh an buiséad sáraithe ach thóg sé ocht mí srianta a thabhairt isteach. Le linn na tréimhse sin agus moilleadóireacht ar siúl, bhí méadú ollmhór ar líon na ndaoine a chuir coirí ina mbothanna (botháin sicíní den chuid is mó) ar an ráta ard, iad ag dul isteach sa scéim sula laghdófaí an deontas. An raibh cairde sa gcúirt ag tabhairt aire dá ngaolta agus dá lucht tacaíochta nó ar mhí-éifeacht ar fad faoi ndear é?

Go hachomair, bhunaigh rialtas na Breataine scéim RHI do ghnólachtaí in 2011chun astaíocht charbóin a laghdú. Chuir siad maoiniú ar fáil do Stormont chun an rud céanna a dhéanamh. Sa Bhreatain bhí teorainn £192,000 i gcaitheamh 20 bliain ar dheontais. Níor cuireadh na teorainneacha a bhí i réim sa Bhreatain i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann; ceadaíodh deontas níos mó ná costas na millíní adhmaid –an fuinneamh bithmhaise.

Dá bhrí sin rith daoine áirithe a gcoirí lá agus oíche, cuid acu i mbothanna ina raibh doirse agus fuinneoga ar oscailt. Murab ionann agus an teacht isteach sa Bhreatain bheadh níos mó ná a cheithre oiread le saothrú ag úsáideoir abhus i gcaitheamh 20 bliain- £860,000. Nuair a chuir an Bhreatain in iúl do Stormont ag deireadh 2015 go gcaithfidís féin íoc as an róchaiteachas áiríodh go gcosnódh an RHI idir £500,000 agus £700,000 i gcaitheamh scór bliain. Cuireadh bac ar úsáideoirí nua in 2016. Bunaíodh an Fiosrú anuraidh nuair a bhí Stormont ag titim agus Arlene Foster ag diúltú seasamh i leataobh fad is a scrúdófaí an phraiseach.

Thug Arlene Foster fianaise gur mhol sí féin agus í ina hAire Fiontair an scéim don Tionól gan an reachtaíocht a léamh. Shínigh sí an t-ordú ag rá gur luach maith ar airgead poiblí é cé nach raibh a fhios aici cén costas a bhain leis. ‘Ní cuimhin liom’ nó ‘bhí mé ag brath ar fheidhmeannaigh’ na freagraí a bhí aici ar cheisteanna eile. Beidh sí ar ais os comhair an Bhinse sa bhfómhar chun déileáil leis na ceisteanna faoin moill – tréimhse ina raibh sise ina hAire Airgeadais. Bhí aighneas poiblí idir í féin agus a comhghleacaí Jonathan Bell faoi cé a bhí freagrach- beidh suim mhór san chéad dreas eile eatarthu ag an bhFiosrú sa bhfómhar. Tá Bell ruaigthe as an DUP.

Fuaireamar amach nár coinníodh miontuairiscí ar chruinnithe – sárú ar scothchleachtais riaracháin phoiblí. Dúirt ceannasaí na státseirbhíse gur bunaíodh an nós mar nár mhian leis an DUP ná le Sinn Féin eolas a bheith ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Shéan iar-airí gur thug siad a leithéid de threoir ach cibé cúis a bhí leis bhí an nós forleathan. Níorbh é sin an t-aon smál ar an státseirbhís i Stormont a tháinig chun solais, tugadh fianaise chomh maith go mbíodh eolas tráchtála íogair á thabhairt do pháirtithe leasmhara, i measc rudaí eile.

Sceith SPAD (comhairleoir speisialta) eolas freisin. Dúirt an Dr Andrew Crawford gur sheol sé cáipéis íogair chuig a chol ceathrar ach nárbh aon bhuntáiste dá fhear gaoil í. Sheol sé eolas ag daoine eile, ina measc mac Peter Robinson a bhfuil gnó caidreamh poiblí aige agus an comhlacht mór Moy Park a cheannaíonn na sicíní ó fheirmeoirí. (Chuir státseirbhísigh Moy Park, ceann de phríomhfhostóirí an tuaiscirt, ar an eolas chomh maith). Tá a fhios anois gur ghríos Moy Park feirmeoirí chun páirt a ghlacadh i scéim an RHI agus gur laghdaigh siad praghas na sicíní mar go raibh deontais mhóra á bhfáil ag na soláthraithe.

Níl sa mhéid sin ach blaiseadh den fhianaise ar léirigh an Breitheamh Coghlin agus a chomhghleacaithe iontas faoi. Bhí alltacht orthu faoin easpa taifead agus faoin bhainistiú liopasta. B’fhacthas dóibh gur chuma le Stormont faoin gcostas mar gur shíl siad go n-íocfadh Whitehall as, dearcadh a dhearbhaigh Andrew Crawford.

D’éirigh leis an bhFiosrú a theacht ar ghutháin póca chomhairleoirí speisialta an DUP agus ar na teachtaireachtaí téacs a bhí orthu. Beidh siad sin á scrúdú sa bhfómhar. Cuirfear suim thar na bearta iontu. An léireofar go bhfuil bunús leis an mbarúil gurbh é an DUP mar pháirtí a rith ranna rialtais seachas na hAirí a raibh an fhreagracht dhlíthiúil sin orthu? Cuirfear spéis chomh maith in aon fhianaise eile faoi iompar agus nósanna imeachta na státseirbhíse, go háirithe ós státseirbhísigh atá i gceannas cheal Feidhmeannas a bheith ag feidhmiú.

Ina theannta sin beidh ciallachais thromchúiseacha ag éisteachtaí an fhómhair don DUP fré chéile agus do bhisiúlacht Arlene Foster mar cheannaire polaitiúil. Ní bheidh Sinn Féin saor ó cháim ach an oiread; bhí siad toilteanach glacadh le scrúdú inmheánach ar an RHI go dtí gur chuir an pobal brú orthu. Agus an raibh na páirtithe eile ar fad dall ar mhí-úsáid na scéime, deirtear go raibh a fhios ag cait an bhaile faoi.

An mbeidh muinín ag daoine gur fiú Stormont a athnuachan?

Fág freagra ar 'Níos iontaí fós a éireoidh an fiosrú faoin RHI…'